Má tá tú ag iompar i séasúr an fhliú, ba cheart duit an vacsaín fliú a fháil.
Is féidir leat an vacsaín a fháil saor in aisce ó dhochtúir teaghlaigh nó ó chógaslann nuair a bhíonn sí ar fáil.
Cén fáth ar cheart duit an vacsaín fliú a fháil
Nuair atá tú ag iompar clainne, tá baol níos mó ann go mbeidh aimhréidheanna tromchúiseacha ort má bhuaileann an fliú thú.
Is í an vacsaín fliú an chosaint is fearr dá bhfuil ann duit in aghaidh an fhliú le linn do thréimhse thoirchis. Is féidir leis an vacsaín cosaint a thabhairt do do leanbh freisin sna chéad mhíonna tar éis na breithe.
Sábháilteacht
Tá an vacsaín fliú slán sábháilte do mhná atá ag iompar clainne. Tá vacsaíní fliú in úsáid le linn toirchis le breis agus 50 bliain.
Molann an Coiste Comhairleach Náisiúnta um Imdhíonadh (NIAC) an vacsaín fliú do gach bean atá ag iompar clainne, i ngach toircheas, i séasúr an fhliú.
Cathain ba cheart an vacsaín fliú a fháil
Bíonn an vacsaín fliú ar fáil ó Dheireadh Fómhair gach bliain.
Is féidir leat an vacsaín fliú a fháil ag céim ar bith de do thréimhse thoirchis. Bíodh sin mar atá, moltar duit í a fháil chomh luath i do thoircheas agus is féidir leat.
Dá luaithe a fhaigheann tú an vacsaín, is luaithe a bheidh tú cosanta.
Athraíonn na tréithchineálacha fliú gach bliain. Má fuair tú vacsaín fliú sa séasúr fliú roimhe seo, ba cheart duit an vacsaín fliú a fháil an séasúr seo.
Fo-iarmhairtí
Tar éis duit an vacsaín a fháil, b’fhéidir go mbeadh roinnt fo-iarmhairtí éadroma ort.
I measc na bhfo-iarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ann tá:
- pian, deirge nó at san áit ar tugadh an t-instealladh duit
- tinneas cinn
- tinneas agus pianta
- tuirse
Má thagann aon cheann de na fo-iarmhairtí sin ort, glac paraicéiteamól agus lig do scíth. Tá paraicéiteamól sábháilte le linn toirchis chun fiabhras a choinneáil ó dhoras.
Is iondúil go mbíonn frithghníomhuithe éadrom, agus is an-annamh a fheictear fo-iarmhairtí tromchúiseacha ar nós frithghníomhuithe ailléirgeacha tromchúiseacha.
Is eol do do dhochtúir teaghlaigh nó do do chógaiseoir cén chaoi déileáil le frithghníomhuithe ailléirgeacha.
Má bhíonn tú tinn tar éis na vacsaíne, labhair le dochtúir teaghlaigh. B'fhéidir nach fo-iarmhairt de chuid na vacsaíne is cúis leis.
Aimsigh an bhileog eolais d'othair
Is féidir leat teacht ar na bileoga eolais d’othair do na vacsaíní ar líne. Is iad Vaxigrip nó Influvac ainmneacha na vacsaíní fliú do dhaoine fásta.
Cén chaoi teacht ar do bhileog eolais d’othair ar líne
Fo-iarmhairtí a thuairisciú
Má cheapann tú go bhfuil fo-iarmhairtí ort de bharr vacsaíne, is féidir leat iad a thuairisciú don Údarás Rialála Táirgí Sláinte (HPRA).
Is féidir le do dhochtúir, le d'altra, le do chógaiseoir nó le duine de do mhuintir an fho-iarmhairt a thuairisciú don HPRA freisin.
Tuairiscigh iarmhairtí díobhálacha don Údarás Rialála Táirgí Sláinte - hpra.ie
Vacsaíní eile
Is féidir leat an vacsaín fliú a fháil ag an am céanna le vacsaíní eile le linn toirchis. Mar shampla, an vacsaín treacha.