Warning notification:Warning

Unfortunately, you are using an outdated browser. Please, upgrade your browser to improve your experience with HSE. The list of supported browsers:

  1. Chrome
  2. Edge
  3. FireFox
  4. Opera
  5. Safari

Eolas faoin vacsaíniú in aghaidh COVID-19

Tá an vacsaíniú in aghaidh COVID-19 slán sábháilte agus éifeachtach. Tabharfaidh sé an chosaint is fearr duit ar bhreoiteacht thromchúiseach ó COVID-19.

Braitheann an modh vacsaínithe in aghaidh COVID-19 atá á mholadh duit ar d’aois agus ar cibé acu atá riosca níos airde ag baint le COVID-19 duit nó nach bhfuil.

I measc na modhanna sin tá:

Cá háit ar féidir leat do vacsaín a fháil?

Is féidir le daoine atá 12 bhliain d’aois nó os a chionn:

  • dul chuig cógaslann rannpháirteach
  • dul chuig a ndochtúir teaghlaigh má tá an vacsaíniú in aghaidh COVID-19 á thairiscint aige nó aici

Ní mór do leanaí atá faoi bhun 12 bhliain d’aois dul chuig ionad vacsaínithe nó chuig clinic siúil isteach. Ní ceadmhach dóibh dul faoi vacsaíniú i gclinic dochtúra teaghlaigh ná i gcógaslann.

Cén chaoi ar féidir le leanaí vacsaín in aghaidh COVID-19 a fháil?

I gcás daoine atá faoi bhun 16 bliana d’aois, ní mór dóibh freastal ar a gcoinne vacsaínithe in éineacht le tuismitheoir nó caomhnóir.

Cuir glao ar HSELive lena fháil amach cá háit ar féidir leat vacsaín a fháil i do cheantar nó cén dáileog atá ag dul duit. Saorghlao: 1800 700 700

Teanndáileog

Moltar an chéad teanndáileog:

  • do dhaoine atá 18 mbliana d’aois nó os a chionn
  • do dhaoine atá idir 5 bliana agus 11 bhliain d’aois a bhfuil córas lag imdhíonachta acu
  • agus tá sí ar fáil do gach duine atá 12 bhliain d’aois nó os a chionn

Teanndáileog den vacsaín in aghaidh COVID-19

Information:

Tá teanndáileoga séasúracha á gcur ar fáil anois do dhaoine áirithe a bhfuil riosca níos airde ag baint le COVID-19 dóibh.

Cé na daoine ar féidir leo teanndáileog a fháil?

Dáileog 1, dáileog 2, nó dáileog 3 a fháil

Tá an chéad bhabhta vacsaínithe dírithe orthu siúd nach bhfuil vacsaín in aghaidh COVID-19 faighte acu go fóill.

Ní mór duit a bheith 6 mhí d’aois nó os a chionn chun an chéad bhabhta vacsaínithe in aghaidh COVID-19 a fháil.

30 bliain d’aois nó os a chionn

Teastaíonn 2 dháileog ó dhaoine atá 30 bliain d’aois nó os a chionn le haghaidh an chéad bhabhta vacsaínithe in aghaidh COVID-19. Tugtar an dara dáileog 4 seachtaine tar éis dháileog 1.

Má bhí COVID-19 ort

Roimh duit vacsaín in aghaidh COVID-19 a fháil, fan go ceann 4 seachtaine ar a laghad ón uair a fuair tú an toradh deimhneach nó ón uair a tháinig na siomptóim ort den chéad uair.

Daoine idir 5 bliana agus 29 bliain d’aois

Teastaíonn 2 dháileog ó dhaoine atá idir 5 bliana d’aois agus 29 bliain d’aois le haghaidh an chéad bhabhta vacsaínithe in aghaidh COVID-19. Tugtar an dara dáileog 8 seachtaine tar éis dháileog 1.

Má bhí COVID-19 ort

Roimh duit vacsaín in aghaidh COVID-19 a fháil, fan go ceann 8 seachtaine ar a laghad ón uair a fuair tú an toradh deimhneach nó ón uair a tháinig na siomptóim ort den chéad uair.

6 mhí go 4 bliana d’aois

Teastaíonn 3 dháileog ó leanaí idir 6 mhí agus 4 bliana d’aois le haghaidh an chéad bhabhta vacsaínithe in aghaidh COVID-19.

I gcás an aoisghrúpa seo:

  • tugtar an dara dáileog 3 seachtaine tar éis na chéad dáileoige
  • tugtar an tríú dáileog 8 seachtaine tar éis an dara ceann

I gcás go bhfuil COVID-19 ar do leanbh nó go raibh le déanaí

Coinne vacsaínithe a dhéanamh do leanbh

Tá clinicí vacsaínithe ar leithligh ann do leanaí atá:

  • 6 mhí go 4 bliana
  • 5 bliana go 11 bhliain

Déan coinne sa chlinic ceart d’aoisghrúpa do linbh. Ní hionann na dáileoga vacsaíne a chuirtear ar fáil d’aoisghrúpaí éagsúla leanaí.

Má tá aon fhadhb agat coinne a dhéanamh ar líne, cuir saorghlao ar HSELive ar 1800 700 700.

I gcás go ndearnadh tú a vacsaíniú thar lear

Má fuair tú dáileog 1 nó dáileog 2 i dtír eile, is féidir leat leanúint ar aghaidh le do vacsaíniú anseo le dochtúir teaghlaigh nó le cógaslann atá rannpháirteach.

Beidh na sonraí de dhíth ort maidir le do vacsaíniú, lena n-áirítear an cineál vacsaíne, an dáta ar tugadh í agus an dáta éaga.

Má bhíonn ceist ar bith agat faoin vacsaín atá ag dul duit, cuir saorghlao ar HSELive ar 1800 700 700.

Tuilleadh eolais faoi vacsaíní in aghaidh COVID-19

Na cineálacha éagsúla vacsaíne in aghaidh COVID-19

Fo-iarmhairtí agus sábháilteacht na vacsaíní in aghaidh COVID-19

Athbhreithniú deireanach ar an leathanach: 2 Deireadh Fómhair 2023