Skip to main content

Warning notification:Warning

Unfortunately, you are using an outdated browser. Please, upgrade your browser to improve your experience with HSE. The list of supported browsers:

  1. Chrome
  2. Edge
  3. FireFox
  4. Opera
  5. Safari

Fo-iarmhairtí agus sábháilteacht na vacsaíní in aghaidh COVID-19

Is í vacsaín Comirnaty an vacsaín in aghaidh COVID-19 a mholtar d'fhormhór na ndaoine in Éirinn.

Is vacsaín mRNA í vacsaín Comirnaty agus is é Pfizer a mhonaraíonn í.

Fo-iarmhairtí vacsaín Comirnaty

Amhail gach cógas, is féidir le vacsaíní in aghaidh COVID-19 a bheith ina gcúis le fo-iarmhairtí.

Tá an chuid is mó de na fo-iarmhairtí éadrom nó measartha, agus ní mhaireann siad i bhfad. Ní thagann fo-iarmhairtí ar gach duine.

Má tá imní ort faoi fho-iarmhairtí, téigh i dteagmháil le dochtúir teaghlaigh le comhairle a fháil.

Fo-iarmhairtí an-choitianta

D'fhéadfadh fo-iarmhairtí an-choitianta a bheith ar ní ba mhó ná duine amháin as gach deichniúr.

I measc na bhfo-iarmhairtí an-choitianta tá:

  • frithireacht nó at sa ghéag láimhe inar tugadh an vacsaín duit
  • tuirse
  • tinneas cinn
  • pian sna matáin
  • pian sna hailt
  • buinneach
  • fiabhras (teocht 38 céim Celsius nó os a chionn)
  • crith fuachta

I gcás leanaí idir 6 mhí agus 4 bliana d'aois, is fo-iarmhairtí an-choitianta iad a bheith cancrach nó codlatach.

Fo-iarmhairtí coitianta

D'fhéadfadh fo-iarmhairtí coitianta a theacht ar suas le duine amháin as gach deichniúr.

I measc na bhfo-iarmhairtí coitianta tá:

  • samhnas
  • urlacan
  • deirge ar do ghéag láimhe san áit ar tugadh an vacsaín duit

Aimsigh an bhileog eolais d'othair

Tá fo-iarmhairtí féideartha eile ag vacsaín Comirnaty.

Is féidir leat liosta iomlán de na fo-iarmhairtí a fháil san fhaisnéis a chuireann an monaróir ar fáil, mar shampla:

  • an bhileog eolais d’othair (PIL)
  • an achoimre ar shaintréithe táirge (SPC)

Cén chaoi teacht ar do bhileog eolais d’othair ar líne

Is féidir leat teacht ar an SPC ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí (EMA).

an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) - ema.europa.eu

Fo-iarmhairtí an-annamh

Is fíorannamh a bhíonn fo-iarmhairtí tromchúiseacha ann. Tá oiliúint curtha ar do vacsaíneoir chun frithghníomhuithe ailléirgeacha a chóireáil.

An miócairdíteas agus an peireacairdíteas

Is fo-iarmhairtí an-annamh a bhaineann le vacsaín Comirnaty iad miócairdíteas agus peireacairdíteas.

D'fhéadfadh fo-iarmhairtí an-annamh a theacht ar suas le duine amháin as gach 10,000.

Is riochtaí athlastacha croí iad an miócairdíteas agus an peireacairdíteas.

D'fhéadfadh sé gur mó an seans go dtarlódh miócairdíteas agus peireacairdíteas:

  • i bhfir óga
  • tar éis an dara dáileog den chéad chúrsa den vacsaín
  • laistigh de 14 lá tar éis an vacsaín a fháil

Urgent advice: Faigh cabhair leighis ar bhonn práinne má

bhíonn aon cheann de na comharthaí seo a leanas ort sna huaireanta nó sna laethanta tar éis vacsaín in aghaidh COVID-19:

  • giorra anála
  • éirí croí (buille láidir croí a d'fhéadfadh a bheith neamhrialta)
  • pian sa chliabhrach

Cé na daoine nár cheart dóibh an vacsaín seo a fháil

Is féidir le formhór na ndaoine vacsaín Comirnaty in aghaidh COVID-19 a fháil go slán sábháilte.

Cuirfidh an vacsaíneoir ceisteanna ort chun a sheiceáil an bhfuil sé sábháilte duit an vacsaín a fháil.

Ní mholtar vacsaín Comirnaty in aghaidh COVID-19 do dhaoine a raibh frithghníomhú trom ailléirgeach acu i leith:

  • comhábhar sa vacsaín, mar shampla gliocól poileitiléine (PEG)
  • dáileog roimhe sin de vacsaín mRNA in aghaidh COVID-19
  • trometamol – comhábhar i ruaim chodarsnach a úsáidtear sa scanadh ÍAM
  • aon chomhábhar sa vacsaín - tá liosta de na comhábhair sa bhileog eolais d’othair

Níor cheart duit vacsaín Comirnaty a fháil má dúirt dochtúir leat gan vacsaín mRNA in aghaidh COVID-19 a fháil ar chúiseanna leighis.

I measc na vacsaíní mRNA in aghaidh COVID-19 tá vacsaín Comirnaty (Pfizer) agus vacsaín Spikevax (Moderna).

Cathain ba cheart duit labhairt le do dhochtúir

Labhair le do dhochtúir teaghlaigh nó le do dhochtúir comhairleach sula bhfaighidh tú vacsaín in aghaidh COVID-19:

  • má bhí frithghníomhú trom ailléirgeach (anaifiolacsas) agat roimhe seo i leith aon vacsaín nó cógas eile
  • má tháinig miócairdíteas agus peireacairdíteas ort tar éis dáileog eile de vacsaín in aghaidh COVID-19
  • má tá riocht darb ainm mastaicíotóis ort
  • má tá tú ag aireachtáil an-dona

Siondróm Athlastach Ilchórais (MIS-C)

Is féidir le leanaí a raibh MIS-C orthu roimhe seo vacsaín in aghaidh COVID-19 a fháil má bhaineann an dá rud seo leo:

  • tá an leanbh tar éis teacht chuige féin ó MIS-C
  • tá 90 lá ar a laghad caite ó fuarthas diagnóis MIS-C

Vacsaín in aghaidh an víris bolgaí moncaí

Fan 4 seachtaine idir an vacsaín in aghaidh an víris bolgaí moncaí agus aon vacsaín in aghaidh COVID-19. Beart réamhchúraim is ea é seo toisc go bhféadfadh baol miócairdítis a bheith ann.

Vacsaín in aghaidh an víris bolgaí moncaí

Vacsaíní eile in aghaidh COVID-19

Vacsaín mRNA í vacsaín Comirnaty in aghaidh COVID-19. Ní féidir le roinnt daoine vacsaín mRNA a fháil, nó roghnaíonn siad gan ceann a fháil.

Sa chás sin, moltar vacsaín Nuvaxovid (Novavax) de ghnáth.

An vacsaín Nuvaxovid (Novavax)

Níl vacsaín Nuvaxovid (Novavax) ar fáil in Éirinn.

Táimid ag iarraidh soláthairtí den vacsaín a fháil ach níl a fhios againn an mbeidh sí ar fáil nó cathain a bheidh.

Is féidir leat glaoch ar HSE Live agus iarraidh go ndéanfar teagmháil leat má thagann vacsaín Nuvaxovid (Novavax) ar fáil.

Saorghlao 1800 700 700

Céard atá le déanamh má bhíonn fo-iarmhairt ort

Labhair le do dhochtúir teaghlaigh má bhíonn aon fho-iarmhairtí ort tar éis vacsaín in aghaidh COVID-19.

Fiabhras tar éis vacsaíní in aghaidh COVID-19

Is féidir leat paraicéiteamól nó iobúpróifein a ghlacadh má tá na nithe seo a leanas ort:

  • fiabhras (teocht 38 céim Celsius nó os a chionn)
  • tinneas agus pianta

Lean na treoracha atá ar an mbosca nó ar an mbileog.

Má mhaireann d’fhiabhras níos mó ná 48 uair an chloig nó má bhíonn imní fós ort, labhair le do dhochtúir teaghlaigh.

Má tá tú torrach agus má tá fiabhras nó pianta ort, is féidir leat paraicéiteamól a ghlacadh.

Fiabhras i measc daoine fásta

Fo-iarmhairtí a thuairisciú

Is féidir leat fo-iarmhairtí a thuairisciú don Údarás Rialála Táirgí Sláinte (HPRA).

Is féidir le do dhochtúir teaghlaigh, le d'altra, le do chógaiseoir nó le duine de do theaghlach an fho-iarmhairt a thuairisciú don HPRA freisin.

Tuairiscigh frithghníomhuithe díobhálacha tar éis vacsaín in aghaidh COVID-19 - hpra.ie

Nuair a thuairiscíonn tú fo-iarmhairt

Tabhair an oiread faisnéise agus is féidir.

Luaigh baiscuimhir na vacsaíne má tá sí agat. Tá uimhir na baisce ar do chárta taifid vacsaíne.

Ní féidir leis an Údarás comhairle chliniciúil a chur ar fáil maidir le cásanna ar leith. Labhair le do dhochtúir nó le do chógaiseoir má bhíonn aon cheist leighis agat.


This content was fact checked by vaccine experts working in Ireland.

Athbhreithniú deireanach ar an leathanach: 21/09/2026
Le hathbhreithniú arís: 21/09/2029