Skip to main content

Warning notification:Warning

Unfortunately, you are using an outdated browser. Please, upgrade your browser to improve your experience with HSE. The list of supported browsers:

  1. Chrome
  2. Edge
  3. FireFox
  4. Opera
  5. Safari

Teanndáileog den vacsaín in aghaidh COVID-19

D’fhéadfadh an chosaint a fuair tú ó dháileoga eile nó ó ionfhabhtú COVID-19 éirí ní ba laige in imeacht ama.

Déanann teanndáileoga a gcion féin le do chuid antasubstaintí a threisiú agus fágann an chosaint mhaith a thugann siad duit gur lú an seans go mbeifeá go dona tinn nó go mbeadh ort dul chuig an ospidéal dá dtolgfá COVID-19.

Moltar teanndáileoga séasúracha do na daoine siúd is mó atá i mbaol breoiteachta má tholgann siad COVID-19.

Cé na daoine ar féidir leo teanndáileog shéasúrach a fháil?

Tá teanndáileoga an fhómhair/an gheimhridh ar fáil anois.

Cuirfear teanndáileog ar fáil duit i gcás go bhfuil tú:

Má tá tú idir 18 mbliana agus 59 bliain d’aois agus nach bhfuil tú i gceann de na grúpaí thuas, is féidir leat vacsaín a iarraidh fós. Labhair le do dhochtúir teaghlaigh nó le do chógaiseoir faoi na cúiseanna a bhfuil teanndáileog ag teastáil uait.

Is féidir leat teanndáileog den vacsaín in aghaidh COVID-19 a fháil ag an am céanna leis an vacsaín in aghaidh fliú.

Cá fhad ba cheart dom fanacht?

Caithfidh tú roinnt ama a fhágáil idir do vacsaín dheireanach in aghaidh COVID-19 nó ionfhabhtú COVID-19 agus an teanndáileog.

Fan 6 mhí tar éis duit do vacsaín dheireanach in aghaidh COVID-19 a fháil nó tar éis ionfhabhtú COVID-19 a bheith ort.

I gcás daoine áirithe a bhfuil an chosaint ag teastáil uathu níos gasta ná sin, is féidir leosan an teanndáileog a fháil 3 mhí tar éis dóibh a vacsaín dheireanach in aghaidh COVID-19 a fháil nó tar éis ionfhabhtú COVID-19 a bheith orthu. Iarr comhairle ar do dhochtúir teaghlaigh nó ar do chógaiseoir.

Tá comhairle ar leithligh ann i gcás go bhfuil tú ag iompar clainne.

Cá fhad ba cheart duit fanacht idir vacsaíní má tá tú ag iompar clainne?

Cén chaoi ar féidir teanndáileog a fháil?

Má tá tú 12 bhliain d’aois nó os a chionn, is féidir leat:

  • dul chuig cógaslann rannpháirteach
  • dul chuig do dhochtúir teaghlaigh má tá vacsaíniú in aghaidh COVID-19 á thairiscint aige nó aici
  • glaoch a chur ar HSELive ar 1800 700 700 lena fháil amach cá háit a bhfuil vacsaín ar fáil i do cheantar

Leanaí idir 6 mhí agus 11 bhliain d’aois

Ní mór do leanaí atá faoi bhun 12 bhliain d’aois dul chuig clinic siúil isteach le vacsaín a fháil.

Aimsigh clinic vacsaínithe siúil isteach

Cén vacsaín a thairgfear duit?

Tairgfear vacsaín oiriúnaithe Pfizer/BioNTech duit mar theanndáileog. Is vacsaín mRNA í sin.

Oibríonn vacsaíní oiriúnaithe ar an gcaoi chéanna le vacsaíní bunaidh Pfizer in aghaidh COVID-19. Táthar ag súil, mar sin féin, go dtabharfaidh siad tuilleadh cosanta fós in aghaidh na n-athraitheach de COVID-19 atá ag scaipeadh.

Féadfaidh tú vacsaín eile in aghaidh COVID-19 a fháil nach vacsaín mRNA í, ach a leithéid a bheith ar fáil, mura bhfuil vacsaín mRNA oiriúnach duit nó má dhéanann tú an cinneadh gan vacsaín mRNA a fháil.

Teanndáileog COVID-19 agus vacsaín fliú

Is féidir leat teanndáileog den vacsaín in aghaidh COVID-19 a fháil ag an am céanna leis an vacsaín in aghaidh fliú.

D’fhéadfadh sé go mbeadh na fo-iarmhairtí ní ba mheasa tar éis an dá vacsaín a fháil ag an am céanna. Beidh siad éadrom mar sin féin agus níor cheart go mairfidís i bhfad.

Fo-iarmhairtí

I measc na bhfo-iarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ann tá:

  • pian sa ghéag/sna géaga láimhe inar tugadh an vacsaín duit
  • tuirse (mothú tuirseach)
  • tinneas cinn
  • tinneas agus pianta sna matáin

Má airíonn tú míchompordach, tóg paraicéiteamól nó iobúpróifein de réir na dtreoracha ar an mbosca nó ar an mbileog eolais.

Sábháilteacht agus an teanndáileog

Tá roinnt dáileog de vacsaíní in aghaidh COVID-19 tugtha in an-chuid tíortha. Níl aon ní is údar imní ó thaobh sábháilteachta de tagtha chun cinn go fóill. Tá an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (an EMA) ag déanamh monatóireacht ar shábháilteacht na vacsaíní i gcónaí.

Is ionann fo-iarmhairtí vacsaíní oiriúnaithe Pfizer/BioNTech agus fo-iarmhairtí na vacsaíní bunaidh a bheag nó a mhór. Is iad tinneas cinn, fiabhras agus tuirse na fo-iarmhairtí is coitianta.

Is riochtaí athlastacha croí iad an miócairdíteas agus an peireacairdíteas agus is rioscaí an-annamh iad a bhaineann le vacsaíní mRNA.

Bíonn na fo-iarmhairtí annamha seo níos coitianta i measc fir atá faoi bhun 30 bliain d'aois tar éis dóibh an dara dáileog den phríomhvacsaín a fháil. Is cosúil nach bhfuil riosca na bhfo-iarmhairtí seo chomh mór sin tar éis na chéad teanndáileoige.

Fo-iarmhairtí na vacsaíne in aghaidh COVID-19

Má bhí frithghníomhú trom ailléirgeach (anaifiolacsas) ort riamh i leith trometamol, níor cheart duit vacsaín oiriúnaithe mRNA a fháil.

Labhair le do dhochtúir teaghlaigh, altra, cógaiseoir nó vacsaíneoir má bhíonn aon imní ort faoin teanndáileog a fháil.

Tar éis duit an teanndáileog in aghaidh COVID-19 a fháil

Ní foláir duit fanacht sa chlinic go ceann 15 nóiméad tar éis an vacsaín a fháil. Caithfidh tú é sin a dhéanamh lena chinntiú go bhfuil tú slán folláin sula n-imeoidh tú.

Más rud é go raibh frithghníomhú ailléirgeach tromchúiseach (anaifiolacsas) ort riamh, áfach, seans go mbeidh ort fanacht go ceann 30 nóiméad.

Faigh cúram leighis láithreach sna cásanna seo:

  • má tá saothar anála ort
  • má tá tú meadhránach
  • má tá buille an chroí go gasta ionat
  • má tá gríos craicinn ort

D'fhéadfaidís sin a bheith mar chomhartha go bhfuil frithghníomhú ailléirgeach ann. Is annamh frithghníomhú tromchúiseach ailléirgeach a bheith ann, áfach.

Athbhreithniú deireanach ar an leathanach: 6 Meán Fómhair 2024