Ba chóir go gcosnódh an vacsaín in aghaidh COVID-19 do leanbh in aghaidh breoiteacht thromchúiseach ó COVID-19.
Molaimid go mór mór go bhfaighidís vacsaín i gcás:
- go bhfuil riocht sláinte orthu a fhágann go bhfuil ardriosca ann go mbeadh breoiteacht thromchúiseach orthu dá dtolgfaidís COVID-19
- go bhfuil cónaí orthu le duine atá i mbaol níos mó ó COVID-19
Is fútsa agus faoi do leanbh atá sé a chinneadh cibé acu an vacsaín a fháil nó gan í a fháil. Tá comhairle ar an leathanach seo a chabhróidh leat an cinneadh sin a dhéanamh.
Na buntáistí a bhaineann le vacsaín in aghaidh COVID-19 a fháil
Ba chóir go gcosnódh vacsaín in aghaidh COVID-19 do leanbh in aghaidh breoiteacht thromchúiseach ó COVID-19 má tá riosca níos airde ag baint le COVID-19 dó.
D'fhéadfadh sé go gcosnódh sí leanaí sláintiúla idir 5 bliana agus 15 bliana d'aois chomh maith:
- ar bhreoiteacht ó COVID-19, a d'fhéadfadh a bheith tromchúiseach i gcásanna an-annamh
- ar an siondróm athlastach ilchóras péidiatrach (PIMS nó MIS-C) de dheasca COVID-19
- ar an mbaol go dtiocfadh siomptóim 'COVID fada' orthu, amhail tuirse, a d'fhéadfadh leanúint ar aghaidh go ceann seachtainí nó míonna
- ar COVID-19 a scaipeadh ar dhaoine eile
Níl an riosca céanna ann go gcaillfeadh leanaí atá vacsaínithe scoil agus gníomhaíochtaí eile toisc iad a bheith tinn le COVID-19.
Cén chaoi vacsaín in aghaidh COVID-19 a fháil do do leanbh
Tá an vacsaín in aghaidh COVID-19 ar fáil do leanaí idir 5 bliana agus 15 bliana d'aois d'fhonn iad a chosaint ar bhreoiteacht thromchúiseach ó COVID-19.
Cén chaoi do leanbh a vacsaíniú in aghaidh COVID-19
COVID-19 agus leanaí
Formhór na leanaí a dtagann COVID-19 orthu, ní thagann ach siomptóim an-éadrom orthu nó ní thagann siomptóim orthu ar chor ar bith.
Ach ní mór do leanaí a tholgann COVID-19 leithlisiú ó dhaoine eile mar sin féin, fiú más éadrom atá na siomptóim atá orthu. Caithfidh siad déanamh amhlaidh le scaipeadh an víris a stopadh.
Is annamh a fheictear breoiteacht thromchúiseach
Is annamh a fhágann COVID-19 leanbh breoite go tromchúiseach nó san ospidéal, agus is annamh a bhíonn sé ina chúis le bás, leis.
Uaireanta, fanann siomptóim a bhaineann le COVID-19 ar an duine ar feadh roinnt seachtainí nó míonna. Tugtar 'COVID fada' air seo. Is lú riosca an reachta seo do leanaí ná daoine fásta.
Is beag an baol go gcuirfí leanbh san ospidéal mar gheall ar COVID-19, agus tá an baol go mbeadh cóireáil dianchúraim ag teastáil ó aon leanbh an-íseal go deo.
Tá baol níos airde ann go mbeadh breoiteacht thromchúiseach ó COVID-19 ar leanaí a bhfuil riochtaí áirithe sláinte orthu. Is mó seans go mbeadh orthu dul chuig an ospidéal de dheasca COVID-19.
PIMS
I gcásanna annamha, is féidir le COVID-19 a bheith ina chúis le riocht darb ainm an siondróm athlastach ilchóras péidiatrach (PIMS). Tugtar an Siondróm Ilchóras Athlastach (MIS-C) air chomh maith. 75% de na leanaí ar tháinig PIMS orthu, ní raibh riocht sláinte orthu cheana féin.
Is riocht é is cúis le niúmóine, athlasadh an chroí, agus deacrachtaí análaithe.
Tagann an chuid is mó de na leanaí a dtagann PIMS orthu chucu féin arís tar éis seal a chaitheamh san ospidéal nó faoi dhianchúram, ach bíonn fo-iarmhairtí buana ag roinnt leanaí agus faigheann líon an-bheag leanaí bás.
Cineál vacsaíne
Is í Vacsaín Pfizer/BioNTech in aghaidh COVID-19 a thairgfear do do leanbh. Tugtar mar instealladh isteach in uachtar na géige láimhe í.
Tabharfar dáileog níos lú de Vacsaín Pfizer in aghaidh COVID-19 do leanaí atá idir 5 bliana agus 11 bhliain d'aois. Beidh an imdhíonacht a gheobhaidh siad mar an gcéanna a bheag nó a mhór lena bhfaightear ón dáileog níos mó a thugtar do dhaoine in aoisghrúpaí níos sine.
Tá sé léirithe ag trialacha cliniciúla a rinneadh ar an vacsaín seo go bhfuil sí fíoréifeachtach ó thaobh COVID-19 a chosc i leanaí.
Tá an vacsaín seo tugtha do na milliúin leanaí idir 5 bliana agus 15 bliana d'aois sna Stáit Aontaithe, i gCeanada, agus in Iosrael cheana féin, agus táthar á moladh i dtíortha Eorpacha eile chomh maith.
Rinneadh na mílte daoine a vacsaíniú ar fud na cruinne mar chuid de thrialacha cliniciúla. Níor tháinig aon ní nua ab údar imní ó thaobh sábháilteachta de chun cinn sna trialacha sin maidir le leanaí idir 5 bliana agus 15 bliana d'aois.
Leanaí nár cheart dóibh vacsaín in aghaidh COVID-19 a fháil
Beidh mórchuid na leanaí idir 5 bliana agus 15 bliana d'aois in ann an vacsaín a fháil go slán sábháilte.
Mar sin féin, ní mholtar Vacsaín Pfizer/BioNTech in aghaidh COVID-19 a fháil:
- má bhí frithghníomhú trom ailléirgeach ag do leanbh i leith aon cheann de chomhábhair na vacsaíne, gliocól poileitiléine (PEG) ina measc
- má bhí frithghníomhú trom ailléirgeach ag do leanbh tar éis dáileog eile de Vacsaín Pfizer/BioNTech
Ní mholtar an dáileog níos lú de Vacsaín Pfizer do leanaí idir 5 bliana agus 11 bhliain d'aois:
- má bhí frithghníomhú trom ailléirgeach ag do leanbh i leith Trometamol (ceann de na hábhair atá i ruaim chodarsnach a úsáidtear i staidéir raideolaíocha ÍAM). Is í seo an t-aon vacsaín a bhfuil Trometamol inti.
Ba cheart duit labhairt le dochtúir do linbh sula bhfaighidh sé nó sí an vacsaín in aghaidh COVID-19:
- má bhí frithghníomhú trom ailléirgeach (anaifiolacsas) aige nó aici roimhe seo, lena n-áirítear frithghníomhú trom ailléirgeach i leith vacsaín nó cógas eile
- má tháinig an miócairdíteas nó an peireacairdíteas (athlasadh mhatán an chroí) air nó uirthi tar éis dáileog eile de cheann ar bith de na vacsaíní in aghaidh COVID-19
Má bhí PIMS nó MIS-C ar leanbh idir 5 bliana agus 11 bhliain d'aois
Má bhí an Siondróm Athlastach Ilchóras Péidiatrach (PIMS) ar leanbh idir 5 bliana agus 11 bhliain d'aois, is féidir leis nó léi an vacsaín in aghaidh COVID-19 a fháil. Tugtar an Siondróm Ilchóras Athlastach (MIS-C) air chomh maith.
Ba chóir dó fanacht go dtí go mbeidh sé tagtha chuige féin arís, 90 lá ar a laghad tar éis an diagnóis a fháil.
Fo-iarmhairtí i gcás leanaí
Is féidir le vacsaíní a bheith ina gcúis le fo-iarmhairtí. Bíonn an chuid is mó díobh sin éadrom nó measartha i leanaí, agus ní mhaireann siad i bhfad. I measc na bhfo-iarmhairtí a fheictear, tá pian sa ghéag láimhe, fiabhras agus tuirse.
An miócairdíteas agus an peireacairdíteas
I gcásanna an-annamh, d'fhéadfadh miócairdíteas nó peireacairdíteas teacht ar dhaoine tar éis dóibh vacsaín Pfizer/BioNTech a fháil. Is riochtaí athlastacha croí iad an miócairdíteas agus an peireacairdíteas. Tá baol na riochtaí an-annamh seo níos airde i measc fir óga.
Is mó seans go dtarlóidh na riochtaí seo tar éis an dara dáileog agus tarlaíonn siad laistigh de 14 lá tar éis an vacsaín a fháil den chuid is mó.
Rinneadh baol an mhiócairdítis tar éis an dara dáileog den vacsaín a mheas in dhá staidéar Eorpacha:
- aon chás breise amháin i ngach 38,000 fear idir 12 agus 29 bliain d'aois (laistigh de 7 lá).
- aon chás breise amháin i ngach 17,500 fear idir 16 agus 24 bliain d'aois (laistigh de 28 lá).
Is cosúil nach bhfuil riosca na bhfo-iarmhairtí seo chomh mór sin tar éis na chéad teanndáileoige.
Tugann sonraí luatha ó thíortha eile le fios gur lú an seans go dtiocfadh miócairdíteas orthu siúd atá idir 12 agus 15 bliana d'aois ná iad siúd atá idir 16 agus 24 bliain d'aois. Ní fheictear an miócairdíteas ach go han-annamh i leanaí idir 5 agus 11 bhliain d’aois.
Ba chóir duit a bheith ar an eolas faoi na comharthaí le bheith ag faire amach dóibh i do leanbh tar éis dó nó di an vacsaín a fháil.
Siomptóim an mhiócairdítis agus an pheireacairdítis
Faigh cabhair leighis má thagann aon cheann de na siomptóim seo ar do leanbh tar éis an vacsaín a fháil:
- giorra anála
- éirí croí (buille láidir croí a d'fhéadfadh a bheith neamhrialta)
- pian sa chliabhrach
Tagann formhór na ndaoine chucu féin arís as a stuaim féin tar éis miócairdítis agus peireacairdítis ach d'fhéadfadh sé go mbeadh cóir leighis san ospidéal de dhíth orthu. Ní fios go fóill an mbeidh aon fhadhbanna fadtéarmacha i gceist leis na fo-iarmhairtí seo.
Má tá do leanbh le vacsaíní eile a fháil chomh maith
Is féidir le leanaí vacsaín in aghaidh COVID-19 agus vacsaín eile a fháil ag an am céanna nó ag aon eatramh. Má tá siad le dhá vacsaín a fháil thart ar an am céanna, is fearr gan na vacsaíní a thabhairt sa ghéag láimhe chéanna. Déantar amhlaidh d'fhonn an seans a laghdú go mbeadh géag láimhe tinn acu tar éis a vacsaínithe.
Mar bheart réamhchúraim, má fuair do leanbh an vacsaín in aghaidh an víris bolgaí moncaí le déanaí (Imvanex nó Jynneos), fan go ceann 4 seachtaine roimh an vacsaín in aghaidh COVID-19 a fháil. Déantar ar an gcaoi seo é toisc nach eol an bhfuil baol miócairdítis ann.
Má chinneann tú gan an vacsaín a fháil do do leanbh
B'fhéidir go ndéanfaidh tú an cinneadh fanacht go dtí go mbeidh fáil ar a thuilleadh eolais maidir le vacsaíní in aghaidh COVID-19 i leanaí sula ligfidh tú do do leanbh vacsaín a fháil.
Má dhéanann tú an cinneadh gan an vacsaín a fháil do do leanbh, is mó an riosca go dtolgfaidh sé nó sí COVID-19. Seans maith go mbeidh na siomptóim éadrom má fhaigheann sé nó sí an víreas, ach ní mór dóibh leithlisiú ó dhaoine eile mar sin féin. Ciallaíonn sé sin go mb'fhéidir go mbeidh orthu fanacht sa bhaile ón scoil nó go gcaillfidh siad gníomhaíochtaí eile.
Beidh ortsa do sheacht ndícheall a dhéanamh le do leanbh a chosaint ar COVID-19.
Malairt tuairimí i measc tuismitheoirí nó caomhnóirí
Beidh cead duine amháin dá dtuismitheoirí nó dá gcaomhnóirí dlíthiúla ag teastáil ó leanaí atá 15 bliana d'aois nó faoina bhun leis an vacsaín a fháil.
Mura bhfuil na tuismitheoirí nó na comhchaomhnóirí ar aon intinn faoin leanbh a vacsaíniú, ba cheart daoibh bhur dtuairimí a phlé agus iarracht a dhéanamh teacht ar réiteach eadraibh féin sula gcláróidh sibh bhur leanbh.
Is féidir libh labhairt le dochtúir teaghlaigh do linbh freisin faoi aon ní is údar imní daoibh faoi vacsaíní in aghaidh COVID-19. Labhair le do leanbh faoin vacsaíniú freisin mar tá tábhacht lena t(h)uairim chomh maith.
Má chuirtear in iúl don vacsaíneoir (dochtúir teaghlaigh nó cógaiseoir san áireamh) nach bhfuil duine de na tuismitheoirí nó de na caomhnóirí ag tabhairt ceada go dtabharfaí an vacsaín don leanbh, níor cheart an vacsaín a thabhairt.
This content was fact checked by vaccine experts working in Ireland.