Is é an vacsaín fliú a fháil an bealach is sábháilte chun tú féin a chosaint in aghaidh fliú.
Má tá tú 60 bliain d’aois nó os a chionn, is féidir leat an vacsaín fliú a fháil saor in aisce gach bliain.
Cá háit ar féidir an vacsaín fliú a fháil saor in aisce?
Is féidir leat an vacsaín fliú a fháil ó do dhochtúir teaghlaigh nó ó do chógaiseoir.
Is féidir leat an vacsaín fliú a fháil san áit a bhfuil cónaí ort:
- má tá cónaí ort i dteach altranais
- má tá tú gafa sa teach
Cén fáth ar cheart do dhaoine scothaosta an vacsaín fliú a fháil?
Is féidir leis an bhfliú a bheith contúirteach do dhaoine de gach aois.
Ach i gcás daoine atá 60 bliain d’aois nó os a chionn, is mó an baol:
- go mbeadh breoiteacht thromchúiseach orthu
- go mbeadh orthu dul chuig an ospidéal
- go bhfaighidís bás de bharr an fhliú
Formhór na ndaoine a fhaigheann bás de bharr an fhliú, bíonn siad 60 bliain d’aois nó os a chionn.
Imdhíonacht
Ba cheart duit an vacsaín fliú a fháil gach uile bhliain. An chúis atá leis sin ná go n-éiríonn na hantasubstaintí a chosnaíonn thú níos laige le himeacht ama. Athraíonn na tréithchineálacha fliú ó bhliain go bliain chomh maith.
Cé na daoine nár cheart dóibh an vacsaín fliú a fháil?
Níor cheart duit an vacsaín fliú a fháil:
- má bhí frithghníomhú trom ailléirgeach agat tar éis vacsaín fliú eile nó i leith aon cheann de chomhábhair na vacsaíne
- má tá teocht 38 céim Celsius nó níos airde ná sin ort – fan go dtí go mbeidh tú tagtha ar ais chugat féin arís sula bhfaighidh tú an vacsaín
- má tá cás tromchúiseach neodraipéine ort (líon íseal cineáil fuilcheall bán)
Labhair le do dhochtúir teaghlaigh ar dtús
Má tá neodraipéine uath-imdhíonachta phríomhúil ort, ba chóir go mbeifeá in ann an vacsaín fliú a fháil. Labhair le do dhochtúir teaghlaigh mura bhfuil tú cinnte.
Labhair le do dhochtúir teaghlaigh nó le speisialtóir má tá tú ag glacadh cógais a dtugtar comhchoscairí seicphointí orthu. Ipilimumab agus niovolúmab, cuir i gcás.
An vacsaín fliú agus ailléirge uibhe
Má tá ailléirge uibhe agat, labhair le do vacsaíneoir sula bhfaighidh tú an vacsaín. Is féidir le mórchuid na ndaoine a bhfuil ailléirge uibhe orthu an vacsaín fliú a fháil.
Fo-iarmhairtí
Tar éis duit an vacsaín a fháil, b’fhéidir go mbeadh roinnt fo-iarmhairtí éadroma ort.
Ina measc tá:
- pian, deirge nó at san áit ar tugadh an t-instealladh duit
- tinneas cinn
- fiabhras (teocht ard - 38 céim Celsius nó os a chionn)
- tinneas agus pianta
- cur allais agus crith
- tuirse
Má thagann aon cheann de na fo-iarmhairtí sin ort, lig do scíth agus glac paraicéiteamól.
Fo-iarmhairtí tromchúiseacha
Ní fheictear fo-iarmhairtí tromchúiseacha, amhail frithghníomhú trom ailléirgeach, ach go hannamh.
I gcásanna an-annamh, tuairiscíodh Siondróm Guillain-Barré (GBS). Is riocht é Siondróm Guillain-Barré (SGB, nó GBS i mBéarla) a chuireann isteach ar néaróga an choirp. Bíonn sé ina chúis le hathlasadh néaróg agus d’fhéadfadh pian, fuairnimh, laige matáin agus deacracht siúl a bheith ann mar thoradh air. Ach is mó ar fad an seans go bhfaighidh tú Siondróm Guillain-Barré ón bhfliú ná ón vacsaín fliú.
Report side effects
You can report any suspected side effects to the Health Products Regulatory Authority (HPRA): report an issue - hpra.ie
Vacsaíní eile
Ba cheart duit an vacsaín niúmacocúil a fháil freisin mura bhfuil sé faighte agat cheana. Is in aghaidh an niúmóine a chosnóidh sí thú. Is féidir an vacsaín sin a fháil ag an am céanna leis an vacsaín fliú.
Is féidir leat an vacsaín fliú a fháil ag an am céanna le do theanndáileog den vacsaín in aghaidh COVID-19 chomh maith.