Skip to main content

Warning notification:Warning

Unfortunately, you are using an outdated browser. Please, upgrade your browser to improve your experience with HSE. The list of supported browsers:

  1. Chrome
  2. Edge
  3. FireFox
  4. Opera
  5. Safari

Vacsaíniú in aghaidh COVID-19 le linn toirchis

Molaimid 1 dáileog den vacsaín in aghaidh COVID-19 a fháil le linn do thoirchis más rud é go bhfuil:

I gcás daoine áirithe a bhfuil córas lag imdhíonachta orthu, d’fhéadfadh sé go mbeadh 2 dháileog den vacsaín in aghaidh COVID-19 ag teastáil uathu le linn toirchis.

Má tá tú ag iompar clainne agus más mian leat vacsaín in aghaidh COVID-19 a fháil, déan teagmháil le do dhochtúir teaghlaigh nó le d’fhoireann cúraim sláinte.

Is í an vacsaín Comirnaty (a dhéanann Pfizer) an vacsaín in aghaidh COVID-19 a úsáidimid.

Déantar monatóireacht ghéar ar shábháilteacht na vacsaíní in aghaidh COVID-19. Tá an vacsaín in aghaidh COVID-19 slán sábháilte le linn toirchis.

Mura bhfuair tú vacsaín in aghaidh COVID-19 riamh

Mura bhfuair tú vacsaín in aghaidh COVID-19 riamh roimhe seo, is féidir leat an vacsaín a fháil ag am ar bith le linn do thoirchis.

Is é an t-am is fearr ná idir 20 agus 34 seachtain den toircheas.

Faigheann formhór na ndaoine 1 dáileog. Má tá córas lag imdhíonachta ort, seans go mbeidh ort 2 dháileog a fháil.

Cén chaoi an vacsaín a fháil

Chun an vacsaín a fháil, is féidir leat:

  • dul chuig dochtúir teaghlaigh a thairgeann an vacsaíniú in aghaidh COVID-19
  • dul chuig cógaslann rannpháirteach

Na vacsaíní a mholtar le linn toirchis

Moltar vacsaíní in aghaidh COVID-19 do mhná áirithe le linn toirchis.

Molaimid vacsaíní eile freisin d’fhormhór na mban le linn toirchis:

  • an vacsaín fliú - ar fáil ó Dheireadh Fómhair go hAibreán gach bliain
  • an vacsaín treacha (Pertussis)

Má fhaigheann tú na vacsaíní a mholtar le linn toirchis, cabhraíonn sé sin le tú féin agus do leanbh a chosaint ar bhreoiteacht thromchúiseach.

Na vacsaíní a theastaíonn le linn toirchis

Má fuair tú an vacsaín in aghaidh an víris bolgaí moncaí le déanaí

Má fuair tú an vacsaín in aghaidh an víris bolgaí moncaí le déanaí, fan go ceann 4 seachtaine roimh vacsaín in aghaidh COVID-19 a fháil.

Beart réamhchúraim is ea é seo toisc nach eol an bhfuil baol miócairdítis ann. Is riocht athlastach croí é an miócairdíteas.

Vacsaín in aghaidh an víris bolgaí moncaí

Beathú cíche agus na vacsaíní in aghaidh COVID-19

Tá sé sábháilte an vacsaín in aghaidh COVID-19 a fháil má tá tú i mbun beathú cíche. Is féidir leat leanúint ar aghaidh le beathú cíche mar is gnách tar éis duit an vacsaín a fháil.

Fo-iarmhairtí agus sábháilteacht na vacsaíní in aghaidh COVID-19

Sláinte agus stíl mhaireachtála agus tú ag beathú cíche


This content was fact checked by vaccine experts working in Ireland.

Athbhreithniú deireanach ar an leathanach: 21/09/2026
Le hathbhreithniú arís: 21/09/2029