Víreas is ea an fliú a bhíonn á scaipeadh gach geimhreadh. Athraíonn na tréithchineálacha fliú ó bhliain go bliain. Is é vacsaín fliú a fháil an chaoi is fearr chun tú féin a chosaint in aghaidh fliú.
Is é an t-am is fearr leis an vacsaín fliú a fháil ná sula dtosaíonn séasúr an fhliú. Bíonn an vacsaín ar fáil ó Dheireadh Fómhair gach bliain.
Tugaimid vacsaín fliú saor in aisce do dhaoine atá i mbaol níos mó ón bhfliú.
Vacsaín fliú saor in aisce a fháil
Tá cineálacha difriúla vacsaíne fliú ann ag brath ar d’aois.
Daoine scothaosta agus an vacsaín fliú
Is mó an baol go n-éireodh daoine atá 60 bliain d’aois agus os a chionn go dona tinn leis an bhfliú.
An vacsaín fliú do dhaoine atá 60 bliain d’aois agus os a chionn
Leanaí agus an vacsaín fliú
Is féidir le gach leanbh atá idir 2 bhliain agus 17 mbliana d’aois an vacsaín fliú a fháil mar sprae sróine.
Toircheas agus an vacsaín fliú
Tá an vacsaín fliú slán sábháilte do mhná atá ag iompar clainne.
Is féidir leis an vacsaín fliú tú a chosaint in aghaidh fliú, rud a fhágann nach dtabharfaidh tú ar aghaidh do do leanbh é.
An vacsaín fliú le linn toirchis
An chaoi a n-oibríonn an vacsaín fliú
Cabhraíonn an vacsaín fliú le do chóras imdhíonachta antasubstaintí a tháirgeadh le troid in aghaidh ionfhabhtú. Is féidir leis an vacsaín tú a chosaint ar thinneas má thagann tú i dteagmháil le víreas an fhliú.
Tógann sé thart ar 2 sheachtain ar an vacsaín tosú ag obair.
Cosaint in aghaidh fliú
Tugann an vacsaín fliú an chosaint is fearr dá bhfuil ar fáil duit in aghaidh an fhliú.
Is féidir an fliú a tholgadh fós tar éis an vacsaín a fháil. Ach ba chóir go mbeadh comharthaí ní b’éadroime ort agus go dtiocfá ar ais chugat féin ní ba ghasta.
Ní mór duit an vacsaín fliú a fháil gach bliain mar:
- athraíonn na tréithchineálacha fliú ó bhliain go bliain
- éiríonn na hantasubstaintí a chosnaíonn thú níos laige le himeacht ama
An vacsaín fliú agus vacsaíní eile
Tá sé slán sábháilte an vacsaín fliú a fháil má fuair tú vacsaíní eile le déanaí.
Mar shampla, má fuair tú:
- vacsaín in aghaidh COVID-19
- vacsaín niúmacocúil do dhaoine fásta
- na vacsaíní a thugtar do leanaí sa ghnáthchúrsa
Ba chóir do leanaí atá 6 mhí go 4 bliana d’aois fanacht 14 lá idir an vacsaín in aghaidh COVID-19 agus an vacsaín fliú.
Leanaí atá idir 12 mhí agus 23 mí d’aois atá i mbaol ó thaobh míochaine de
Fág 1 seachtain ar a laghad idir an vacsaín fliú agus an vacsaín niúmacocúil. Laghdaíonn sé seo an baol go dtiocfadh fadhbanna as fiabhras.
Cosain thú féin ar fhliú
Is féidir an fliú a tholgadh fós tar éis duit an vacsaín fliú a fháil.
Chun an baol a laghdú go dtolgfá nó go scaipfeá ionfhabhtuithe víreasacha:
- nigh do lámha i gceart agus go minic
- clúdaigh do bhéal agus do shrón le ciarsúr páipéir nó le do mhuinchille nuair a dhéanann tú casacht nó sraoth
- cuir ciarsúir pháipéir sa bhruscar tar éis a n-úsáide