Skip to main content

Warning notification:Warning

Unfortunately, you are using an outdated browser. Please, upgrade your browser to improve your experience with HSE. The list of supported browsers:

  1. Chrome
  2. Edge
  3. FireFox
  4. Opera
  5. Safari

Córas lag imdhíonachta agus vacsaíní in aghaidh COVID-19

Ba cheart duit vacsaín in aghaidh COVID-19 a fháil 2 uair sa bhliain má tá córas lag imdhíonachta ort.

Tá vacsaíní saor in aisce in aghaidh COVID-19 ar fáil san earrach agus san fhómhar.

Má tá córas lag imdhíonachta ort, is mó an baol go dtiocfaidh breoiteacht thromchúiseach ort má tholgann tú COVID-19. Tugann an vacsaín cosaint áirithe duit.

Déan teagmháil le do dhochtúir teaghlaigh nó le d’fhoireann cúraim sláinte mura bhfuil tú cinnte an bhfuil vacsaín in aghaidh COVID-19 ag teastáil uait.

Mura bhfuair tú vacsaín in aghaidh COVID-19 riamh

Tá 2 dháileog den vacsaín ag teastáil ó dhaoine a bhfuil córas lag imdhíonachta orthu agus nach bhfuair an vacsaín in aghaidh COVID-19 riamh cheana.

De ghnáth, bíonn na dáileoga:

  • 4 seachtaine óna chéile do dhaoine atá 5 bliana d’aois agus os a chionn
  • 8 seachtaine óna chéile do naíonáin agus do leanaí idir 6 mhí agus 4 bliana d’aois

D’fhéadfá an tríú dáileog a fháil tar éis 8 seachtaine má mholann speisialtóir duit é.

Má fhaigheann tú COVID-19, fan 4 seachtaine ar a laghad tar éis an ionfhabhtaithe sula bhfaighidh tú an vacsaín den chéad uair.

Cén chaoi vacsaín in aghaidh COVID-19 a fháil

Ag iompar clainne agus córas lag imdhíonachta ort

Má tá tú ag iompar clainne agus córas lag imdhíonachta ort, ba cheart duit an vacsaín a fháil.

Is féidir le do dhochtúir teaghlaigh nó le d’fhoireann cúraim sláinte comhairle a thabhairt duit faoi na dáileoga atá ag teastáil uait.

Vacsaíniú in aghaidh COVID-19 le linn toirchis

Sábháilteacht agus fo-iarmhairtí vacsaíní in aghaidh COVID-19

Tá na vacsaíní in aghaidh COVID-19 a úsáidtear in Éirinn ceadaithe ag an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA).

Sábháilteacht agus fo-iarmhairtí na vacsaíní in aghaidh COVID-19 a úsáidtear in Éirinn

Athbhreithniú deireanach ar an leathanach: 21/09/2026
Le hathbhreithniú arís: 21/09/2029