Skip to main content

Warning notification:Warning

Unfortunately, you are using an outdated browser. Please, upgrade your browser to improve your experience with HSE. The list of supported browsers:

  1. Chrome
  2. Edge
  3. FireFox
  4. Opera
  5. Safari

Vacsaíniú in aghaidh Covid-19 do leanaí

Tá an vacsaín in aghaidh COVID-19 ar fáil do leanaí atá 6 mhí d’aois agus os a chionn d’fhonn iad a chosaint ar bhreoiteacht thromchúiseach ó COVID-19.

I gcás daoine faoi bhun 16 bliana d'aois, ní mór do thuismitheoir nó caomhnóir dlíthiúil cead a thabhairt go ndéanfaí iad a vacsaíniú.

An áit a bhfaighidh do leanbh an vacsaín

Is féidir le do leanbh dul faoi vacsaíniú ar roinnt bealaí éagsúla ag brath ar a aois.

Na háiteanna le vacsaín in aghaidh COVID-19 a fháil

Na daoine ar cheart dóibh vacsaín a fháil

Molaimid go háirithe go bhfaigheadh do leanbh an chéad bhabhta vacsaínithe in aghaidh COVID-19:

Ba cheart do gach tuismitheoir smaoineamh ar an vacsaín a fháil dá leanbh féin. Is fútsa agus faoi do leanbh atá sé a chinneadh cibé acu an vacsaín a fháil nó gan í a fháil.

Baineann moltaí difriúla leis an teanndáileog shéasúrach den vacsaín in aghaidh COVID-19.

Na buntáistí a bhaineann le vacsaín in aghaidh COVID-19 a fháil

Ba chóir go gcosnódh vacsaíniú in aghaidh COVID-19 do leanbh in aghaidh breoiteacht thromchúiseach ó COVID-19 má tá riosca níos airde ag baint le COVID-19 dó.

D'fhéadfadh sé go gcosnódh an vacsaíniú leanaí sláintiúla chomh maith:

  • ar bhreoiteacht ó COVID-19, a d'fhéadfadh a bheith tromchúiseach i gcásanna an-annamh
  • ar an siondróm athlastach ilchóras (MIS-C), a dtugtar PIMS air freisin, aimhréidh COVID-19 a fheictear go hannamh i leanaí
  • ar shiomptóim ‘COVID fadmharthanach’, amhail tuirse, a d’fhéadfadh leanúint ar aghaidh ar feadh seachtainí nó míonna
  • ar COVID-19 a scaipeadh ar dhaoine eile

Má fhaigheann do leanbh an vacsaíniú, níl an riosca céanna ann go gcaillfidh sé an scoil, cúram leanaí agus gníomhaíochtaí eile mar gheall ar bhreoiteacht ó COVID-19.

Ionfhabhtú COVID-19

Formhór na leanaí a dtagann COVID-19 orthu, ní thagann ach siomptóim an-éadrom orthu nó ní thagann siomptóim orthu ar chor ar bith. Ní mór do leanaí a tholgann COVID-19 fanacht ar shiúl ó dhaoine eile mar sin féin, fiú más éadrom atá na siomptóim atá orthu.

Má tá COVID-19 ar do leanbh

Is annamh a fheictear breoiteacht thromchúiseach

Is annamh a fhágann COVID-19 leanbh breoite go tromchúiseach nó san ospidéal, agus is annamh a bhíonn sé ina chúis le bás, leis. Is beag an baol go mbeidh cúram ospidéil de dhíth ar leanbh mar thoradh ar COVID-19. Níl ach baol thar a bheith beag ann go mbeadh cóireáil dianchúraim ag teastáil ó leanbh.

Tá na rátaí a bhaineann le breoiteacht thromchúiseach agus cásanna ospidéil íseal i gcás leanaí atá idir 6 mhí agus 4 bliana d’aois. Tá rátaí níos airde ann i gcás leanaí atá níos sine ná sin.

Tá baol níos airde ann go mbeidh breoiteacht thromchúiseach ó COVID-19 ar leanaí a bhfuil riochtaí áirithe sláinte orthu. Is mó seans go mbeadh orthu dul chuig an ospidéal de dheasca COVID-19.

Uaireanta, fanann siomptóim a bhaineann le COVID-19 ar an duine ar feadh roinnt seachtainí nó míonna. COVID fadmharthanach a thugtar air seo. Is lú an riosca go mbeidh COVID fadmharthanach ar leanaí ná daoine fásta.

An Siondróm Athlastach Ilchóras nó PIMS

I gcásanna annamha, is féidir le COVID-19 a bheith ina chúis le riocht darb ainm an siondróm athlastach ilchóras (MIS-C). Tugtar PIMS air chomh maith. Is riocht é is cúis le niúmóine, athlasadh croí agus deacracht análaithe. Níos neamhchoitianta arís a fheictear PIMS tar éis ionfhabhtú den athraitheach Omicron ar COVID-19.

Táthar tar éis a léiriú go mbíonn baol níos lú ann ó MIS-C nó PIMS i gcás leanaí níos sine agus déagóirí a fuair vacsaíniú in aghaidh COVID-19. Bheifí ag dúil le buntáiste den chineál céanna i gcás leanaí atá idir 6 mhí agus 4 bliana d’aois.

I gcás thart ar thriúr leanaí as gach ceathrar a dtagann MIS-C nó PIMS orthu, ní bhíonn aon bhunghalar orthu cheana féin. Éiríonn an chuid is mó de leanaí a dtagann PIMS orthu níos fearr arís tar éis dóibh seal a chaitheamh san ospidéal nó in ionad dianchúraim. Bíonn fo-iarmhairtí buana ar chuid leanaí, áfach, agus faigheann líon an-bheag leanaí bás. Tá eolas ann go bhfuil an galar in ann dul i bhfeidhm ar leanaí atá chomh hóg le 3 mhí d’aois.

Má bhí MIS-C nó PIMS ar do leanbh

Má tá do leanbh 6 mhí nó os a chionn agus más rud é go raibh PIMS air, is féidir leis vacsaín in aghaidh COVID-19 a fháil. Ba chóir dó fanacht go dtí go mbeidh sé tagtha chuige féin arís, 90 lá ar a laghad tar éis an diagnóis a fháil.

Siomptóim MIS-C nó PIMS

Má tá do leanbh le vacsaíní eile a fháil chomh maith

Má tá do leanbh, atá faoi bhun 5 bliana d’aois, chun na gnáthvacsaíní óige a fháil, ba cheart dó fanacht 14 lá roimh an vacsaín in aghaidh COVID-19 a fháil.

Má fuair do leanbh an vacsaín in aghaidh an víris bolgaí moncaí le déanaí, fan 4 seachtaine roimh an vacsaín in aghaidh COVID-19 a fháil. Beart réamhchúraim is ea é seo toisc nach eol an bhfuil baol miócairdítis ann.

Fo-iarmhairtí

Is féidir le vacsaíní in aghaidh COVID-19 a bheith ina gcúis le fo-iarmhairtí. Bíonn an chuid is mó díobh sin éadrom nó measartha i leanaí, agus ní mhaireann siad i bhfad. I measc na bhfo-iarmhairtí a fheictear, tá pian sa ghéag láimhe, fiabhras agus tuirse.

Fo-iarmhairtí tar éis vacsaín Pfizer/BioNTech in aghaidh COVID-19

Cead vacsaínithe a thabhairt

I gcás daoine atá faoi bhun 16 bliana d’aois, ní mór dóibh freastal ar a gcoinne chun vacsaín a fháil in éineacht le tuismitheoir nó caomhnóir dlíthiúil.

Caithfidh tuismitheoir nó caomhnóir dlíthiúil a bheith ann ar an láthair chun toiliú a thabhairt. Ní mór duit toiliú a thabhairt i gcás gach dáileoige.

Fiafrófar den leanbh atá le vacsaíniú ag an gcoinne an bhfuil sé ag iarraidh an vacsaín a fháil.

Is féidir leis an vacsaíneoir aon cheist a bheadh agat faoin vacsaín a fhreagairt.

Mura féidir le tuismitheoir nó caomhnóir dlíthiúil a bheith i láthair ag an gcoinne, cuir saorghlao ar HSELive le comhairle a fháil: 1800 700 700.

Do leanbh a chlárú

Beidh deis agat do leanbh a chlárú ag an gcoinne. Caithfidh tuismitheoir nó caomhnóir dlíthiúil é seo a dhéanamh. Beidh ort uimhir PSP an linbh a thabhairt leat. Ní gá duit é sin a dhéanamh ach i gcás dháileog 1.

Beidh an chéad choinne cúpla nóiméad níos faide ach ní gá teacht níos luaithe.

Leanaí a bhfuil riachtanais bhreise acu

Seans go mbeidh na nithe seo a leanas ag teastáil ó leanaí áirithe agus an vacsaín á fáil acu:

  • tuilleadh ama ag an gcoinne
  • coinne ag am níos ciúine nach mbíonn an oiread sin daoine thart

Má tá riachtanais bhreise ag do leanbh, cuir glao ar HSELive le comhairle a fháil.

Saorghlao: 1800 700 700

Má chinneann tú gan an vacsaín a fháil do do leanbh

Má dhéanann tú an cinneadh gan an vacsaín a fháil do do leanbh, is mó an riosca go dtolgfaidh sé nó sí COVID-19. Gach uile sheans go mbeidh na siomptóim éadrom, ach caillfidh sé nó sí amach ar laethanta scoile, ar chúram leanaí agus ar ghníomhaíochtaí eile mar sin féin.

Beidh ortsa do sheacht ndícheall a dhéanamh le do leanbh a chosaint ar COVID-19.

Athbhreithniú deireanach ar an leathanach: 6 Meán Fómhair 2024