Baineann an ráiteas inrochtaineachta seo le gach inneachar atá foilsithe ar www2.hse.ie/accessibility-statement/, www2.hse.ie/babies-children/, www2.hse.ie/complaints-feedback/, www2.hse.ie/conditions/, www2.hse.ie/contact/, www2.hse.ie/cookie-statement/, www2.hse.ie/living-well/, www2.hse.ie/mental-health/, www2.hse.ie/my-child/, www2.hse.ie/pregnancy-birth/, www2.hse.ie/screening-and-vaccinations/, www2.hse.ie/services/.
Is í Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) a dhéanann an láithreán gréasáin seo a reáchtáil.
Is mian linn go mbeidh an oiread daoine agus is féidir in ann an láithreán gréasáin seo a úsáid.
Mar shampla, ciallaíonn sé sin gur cheart go mbeifeá in ann:
- zúmáil isteach suas le 300% gan an téacs a thitim den scáileán
- nascleanúint a dhéanamh ar an gcuid is mó den láithreán gréasáin gan ach méarchlár a úsáid
- nascleanúint a dhéanamh ar an gcuid is mó den láithreán gréasáin leis an aithint gutha
- éisteacht leis an gcuid is mó den láithreán gréasáin le léitheoir scáileáin
- breathnú ar an inneachar ar bhealaí éagsúla gan faisnéis ná struchtúr a chailleadh
Rinneamar téacs an láithreáin gréasáin chomh héasca le tuiscint agus ab fhéidir chomh maith.
Codanna den láithreán nach bhfuil chomh maith céanna ó thaobh inrochtaineachta de
Níl an inrochtaineacht curtha i bhfeidhm go hiomlán ar chodanna áirithe den láithreán gréasáin seo, mar shampla:
- tá naisc ar roinnt leathanach chuig láithreáin ghréasáin nó bogearraí nach linne iad nó nach bhfuil faoinár mbainistiú agus, mar sin, ní féidir linn a n-inrochtaineacht a ráthú
- níl an ghiuirléid aiseolais atá ar gach leathanach inrochtana ag gach úsáideoir, go háirithe iad siúd atá ag baint úsáid as teicneolaíochtaí cúnta
- rachaidh sé deacair ar roinnt úsáideoirí teicneolaíochta cúnta a dhéanamh amach cibé acu atá roghchlár scoráin leathnaithe nó leacaithe, mar shampla, an roghchlár agus na roghanna cuardaigh atá sa phainéal nascleanúna domhanda
Aiseolas agus faisnéis teagmhála
Más rud é go bhfuil eolas ar an láithreán gréasáin seo atá ag teastáil uait i bhformáid eile, cuir ríomhphost chuig digital@hse.ie. Tiocfaimid ar ais chugat faoi cheann 7 lá.
Fadhbanna inrochtaineachta leis an láithreán gréasáin seo a thuairisciú
Má thagann tú ar fhadhb ar bith nach bhfuil liostaithe ar an leathanach seo nó má cheapann tú nach bhfuil na ceanglais inrochtaineachta á gcomhlíonadh againn, déan teagmháil le digital@hse.ie.
Nós imeachta forfheidhmithe
Mura mbeidh tú sásta lenár bhfreagra, nó más mian leat ceist inrochtaineachta a ardú nach mbaineann leis an láithreán gréasáin seo, is féidir leat gearán a dhéanamh ar líne ar leathanach gearán agus aiseolais FSS.
Stádas comhlíonta
Tá an láithreán gréasáin seo i gcomhréir pháirteach le leagan 2.1 de na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán, Caighdeán AA.
Inneachar neamh-inrochtana
Tá an t-inneachar neamh-inrochtana liostaithe thíos. Tá sé mar aidhm againn na fadhbanna seo a réiteach faoi mhí na Samhna 2023.
Inneachar neamh-inrochtana
- Tá ábhar ar roinnt leathanach a bhfuil airde líne sheasta luaite leo, chomh maith le spásáil téacs nach féidir a mhionathrú.
- Ní féidir le gach úsáideoir roinnt comhpháirteanna den chomhéadan úsáideora a dhéanamh amach trí mheán clár ríomhaireachta.
- Tá fadhbanna ordaithe fócais agus ordaithe parsála i gceist le roinnt leathanach, rud a mbíonn úsáideoirí ar theicneolaíochtaí cúnta éagsúla thíos leis.
PDFanna agus doiciméid nach doiciméid HTML iad
Níl gnéithe inrochtaineachta curtha i bhfeidhm i roinnt doiciméad, amhail téacs malartach agus struchtúr doiciméid a bheith in easnamh.
Ní PDFanna inrochtana iad siúd a cruthaíodh roimh 2018.
Déan teagmháil le digital@hse.ie le doiciméid a iarraidh i bhformáid eile.
Ualach díréireach
Creidimid go mbeadh sé díréireach na fadhbanna inrochtaineachta a réiteach atá le cuid den inneachar atá in PDFanna agus i bhfíseáin toisc go bhfuil an t-inneachar atá i gceist á nuashonrú faoi láthair.
Ullmhú an ráitis inrochtaineachta seo
Ullmhaíodh an ráiteas seo an 20 Bealtaine 2022. Rinneadh an t-athbhreithniú is déanaí air an 31 Iúil 2023. Rinneadh an tástáil is déanaí ar an láithreán gréasáin seo le haghaidh fadhbanna inrochtaineachta an 25 Iúil 2023. Rannóg Dhigiteach FSS a rinne an tástáil sin.
An chaoi a ndearnamar an tástáil
Bhaineamar úsáid as leagan 2.1 de na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán (WCAG), Leibhéal A agus Leibhéal AA, leis an leibhéal comhlíonta a thástáil agus a iniúchadh.
Rinneamar an láithreán a thástáil ar rogha gléasanna, léitheoirí scáileáin agus brabhsálaithe.
A bhfuil ar bun againn d’fhonn cúrsaí inrochtaineachta a fheabhsú
Tá foireann ildisciplíneach curtha le chéile againn atá ag obair ar cheist na hinrochtaineachta ar bhonn leanúnach. Tá inneachar á chur ina cheart ar bhonn práinne ag rannóga agus ag gníomhaireachtaí i gcás nach bhfuil sé ag teacht le leagan 2.1 de na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán (WCAG), Caighdeán AA. Déanfaimid an leathanach seo a nuashonrú de réir mar a chuirfear na fadhbanna ina gceart.