Skip to main content

Warning notification:Warning

Unfortunately, you are using an outdated browser. Please, upgrade your browser to improve your experience with HSE. The list of supported browsers:

  1. Chrome
  2. Edge
  3. FireFox
  4. Opera
  5. Safari

Toircheas agus an vacsaín fliú

Má tá tú ag iompar clainne, ba cheart duit an vacsaín fliú a fháil. Is féidir leat í a fháil saor in aisce anois ó do dhochtúir teaghlaigh nó ó chógaslann.

Cén fáth ar cheart duit an vacsaín fliú a fháil?

Rud thar a bheith contúirteach é an fliú do mhná atá ag iompar clainne agus d’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le:

  • breith roimh am
  • meáchan breithe níos ísle
  • marbh-bhreith
  • tú a chur san ospidéal

Is féidir leis an vacsaín fliú do leanbh a chosaint in aghaidh an fhliú go dtí go mbeidh 6 mhí d’aois slánaithe aige nó aici. Is féidir léi tú a chosaint ina aghaidh chomh maith, rud a fhágann nach dtabharfaidh tú ar aghaidh do do leanbh é.

An vacsaín fliú do mhná atá ag iompar clainne (físeán)

Sábháilteacht

Tá an vacsaín fliú sábháilte do mhná atá ag iompar agus don chlann atá á hiompar acu. Tá sé tugtha do na milliúin ban torrach.

Tá sí á tabhairt do mhná sna Stáit Aontaithe le beagnach 60 bliain anuas.

Cathain ba cheart an vacsaín fliú a fháil?

Bíonn an vacsaín fliú ar fáil ó Dheireadh Fómhair go deireadh mhí Aibreáin gach bliain.

Is féidir leat an vacsaín a fháil am ar bith le linn do thoirchis. Bíodh sin mar atá, moltar duit í a fháil chomh luath i do thoircheas agus is féidir leat.

Is féidir í a fháil ag an am céanna leis an vacsaín treacha agus leis an vacsaín in aghaidh COVID-19. Má tá an vacsaín in aghaidh COVID-19 faighte agat, ba cheart duit an vacsaín fliú a fháil chomh maith.

Má bhí tú ag iompar clainne le linn shéasúr an fhliú anuraidh agus má fuair tú an vacsaín fliú ansin, ba cheart duit an vacsaín fliú a fháil arís i mbliana.

Na vacsaíní a bhíonn ag teastáil le linn toirchis

Fo-iarmhairtí

Tar éis duit an vacsaín a fháil, b’fhéidir go mbeadh roinnt fo-iarmhairtí éadroma ort.

Ina measc tá:

Má thagann aon cheann de na fo-iarmhairtí sin ort, glac paraicéiteamól agus lig do scíth. Tá sé slán sábháilte paraicéiteamól a ghlacadh agus tú ag iompar. Cabhróidh sé leatsa agus le do leanbh sa bhroinn fiabhras a choinneáil ó dhoras.

Ná glac iobúpróifein ach amháin má thugann d’obstatraí comhairle duit déanamh amhlaidh.

Is iondúil go mbíonn frithghníomhuithe éadrom, agus is an-annamh a fheictear droch-fho-iarmhairtí ar nós frithghníomhuithe ailléirgeacha tromchúiseacha. Is eol do do dhochtúir teaghlaigh nó do chógaiseoir cén chaoi déileáil leo mar sin féin.

Non-urgent advice: Labhair le do dhochtúir teaghlaigh:

  • má bhíonn tú tinn tar éis an vacsaín fliú a fháil

Ná déan talamh slán de gurb iad fo-iarmhairtí na vacsaíne is cúis leis.

Athbhreithniú deireanach ar an leathanach: 6 Meán Fómhair 2024
Le hathbhreithniú arís: 6 Meán Fómhair 2027