An séasúr fliú seo, cuirfear an vacsaín sróine in aghaidh an fhliú ar fáil saor in aisce do gach leanbh atá idir 2 bhliain agus 17 mbliana d’aois.
Mura bhfuil an vacsaín sróine ar fáil, is féidir leo vacsaín a fháil mar instealladh.
Cén fáth ar cheart do leanaí an vacsaín fliú a fháil?
Déanann an vacsaín fliú a cion féin le leanaí a chosaint in aghaidh an fhliú.
Ní bhíonn ach siomptóim éadroma ar an gcuid is mó de leanaí a tholgann fliú. Is baolach áfach go dtiocfadh aimhréidheanna tromchúiseacha ón bhfliú ar leanaí agus ar dhaoine óga a bhfuil riochtaí fadtéarmacha sláinte orthu cheana féin.
I roinnt leanaí, d’fhéadfadh sé go mbeadh fliú ina chúis le fadhbanna amhail:
- niúmóine
- broincíteas
- athlasadh na hinchinne (einceifealaíteas)
D’fhéadfadh sé go mbeadh ar leanaí a bhfuil fliú orthu cóir leighis a fháil san ospidéal. D’fhéadfadh sé go mbeadh dianchúram ag teastáil ó chuid acu fiú.
Tugadh beagnach 5,000 leanbh isteach san ospidéal idir 2009 agus 2019 de bharr go raibh aimhréidheanna fliú orthu. Cuireadh cóir leighis ar nach mór 200 leanbh san aonad dianchúraim agus fuair 40 leanbh bás.
Cé na daoine nár cheart dóibh an vacsaín fliú a fháil?
Ní bheidh líon an-bheag leanaí agus daoine óga in ann an vacsaín sróine in aghaidh an fhliú a fháil ar chúiseanna leighis.
Níor cheart do do leanbh an vacsaín sróine a fháil:
-
má bhí frithghníomhú trom ailléirgeach aige nó aici tar éis vacsaín fliú eile nó i leith aon cheann de na comhábhair
-
má tá asma air nó uirthi agus má bhí sé nó sí ag píobarnach nó ag úsáid an análóra ní ba mhinice ná mar is gnách le trí lá roimh dó nó di an vacsaín fliú a fháil
-
má tá sé nó sí ag glacadh salaicioláití, aspairín ina measc
-
má tá an córas imdhíonachta aige nó aici lagaithe go dona mar thoradh ar riochtaí áirithe sláinte nó cóireálacha áirithe
-
má tá cónaí air nó uirthi le duine a bhfuil a chóras imdhíonachta atá lagaithe go dona aige (duine, cuir i gcás, atá tar éis dul faoi thrasphlandú smeara)
-
má tá cógas frithvíreasach fliú glactha aige nó aici le 48 uair an chloig anuas
-
má tá riocht air nó uirthi a fhágann go bhfuil sreabhán ceirbreadhromlaigh á sceitheadh – is é sin an sreabhán atá timpeall ar an inchinn agus ar chorda an dromlaigh
-
má tá sí ag iompar clainne
-
má tá cás tromchúiseach neodraipéine ort (líon íseal cineáil fuilcheall bán)
Labhair le do dhochtúir teaghlaigh do linbh ar dtús
Labhair le dochtúir do linbh sula bhfaighidh sé nó sí an vacsaín sróine in aghaidh an fhliú:
- má tá neodraipéine uath-imdhíonachta phríomhúil air nó uirthi
- má tá cás tromchúiseach d’asma air nó uirthi
- má tá ionchlannán cochla aige nó aici
- má tá sé nó sí ag glacadh 2 chógas darb ainm comhchoscairí seicphointí (ipilimumab agus niovolúmab, cuir i gcás), cógas a úsáidtear mar chóir leighis in aghaidh ailse – d’fhéadfadh sé nach mbeadh sé nó sí in ann an vacsaín fliú a fháil
Mura féidir le do leanbh an vacsaín sróine a fháil, labhróidh do dhochtúir teaghlaigh nó do chógaiseoir leat faoin vacsaín fliú a thabhairt do do leanbh mar instealladh.
An vacsaín fliú agus ailléirge uibhe
Má tá ailléirge ar do leanbh le huibheacha, labhair le dochtúir teaghlaigh do linbh nó leis an vacsaíneoir sula bhfaighidh sé nó sí an vacsaín. Is féidir le mórchuid na ndaoine a bhfuil ailléirge uibhe orthu an vacsaín fliú a fháil.
Cá háit ar féidir le leanaí an vacsaín fliú a fháil?
Is féidir le do leanbh an vacsaín fliú a fháil ó do dhochtúir teaghlaigh nó ó do chógaiseoir.
Má tá do leanbh idir 2 bhliain agus 17 mbliana d’aois, tá an vacsaín féin agus an comhairliúchán leis an dochtúir teaghlaigh nó leis an gcógaiseoir saor in aisce.
I gcás roinnt leanaí bunscoile, cuirfidh dochtúir teaghlaigh nó cógaiseoir áitiúil an vacsaín sróine in aghaidh an fhliú ar fáil saor in aisce dóibh ar scoil.
Cén chaoi a dtugtar an vacsaín sróine in aghaidh an fhliú?
Gheobhaidh do leanbh an vacsaín mar sprae isteach ina shrón.
Déanfaidh an vacsaíneoir spraeáil uair amháin i ngach poll sróine. Ní bheidh sé pianmhar.
Is féidir le do leanbh análú mar is gnách agus an vacsaín á fáil aige nó aici. Ní gá anáil dhomhain a tharraingt isteach tríd an tsrón ná aon cheo mar sin.
D’fhéadfadh sé go mbeadh 2 dháileog, 4 seachtaine eatarthu, ag teastáil ó roinnt leanaí a bhfuil riochtaí ainsealacha sláinte orthu. Riochtaí ainsealacha croí nó scamhóige, cuir i gcás.
Sábháilteacht
Déantar tástáil ar gach vacsaín lena chinntiú nach ndéanfaidh sí dochar ar bith do do leanbh.
Tá an vacsaín sróine in aghaidh an fhliú á tabhairt do leanaí in Éirinn ó 2020 i leith.
Fo-iarmhairtí
Tar éis do do leanbh an vacsaín a fháil, b’fhéidir go dtiocfadh roinnt fo-iarmhairtí éadroma air nó uirthi. D’fhéadfadh cuid de na fo-iarmhairtí a bheith an-chosúil leis an bhfliú féin. Ach is cinnte nach bhfaighidh sé nó sí an fliú ón vacsaín fliú.
Éadrom a bhíonn na fo-iarmhairtí is coitianta agus áirítear leo:
- pian sna matáin
- tuirse
- cantal
- goile laghdaithe
- tinneas cinn
- srón ag rith nó srón phlúchta
- pian agus at san áit ar tugadh an t-instealladh
Tagann fiabhras (teocht ard) ar roinnt leanaí tar éis an vacsaín a fháil. Bíonn sé éadrom de ghnáth agus imíonn gan gá aon rud a dhéanamh.
Ba chóir go n-imeodh na fo-iarmhairtí sin tar éis lae nó dhó.
Ní fheictear fo-iarmhairtí tromchúiseacha, amhail frithghníomhú trom ailléirgeach, ach go hannamh.
I gcásanna an-annamh, tuairiscíodh Siondróm Guillain-Barré (GBS). Is riocht é Siondróm Guillain-Barré (SGB, nó GBS i mBéarla) a chuireann isteach ar néaróga an choirp. Bíonn sé ina chúis le hathlasadh néaróg agus d’fhéadfadh pian, fuairnimh, laige matáin agus deacracht siúl a bheith ann mar thoradh air. Is mó ar fad an seans go bhfaighidh tú Siondróm Guillain-Barré (SGB, nó GBS i mBéarla) ón bhfliú ná ón vacsaín fliú.
Imdhíonacht
Is é an treoir ghinearálta go laghdaíonn vacsaíní fliú an baol ionfhabhtaithe ó 40% go 60%.
Tabharfaidh an vacsaín fliú cosaint do leanbh in aghaidh na gcineálacha is coitianta fliú. Seans go bhfaighidh do leanbh an fliú mar sin féin má thagann sé nó sí i dteagmháil le cineál fliú nach bhfuil sa vacsaín.
Mura bhfaigheann do leanbh an vacsaín, ba cheart dó nó di a bheith thar a bheith cúramach faoi fhliú agus é nó í féin a chosaint ina aghaidh.
Cosain do leanbh in aghaidh an fhliú
Chomh maith leis an vacsaín a fháil, déan cinnte de go ndéanann do leanbh na rudaí seo a leanas le hé nó hí féin a chosaint ar an bhfliú:
- lámha a ní i gceart agus go minic – bain úsáid as gallúnach agus uisce nó glan le díghalrán alcóil iad
- casachtaí nó sraothanna a dhéanamh isteach i gciarsúr páipéir nó muinchille
- na ciarsúir pháipéir úsáidte a chur i mbosca bruscair agus na lámha a ní i gceart ina dhiaidh sin