Ba cheart do naíonáin agus do leanaí atá 6 mhí d’aois nó níos sine vacsaín in aghaidh COVID-19 a fháil más rud é go bhfuil:
- córas lag imdhíonachta orthu
- riocht sláinte orthu a fhágann go bhfuil ardriosca ann go mbeadh breoiteacht orthu dá dtolgfaidís COVID-19
Fiafraigh de dhochtúir teaghlaigh nó d’fhoireann cúraim sláinte do linbh an bhfuil an vacsaín in aghaidh COVID-19 ag teastáil ó do leanbh an fómhar seo nó an geimhreadh seo. Seans go mbeidh vacsaín ag teastáil uathu uair amháin nó dhá uair sa bhliain.
Ní mór do thuismitheoir nó do chaomhnóir dlíthiúil toiliú a thabhairt don vacsaíniú má tá leanbh faoi bhun 16 bliana d’aois.
Córas lag imdhíonachta agus vacsaíní in aghaidh COVID-19
An áit a bhfaighidh do leanbh an vacsaín
Is féidir le do leanbh dul faoi vacsaíniú ar roinnt bealaí éagsúla ag brath ar a aois.
Is féidir le daoine óga atá 12 bhliain d’aois nó os a chionn:
- dul chuig dochtúir teaghlaigh a thairgeann an vacsaíniú in aghaidh COVID-19
- dul chuig cógaslann rannpháirteach
I gcás daoine atá faoi bhun 16 bliana d'aois, ní mór dóibh dul faoi vacsaíniú in éineacht le tuismitheoir nó caomhnóir dlíthiúil.
Is féidir leat glao a chur ar HSE Live lena fháil amach cén áit i do cheantar ar féidir vacsaíní a fháil.
Saorghlao: 1800 700 700
Má tá do leanbh faoi bhun 12 bhliain d’aois
Ní mór coinne a bheith ag leanaí atá faoi bhun 12 bhliain d’aois chun an vacsaín in aghaidh COVID-19 a fháil.
Chun coinne a dhéanamh do do leanbh, cuir glao ar HSE Live ag an uimhir shaorghlao 1800 700 700. Inis dóibh má fuair do leanbh vacsaíní eile le déanaí.
Mura bhfuair do leanbh vacsaín in aghaidh COVID-19 riamh
Mura bhfuair do leanbh vacsaín in aghaidh COVID-19 riamh roimhe seo, iarr comhairle ar dhochtúir teaghlaigh.
Is féidir leo cabhrú leat cinneadh a dhéanamh an bhfuil vacsaín in aghaidh COVID-19 ag teastáil ó do leanbh.
Má tá nó má bhí COVID-19 ar do leanbh, fág 4 seachtaine ar a laghad idir an t-ionfhabhtú agus an chéad vacsaín in aghaidh COVID-19 a fháil.
Má fhaigheann do leanbh vacsaíní eile
Má tá do leanbh idir 6 mhí agus 4 bliana d’aois, an dá aois sin san áireamh, fág 14 lá idir na gnáthvacsaíní agus an vacsaín in aghaidh COVID-19.
Fág 4 seachtaine idir an vacsaín in aghaidh an víris bolgaí moncaí agus an vacsaín in aghaidh COVID-19. Beart réamhchúraim is ea é seo toisc go bhféadfadh baol miócairdítis a bheith ann.
Vacsaín in aghaidh an víris bolgaí moncaí
Fo-iarmhairtí
Is féidir le vacsaíní in aghaidh COVID-19 a bheith ina gcúis le fo-iarmhairtí. Bíonn an chuid is mó de na fo-iarmhairtí éadrom nó measartha i leanaí, agus ní mhaireann siad i bhfad.
I measc na bhfo-iarmhairtí a fheictear, tá pian sa ghéag láimhe, fiabhras agus tuirse.
Fo-iarmhairtí agus sábháilteacht na vacsaíní in aghaidh COVID-19