Skip to main content

Warning notification:Warning

Unfortunately, you are using an outdated browser. Please, upgrade your browser to improve your experience with HSE. The list of supported browsers:

  1. Chrome
  2. Edge
  3. FireFox
  4. Opera
  5. Safari

Eolas faoin vacsaíniú in aghaidh COVID-19

Tá an vacsaíniú in aghaidh COVID-19 slán sábháilte agus éifeachtach. Tabharfaidh sé an chosaint is fearr duit ar bhreoiteacht thromchúiseach ó COVID-19.

Braitheann an modh vacsaínithe in aghaidh COVID-19 atá á mholadh duit ar d’aois agus ar cibé acu atá riosca níos airde ag baint le COVID-19 duit nó nach bhfuil.

Á gcur san áireamh sa chatagóir seo tá:

Cá háit ar féidir leat do vacsaín a fháil?

Is féidir le daoine atá 12 bhliain d’aois nó os a chionn:

glao a chur ar HSELive lena fháil amach na háiteanna a bhfuil na vacsaíní á gcur ar fáil i do cheantar féin. Saorghlaoigh 1800 700 700

I gcás daoine atá faoi bhun 16 bliana d’aois, ní mór dóibhsean freastal ar a gcoinne vacsaínithe in éineacht le tuismitheoir nó caomhnóir.

Clinicí siúil isteach do leanaí

Ní mór do leanaí atá faoi bhun 12 bhliain d’aois dul chuig clinic siúil isteach. Ní ceadmhach dóibh dul faoi vacsaíniú i gclinic dochtúra teaghlaigh ná i gcógaslann.

Tá clinicí vacsaínithe ar leithligh ann do leanaí atá:

  • 6 mhí go 4 bliana d’aois
  • 5 bliana go 11 bhliain

Téigh chuig an gclinic ceart d’aoisghrúpa do linbh. Ní hionann na dáileoga vacsaíne a chuirtear ar fáil d’aoisghrúpaí éagsúla leanaí.

An chéad vacsaín in aghaidh COVID-19

Tá an chéad bhabhta vacsaínithe dírithe orthu siúd nach bhfuil vacsaín in aghaidh COVID-19 faighte acu go fóill.

comhairle eile ann do dhaoine a bhfuil córas lag imdhíonachta acu.

5 bliana d’aois nó os a chionn

Teastaíonn dáileog amháin ó dhaoine atá 5 bliana d’aois agus os a chionn don chéad bhabhta den vacsaíniú in aghaidh COVID-19.

Má bhí COVID-19 ort, fan go ceann 4 seachtaine ar a laghad ón uair a fuair tú an toradh deimhneach nó ón uair a tháinig na siomptóim ort den chéad uair.

6 mhí go 4 bliana d’aois

Ní mór duit a bheith 6 mhí d’aois nó os a chionn chun an chéad bhabhta vacsaínithe in aghaidh COVID-19 a fháil.

I gcás leanaí idir 6 mhí agus 4 bliana d’aois, beidh an líon dáileog a bheidh uathusan ag brath ar cibé an raibh ionfhabhtú ó COVID-19 orthu roimhe nó nach raibh.

Más rud é nach raibh COVID-19 orthu roimhe

Más rud é nach raibh COVID-19 orthu roimhe, beidh 2 dháileog de dhíth orthu dá gcéad bhabhta vacsaínithe in aghaidh COVID-19. Tugtar an dara dáileog 4 seachtaine tar éis na chéad dáileoige.

Más rud é go raibh COVID-19 orthu

Más rud é go raibh COVID-19 orthu in am ar bith, ní bheidh de dhíth orthu ach 1 dáileog amháin.

Ba cheart dóibh fanacht 4 mhí ar a laghad ón uair a fuair siad an toradh deimhneach nó ón uair a tháinig na siomptóim orthu den chéad uair.

Cén chaoi vacsaín Novavax a fháil?

Is í vacsaín Pfizer/BioNTech in aghaidh COVID-19 an vacsaín a mholtar don chuid is mó de dhaoine.

Tá seans ann nach mbeidh cuid daoine in ann an vacsaín seo a fháil, nó tá seans ann go bhfuil rogha déanta acu gan ceann a fháil. Toisc go bhfuil ailléirge orthu le ceann de chomhábhair na vacsaíne, cuir i gcás. I gcás mar sin, tá seans ann go dtairgfear vacsaín Novavax duit, ach í a bheith ar fáil.

Cuir glao ar HSELive ar 1800 700 700 lena fháil amach cén uair a bheidh vacsaín Novavax ar fáil.

Fo-iarmhairtí agus sábháilteacht na vacsaíní in aghaidh COVID-19

Athbhreithniú deireanach ar an leathanach: 6 Meán Fómhair 2024