Skip to main content

Warning notification:Warning

Unfortunately, you are using an outdated browser. Please, upgrade your browser to improve your experience with HSE. The list of supported browsers:

  1. Chrome
  2. Edge
  3. FireFox
  4. Opera
  5. Safari

An vacsaín fliú do dhaoine scothaosta

Is í an vacsaín fliú an chosaint is fearr atá ar fáil in aghaidh fliú.

Má tá tú 60 bliain d’aois nó os a chionn, is féidir leat an vacsaín fliú a fháil saor in aisce gach bliain.

Cá háit ar féidir an vacsaín fliú a fháil saor in aisce

Is féidir leat an vacsaín fliú a fháil ó dhochtúir teaghlaigh nó ó chógaiseoir.

Is féidir leat an vacsaín fliú a fháil san áit a bhfuil cónaí ort:

  • má tá cónaí ort i dteach altranais
  • má tá tú gafa sa teach

Cén fáth ar cheart do dhaoine scothaosta an vacsaín fliú a fháil

Is féidir leis an bhfliú a bheith contúirteach do dhaoine de gach aois.

Ach i gcás daoine atá 60 bliain d’aois nó os a chionn a tholgann an fliú, is mó an baol:

  • go mbeadh breoiteacht thromchúiseach orthu
  • go mbeadh orthu dul chuig an ospidéal
  • go bhfaighidís bás de bharr an fhliú

Formhór na ndaoine a fhaigheann bás de bharr an fhliú, bíonn siad 60 bliain d’aois nó os a chionn.

Cineálacha vacsaíne fliú

Cuirimid cineálacha éagsúla den vacsaín fliú ar fáil ag brath ar d’aois:

  • vacsaín fliú chaighdeánach - daoine fásta suas go 64 bliain d’aois
  • vacsaín fliú fheabhsaithe - daoine fásta atá 65 bliain d’aois nó os a chionn

Vacsaín fliú fheabhsaithe

De réir mar a théann tú in aois, seans nach bhfreagródh do chóras imdhíonachta chomh maith sin don vacsaín fliú chaighdeánach.

Tá comhábhar ar a dtugtar aidiúvach sa vacsaín fliú fheabhsaithe. Méadaíonn aidiúvaigh an fhreagairt imdhíonachta i gcomparáid le vacsaíní caighdeánacha.

Imdhíonacht

Ní mór duit an vacsaín fliú a fháil gach bliain mar:

  • athraíonn na tréithchineálacha fliú ó bhliain go bliain
  • éiríonn na hantasubstaintí a chosnaíonn thú níos laige le himeacht ama

Cé na daoine nár cheart dóibh an vacsaín fliú a fháil

Níor cheart duit an vacsaín fliú a fháil:

Labhair le do dhochtúir teaghlaigh nó le do dhochtúir ar dtús

Labhair le do dhochtúir teaghlaigh nó le do dhochtúir speisialtóra:

  • má tá cineál tromchúiseach neodraipéine ort (líon íseal cineáil fuilcheall bán)
  • má tá tú ag glacadh cógas ar a dtugtar comhchoscairí seicphointí – ipilimumab agus niovolúmab, cuir i gcás

B’fhéidir go mbeidh ort fanacht sula bhfaighidh tú an vacsaín fliú.

An vacsaín fliú agus ailléirge uibhe

Má tá ailléirge uibhe agat, labhair le do vacsaíneoir sula bhfaighidh tú an vacsaín. Is féidir le mórchuid na ndaoine a bhfuil ailléirge uibhe orthu an vacsaín fliú a fháil.

Fo-iarmhairtí

Tar éis duit an vacsaín a fháil, b’fhéidir go mbeadh roinnt fo-iarmhairtí éadroma ort.

I measc na bhfo-iarmhairtí éadroma a d’fhéadfadh a bheith ann tá:

  • pian, deirge nó at san áit ar tugadh an t-instealladh duit
  • tinneas cinn
  • fiabhras (teocht ard - 38 céim Celsius nó os a chionn)
  • tinneas agus pianta
  • tuirse

Seans go mbeidh níos mó de na fo-iarmhairtí éadroma ag daoine a fhaigheann an vacsaín fliú fheabhsaithe. Mar shampla, deirge san áit ar tugadh an t-instealladh, lámh thinn nó pianta matán.

Má thagann aon cheann de na fo-iarmhairtí sin ort, lig do scíth agus glac paraicéiteamól.

Fo-iarmhairtí tromchúiseacha

Ní fheictear fo-iarmhairtí tromchúiseacha, amhail frithghníomhú trom ailléirgeach, ach go hannamh.

Aimsigh an bhileog eolais d'othair

Is féidir leat teacht ar na bileoga eolais d’othair do na vacsaíní ar líne.

Fluad is ainm don vacsaín fliú fheabhsaithe. Vaxigrip nó Influvac Sub-unit is ainm do na vacsaíní fliú caighdeánacha.

Cén chaoi teacht ar do bhileog eolais d’othair ar líne

Fo-iarmhairtí a thuairisciú

Má cheapann tú go bhfuil fo-iarmhairt ort tar éis duit vacsaín a fháil, is féidir leat í a thuairisciú don Údarás Rialála Táirgí Sláinte (HPRA).

Is féidir le do dhochtúir, le d’altra, le do chógaiseoir nó le duine de do theaghlach an fho-iarmhairt a thuairisciú don HPRA freisin.

Tuairiscigh iarmhairtí díobhálacha don Údarás Rialála Táirgí Sláinte – hpra.ie

Vacsaíní eile

Is féidir leat an vacsaín fliú a fháil ag an am céanna leis na vacsaíní seo a leanas:

Má tá tú 65 bliain d’aois nó os a chionn, is féidir leat vacsaín niúmacocúil a fháil saor in aisce. Ní gá duit an vacsaín seo a fháil ach uair amháin.

Cosnaíonn an vacsaín niúmacocúil thú ar an niúmóine.

Athbhreithniú deireanach ar an leathanach: 25/09/2026
Le hathbhreithniú arís: 25/09/2029