Is féidir le leanaí atá idir 2 bhliain agus 17 mbliana d’aois an vacsaín fliú a fháil saor in aisce. Faigheann an chuid is mó de leanaí an vacsaín fliú mar sprae isteach ina srón (vacsaín sróine).
Tá an vacsaín fliú ar fáil trí dhochtúir teaghlaigh, cógaslann nó roinnt scoileanna.
Cén fáth ar cheart do leanaí an vacsaín fliú a fháil
Déanann an vacsaín fliú a cion féin le leanaí a chosaint in aghaidh an fhliú.
Ní bhíonn ach comharthaí éadroma ar an gcuid is mó de leanaí a tholgann fliú. Is baolach áfach go dtiocfadh aimhréidheanna tromchúiseacha ón bhfliú ar leanaí agus ar dhaoine óga a bhfuil riochtaí fadtéarmacha sláinte orthu cheana féin.
I roinnt leanaí, d’fhéadfadh sé go mbeadh fliú ina chúis le fadhbanna amhail:
- niúmóine
- broincíteas
- athlasadh na hinchinne (einceifealaíteas)
D’fhéadfadh sé go mbeadh ar leanaí a bhfuil fliú orthu cóir leighis a fháil san ospidéal. D’fhéadfadh sé go mbeadh dianchúram ag teastáil ó chuid de na leanaí fiú.
Le 10 mbliana anuas in Éirinn, tugadh os cionn 10,000 leanbh isteach san ospidéal de bharr an fhliú. Cuireadh cóir leighis ar bhreis agus 200 leanbh san aonad dianchúraim agus fuair 20 leanbh bás.
Cé na daoine nár cheart dóibh an vacsaín sróine fliú a fháil
Ní féidir le líon an-bheag leanaí an vacsaín sróine in aghaidh an fhliú a fháil ar chúiseanna leighis.
Cuirfidh an vacsaíneoir ceisteanna ort chun a sheiceáil go bhfuil sé sábháilte do leanbh a vacsaíniú. Is féidir leat ceisteanna a chur ar an vacsaíneoir sula dtabharfaidh sé nó sí an vacsaín.
Má tá riocht sláinte ar do leanbh nó má tá ceisteanna agat faoin vacsaín sróine in aghaidh an fhliú, labhair le:
- dochtúir teaghlaigh nó cógaiseoir
- speisialtóir do linbh - má fheiceann do leanbh dochtúir eile maidir le riocht sláinte
Mura féidir le do leanbh an vacsaín sróine in aghaidh an fhliú a fháil, d’fhéadfadh do dhochtúir teaghlaigh nó do chógaiseoir an vacsaín fliú a thairiscint do do leanbh mar instealladh.
Is féidir le leanaí atá 6 mhí go 23 mí d’aois a bhfuil riosca níos airde ann go n-éireodh siad tinn ón bhfliú an vacsaín a fháil mar instealladh.
Céard iad na cásanna inar cheart an vacsaíniú leis an vacsaín sróine in aghaidh an fhliú a chur siar
Cuir an vacsaín sróine siar má tá teocht 38 céim Celsius nó os a chionn ag do leanbh. Fan go mbeidh biseach air nó uirthi sula bhfaighidh sé nó sí an vacsaín
Teocht ard - fiabhras i leanaí
An vacsaín fliú agus ailléirge uibhe
Má tá ailléirge ar do leanbh le huibheacha, labhair le dochtúir teaghlaigh do linbh, le cógaiseoir nó leis an vacsaíneoir sula bhfaighidh sé nó sí an vacsaín. Is féidir le mórchuid na ndaoine a bhfuil ailléirge uibhe orthu an vacsaín fliú a fháil.
Cá háit ar féidir le leanaí an vacsaín fliú a fháil
Is féidir le do leanbh an vacsaín fliú a fháil ó dhochtúir teaghlaigh nó ó chógaiseoir.
Má tá do leanbh idir 2 bhliain agus 17 mbliana d’aois, tá an vacsaín féin agus an comhairliúchán leis an dochtúir teaghlaigh nó leis an gcógaiseoir saor in aisce.
D’fhéadfadh roinnt scoileanna an vacsaín sróine in aghaidh an fhliú a thairiscint saor in aisce.
Cén chaoi a dtugtar an vacsaín sróine in aghaidh an fhliú
Faigheann do leanbh an vacsaín mar sprae isteach ina shrón.
Déanann an vacsaíneoir spraeáil uair amháin i ngach poll sróine. Ní bheidh an sprae pianmhar.
Is féidir le do leanbh análú mar is gnách agus an vacsaín á fáil aige nó aici. Ní gá anáil dhomhain a tharraingt isteach tríd an tsrón ná aon cheo mar sin.
D’fhéadfadh sé go mbeadh 2 dháileog, 4 seachtaine eatarthu, ag teastáil ó roinnt leanaí a bhfuil riochtaí ainsealacha sláinte orthu. Riochtaí ainsealacha croí nó scamhóige, cuir i gcás.
Tá foirm an-lag den víreas fliú sa vacsaín sróine in aghaidh an fhliú. Ach ní scaipeann an vacsaín ionfhabhtú fliú ná ní chruthaíonn sí é.
Sábháilteacht
Tá an vacsaín sróine in aghaidh an fhliú an-sábháilte. Tá an vacsaín sróine in aghaidh an fhliú á tabhairt do leanaí in Éirinn ó 2020 i leith.
Fo-iarmhairtí na vacsaíne sróine in aghaidh an fhliú
Tar éis do do leanbh an vacsaín sróine in aghaidh fliú a fháil, b’fhéidir go dtiocfadh roinnt fo-iarmhairtí éadroma air nó uirthi. Ní fheictear fo-iarmhairtí tromchúiseacha, amhail frithghníomhú trom ailléirgeach, ach go hannamh.
Éadrom a bhíonn na fo-iarmhairtí is coitianta agus áirítear leo:
- srón ag rith nó srón phlúchta
- pian sna matáin
- tuirse
- goile laghdaithe
- tinneas cinn
- fiabhras éadrom (teocht ard)
Is gnách go n-imíonn fo-iarmhairtí éadroma laistigh de 1 go 2 lá.
Aimsigh an bhileog eolais d'othair
Fluenz is ainm don vacsaín sróine in aghaidh an fhliú. Is féidir leat teacht ar an mbileog eolais d’othair don vacsaín ar líne.
Cén chaoi teacht ar do bhileog eolais d’othair ar líne
Fo-iarmhairtí an insteallta fliú
Má chaithfidh do leanbh an t-instealladh fliú a fháil, d’fhéadfadh na fo-iarmhairtí eile seo a leanas a bheith ann:
- pian agus at san áit ar tugadh an t-instealladh
- cantal
Fo-iarmhairtí a thuairisciú
Má bhíonn fo-iarmhairtí ag do leanbh de bharr vacsaíne, is féidir leat iad a thuairisciú don Údarás Rialála Táirgí Sláinte (HPRA).
Is féidir le do dhochtúir, le d’altra, le do chógaiseoir nó le duine de do theaghlach an fho-iarmhairt a thuairisciú don HPRA freisin.
Tuairiscigh iarmhairtí díobhálacha don Údarás Rialála Táirgí Sláinte - hpra.ie
Imdhíonacht
Tugann an vacsaín fliú an chosaint is fearr atá ar fáil do do leanbh ar an bhfliú.
Is féidir an fliú a tholgadh fós tar éis an vacsaín a fháil. Ach ba chóir go mbeadh comharthaí ní b’éadroime ort agus go dtiocfá ar ais chugat féin ní ba ghasta.
Cosain do leanbh in aghaidh an fhliú
Chun an riosca a laghdú go bhfaighidh do leanbh ionfhabhtuithe víreasacha nó go scaipfidh sé nó sí iad, múin do do leanbh nó cabhraigh leis nó léi:
- a lámha a ní i gceart agus go minic
- casachtaí nó sraothanna a dhéanamh isteach i gciarsúr páipéir nó ina uillinn
- na ciarsúir pháipéir úsáidte a chur i mbosca bruscair agus a lámha a ní ina dhiaidh sin
An vacsaín fliú agus vacsaíní eile
Tá sé slán sábháilte an vacsaín fliú a fháil má fuair do leanbh vacsaíní eile le déanaí.
Mar shampla, má fuair do leanbh:
Ba chóir do leanaí atá 6 mhí go 4 bliana d’aois fanacht 14 lá idir an vacsaín in aghaidh COVID-19 agus an vacsaín fliú.