Skip to main content

Warning notification:Warning

Unfortunately, you are using an outdated browser. Please, upgrade your browser to improve your experience with HSE. The list of supported browsers:

  1. Chrome
  2. Edge
  3. FireFox
  4. Opera
  5. Safari

Córas lag imdhíonachta agus vacsaíní in aghaidh COVID-19

Tá sé tábhachtach go mbeifeá vacsaínithe in aghaidh COVID-19 má tá córas lag imdhíonachta agat (imdhíon-sochta nó imdhíon-lagaithe).

Má tá córas lag imdhíonachta agat, is mó an baol go dtiocfaidh breoiteacht thromchúiseach ort má tholgann tú COVID-19. Tabharfaidh an vacsaín cosaint áirithe duit.

Liosta na riochtaí a bhfuil córas lag imdhíonachta ag baint leo

An cúrsa molta vacsaínithe in aghaidh COVID-19

Ba cheart do dhaoine atá 6 mhí d’aois nó os a chionn agus a bhfuil córas lag imdhíonachta acu an cúrsa molta vacsaínithe seo a leanas a fháil:

  • 2 dháileog mar do chéad bhabhta vacsaínithe in aghaidh COVID-19, agus 4 seachtaine eatarthu
  • tríú dáileog 8 seachtaine ina dhiaidh sin - má thugann speisialtóir comhairle duit í a fháil
  • teanndáileoga séasúracha nuair a chuirtear ar fáil iad

An chaoi le do vacsaín a fháil

Tabharfar vacsaíní duit san ospidéal más othar cónaitheach thú.

Má tá tú 12 bhliain d’aois nó os a chionn, tá sé de rogha agat freisin:

  • dul chuig cógaslann rannpháirteach
  • dul chuig do dhochtúir teaghlaigh má tá vacsaíniú in aghaidh COVID-19 á thairiscint aige nó aici

Leanaí faoi bhun 12 bhliain d’aois

Ní mór do leanaí atá faoi bhun 12 bhliain d’aois dul chuig clinic siúil isteach. Ní ceadmhach do dhochtúir teaghlaigh ná do chógaslann iad a vacsaíniú.

Téigh chuig an gclinic ceart d’aoisghrúpa do linbh. Ní hionann na dáileoga vacsaíne a chuirtear ar fáil d’aoisghrúpaí éagsúla leanaí.

Clinic vacsaínithe siúil isteach do leanaí a aimsiú

An tríú dáileog

Seans nach mbeidh na vacsaíní in aghaidh COVID-19 chomh héifeachtach céanna duitse agus mar atá do dhaoine eile.

Má bhíonn córas lag imdhíonachta agat tráth a bhfaighidh tú an chéad chúrsa vacsaíní in aghaidh COVID-19, beidh 2 dháileog de dhíth ort don chéad bhabhta sin d’fhonn cosaint níos fearr a thabhairt duit.

Tá seans ann go molfaidh do dhochtúir duit tríú dáileog a fháil d’fhonn cosaint níos fearr a thabhairt duit. Labhair le d’fhoireann san ospidéal nó le do dhochtúir teaghlaigh má tá córas lag imdhíonachta agat agus má tá seans ann go mbeidh tríú dáileog de dhíth ort.

Cathain ba cheart an tríú dáileog a fháil?

Ba cheart duit an tríú dáileog a fháil 8 seachtaine tar éis an dara dáileog. Ach is féidir leat í a fháil 4 seachtaine tar éis an dara dáileog más gá duit an chosaint a fháil go práinneach.

Má tháinig COVID-19 ort tar éis an dara dáileog

Má tháinig ionfhabhtú COVID-19 ort ní ba mhó ná 7 lá tar éis duit an dara dáileog den vacsaín a fháil, ní bheidh an tríú dáileog ag teastáil uait. Ba chóir duit teanndáileoga a fháil nuair a chuirtear ar fáil iad, áfach.

Má thagann COVID-19 ort laistigh de 7 lá tar éis an dara dáileog a fháil, ba cheart duit an tríú dáileog a fháil idir 4 agus 8 seachtaine tar éis an ionfhabhtaithe COVID-19. Ní gá duit í sin a fháil ach amháin má mholann do dhochtúir nó d’fhoireann san ospidéal duit í a fháil.

Liosta na riochtaí a bhfuil córas lag imdhíonachta ag baint leo

Cloígh leis an gcúrsa molta vacsaínithe in aghaidh COVID-19 ar an leathanach seo má tá córas lag imdhíonachta agat.

Breathnaigh tríd an liosta de na riochtaí agus na cóireálacha a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le córas lag imdhíonachta.

Deimhneoidh do dhochtúir teaghlaigh nó do lia comhairleach san ospidéal cibé acu ba cheart duit tríú dáileog nó teanndáileog a fháil.

Má diagnóisíodh le déanaí go bhfuil córas lag imdhíonachta agat, beidh ar do dhochtúir teaghlaigh tú a atreorú le dul faoi vacsaíniú in aghaidh COVID-19.

Ailse

I measc na n-othar ailse atá i gceist tá othair ailse:

  • atá ag fáil ceimiteiripe chíteatocsaineach shistéamach, teiripe spriocdhírithe, antasubstaintí monaclónacha nó imdhíon-teiripí, nó a fuair a leithéid le 6 seachtaine anuas
  • atá á gcóireáil, nó atá ag feitheamh ar chóireáil, le haghaidh ailse haemaiteolaíoch
  • a fuair cóireáil le haghaidh ailse haemaiteolaíoch nach mó ná 5 bliana ó shin
  • atá ag dul faoi obráid nó radaiteiripe le haghaidh ailse scamhóg nó ailse cinn agus muiníl, nó a chuaigh faoina leithéid d’obráid nó radaiteiripe le 6 seachtaine anuas
  • a bhfuil ailse mheiteastáiseach aibithe orthu

Áirítear le hailse haemaiteolaíoch:

  • leoicéime
  • liomfómaí
  • discrasia fola
  • neoplasmaí urchóideacha eile a chuireann isteach ar an smior nó ar chórais limfeacha
Galar ainsealach an duáin

Daoine a bhfuil galar ainsealach an duáin orthu agus:

  • a mbíonn scagdhealú á dhéanamh orthu, nó a bhfuil a eGFR níos lú ná 15ml/nóim
  • a bhfuil a eGFR níos lú ná 30ml/nóim
Trasphlandú

Daoine:

  • atá liostaithe le haghaidh trasphlandú orgáin sholadaigh nó trasphlandú gascheall haematapóéiseach (HSCT)
  • a chuaigh faoi thrasphlandú orgáin sholadaigh am ar bith
  • a chuaigh faoi thrasphlandú gascheall haematapóéiseach (HSCT) le 12 mhí anuas
Galair ghéiniteacha

Daoine a bhfuil ceann ar bith seo a leanas orthu:

  • diostróife eicteadheirmeach uath-imdhíonachta candaidiáise il-inchríneapaite (APECED)
  • earráid inbheirthe ar chonair na n-inteirféarón
  • roinnt uireasaí B-cheall agus T-cheall
Cóireáil

Daoine atá á gcóireáil le:

  • Cioglafosfaimíd
  • Rituximab
  • Alemtuzumab
  • Cladribine
  • Ocrelizumab
Ard-dáileog de stéaróidigh shistéamacha

Is dócha go mbeadh na dáileoga seo a leanas de phreidneasólón (nó dáileog choibhéiseach de ghlúcacortacóideach eile) imdhíon-sochtach:

  • daoine fásta agus leanaí os cionn 10kg: ≥40mg/lá ar feadh níos mó ná 1 seachtain amháin, nó ≥20mg/lá ar feadh 2 sheachtain nó níos faide
  • leanaí faoi bhun 10kg: 2mg/kg/lá ar feadh 2 sheachtain nó níos faide
VEID (HIV)

Daoine atá ag maireachtáil le VEID ach nach bhfuil cóireáil á cur orthu, nó a bhfuil a gcomhaireamh CD4 níos lú ná 200/10-6L i gcás daoine fásta

Sábháilteacht agus fo-iarmhairtí vacsaíní in aghaidh COVID-19

Tá na vacsaíní uile in aghaidh COVID-19 a úsáidtear in Éirinn ceadaithe ag an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach

Sábháilteacht agus fo-iarmhairtí na vacsaíní in aghaidh COVID-19 a úsáidtear in Éirinn

Fanacht slán sábháilte ó COVID-19

Seachain suíomhanna ina bhféadfá an víreas a tholgadh, amhail áiteanna plódaithe.

Ba cheart do na daoine go léir a bhfuil cónaí orthu leat coinneáil suas chun dáta leis na vacsaíní in aghaidh COVID-19. Beidh sibh ar fad cosanta in aghaidh COVID-19 ansin.

COVID-19 agus daoine a bhfuil córas lag imdhíonachta acu, lena n-áirítear eolas ar stéaróidigh

Athbhreithniú deireanach ar an leathanach: 6 Meán Fómhair 2024