Skip to main content

Warning notification:Warning

Unfortunately, you are using an outdated browser. Please, upgrade your browser to improve your experience with HSE. The list of supported browsers:

  1. Chrome
  2. Edge
  3. FireFox
  4. Opera
  5. Safari

An vacsaín fliú – Forléargas

Ionfhabhtú víreasach tógálach is ea an fliú a bhíonn á scaipeadh gach geimhreadh. Is é vacsaín fliú a fháil an chaoi is fearr chun tú féin a chosaint in aghaidh fliú

Is é an t-am is fearr leis an vacsaín fliú a fháil ná sula dtosaíonn séasúr an fhliú.

Bíonn sí ar fáil ó Dheireadh Fómhair go deireadh mhí Aibreáin gach bliain.

Cé atá in ann vacsaín fliú saor in aisce a fháil?

Daoine scothaosta agus an vacsaín fliú

Is mó an baol go n-éireodh daoine atá 65 bliain d’aois agus os a chionn go dona tinn leis an bhfliú.

Tuilleadh eolais faoin vacsaín fliú do dhaoine atá 65 bliain d’aois agus os a chionn

Toircheas agus an vacsaín fliú

Is féidir leis an vacsaín fliú tú a chosaint in aghaidh fliú, rud a fhágann nach dtabharfaidh tú ar aghaidh do do leanbh é.

Tuilleadh eolais faoin vacsaín fliú a fháil agus tú ag iompar clainne

Leanaí agus an vacsaín fliú

Is féidir le leanaí agus daoine óga atá idir 2 bhliain agus 17 mbliana d’aois an vacsaín sróine in aghaidh fliú a fháil.

Tuilleadh eolais faoin vacsaín fliú do leanaí

Oibrithe cúraim sláinte agus an vacsaín fliú

Táimid ag moladh d’oibrithe cúraim sláinte an vacsaín fliú a fháil d’fhonn iad féin, a gcuid othar agus na daoine a n-oibríonn siad leo a chosaint.

Tuilleadh eolais faoin vacsaín fliú d’oibrithe cúraim sláinte

Cineálacha vacsaíne fliú

I mbliana, tá dhá chineál éagsúla vacsaíne fliú á dtairiscint do ghrúpaí éagsúla:

  • vacsaín cheathairfhiúsach in aghaidh fliú (QIV)
  • vacsaín chaolaithe bheo in aghaidh fliú (LAIV)

Vacsaín cheathairfhiúsach in aghaidh fliú (QIV)

Tá an vacsaín seo á moladh do:

  • daoine atá 65 bliain d’aois nó os a chionn
  • mná atá ag iompar clainne
  • daoine atá idir 18 mbliana agus 64 bliain d’aois a bhfuil riochtaí sláinte fadtéarmacha orthu
  • oibrithe cúraim sláinte

Tá dhá bhranda de vacsaíní QIV ar fáil i mbliana:

  • Vacsaín Cheathairfhiúsach in aghaidh Fliú (víorón scoilte, neamhghníomhaithe) arna monarú ag Sanofi Pasteur
  • Influvac Tetra arna mhonarú ag Mylan

Tá an dá vacsaín inmhalartaithe.

Vacsaín chaolaithe bheo in aghaidh fliú (LAIV)

Vacsaín sprae sróine í sin do leanaí agus daoine óga atá idir 2 bhliain agus 17 mbliana d’aois

Is é Fluenz Tetra an t-ainm branda atá uirthi agus is é AstraZeneca AB a dhéanann í a mhonarú.

An vacsaín fliú agus ailléirge uibhe

Má tá ailléirge uibhe agat, labhair le do vacsaíneoir sula bhfaighidh tú an vacsaín. Is féidir le mórchuid na ndaoine a bhfuil ailléirge uibhe orthu an vacsaín fliú a fháil.

An chaoi a n-oibríonn an vacsaín fliú

Is é vacsaín fliú a fháil an chaoi is fearr chun tú féin a chosaint in aghaidh fliú Tógann sé thart ar 2 sheachtain ar an vacsaín tosú ag obair.

Cabhraíonn an vacsaín fliú le do chóras imdhíonachta antasubstaintí a tháirgeadh le troid in aghaidh ionfhabhtú. Má fhaigheann tú an vacsaín, ní bheidh an riosca céanna ann go n-éireofá tinn dá dtiocfá i dteagmháil le víreas an fhliú.

Cosaint in aghaidh fliú

Beidh mórchuid na ndaoine a fhaigheann an vacsaín cosanta in aghaidh an fhliú. Is féidir an fliú a tholgadh fós tar éis an vacsaín a fháil. Ach ba chóir go mbeadh siomptóim ní b’éadroime ort agus go dtiocfá ar ais chugat féin ní ba ghasta.

Ní fios go fóill cé chomh héifeachtach is atá vacsaíní na bliana seo. Ach is iondúil go laghdaíonn an vacsaín an baol go bhfaigheadh duine an fliú idir 40% agus 60%. Ní mór duit an vacsaín fliú a fháil gach bliain. An chúis atá leis sin ná go n-éiríonn na hantasubstaintí a chosnaíonn thú níos laige le himeacht ama. Athraíonn na tréithchineálacha fliú ó bhliain go bliain chomh maith.

An vacsaín fliú agus vacsaíní eile

Má fuair tú vacsaíní eile le déanaí, tá sé slán sábháilte an vacsaín fliú a fháil anois.

Mar shampla, má fuair tú:

  • dáileoga, teanndáileoga nó dáileoga breise den vacsaín in aghaidh COVID-19
  • an vacsaín niúmacocúil (an vacsaín in aghaidh niúmóine) – moltar í seo má tá tú 65 bliain d’aois nó os a chionn
  • vacsaíní a thugtar ar scoil

Leanaí atá idir 12 mhí agus 23 mí d’aois atá i mbaol ó thaobh míochaine de

Fág 1 seachtain ar a laghad idir an vacsaín fliú agus an vacsaín niúmacocúil (PCV 13). Laghdaítear riosca na n-aimhréidheanna a bhaineann le fiabhras ar an gcaoi sin.

Cé na daoine nár cheart dóibh an vacsaín fliú a fháil?

Níor cheart duit an vacsaín fliú a fháil:

  • má bhí frithghníomhú trom ailléirgeach agat tar éis vacsaín fliú eile nó i leith aon cheann de chomhábhair na vacsaíne (polasorbáit 80 ina measc)
  • má tá tú ag glacadh cógas ar a dtugtar comhchoscairí seicphointí, ipilimumab agus niovolúmab, cuir i gcás
  • má tá teocht níos airde ná 38 céim Celsius ort – fan go dtí go mbeidh tú tagtha ar ais chugat féin arís sula bhfaighidh tú an vacsaín
  • má tá cás tromchúiseach neodraipéine ort – líon íseal cineáil fuilcheall bán

Má tá neodraipéine uath-imdhíonachta phríomhúil ort, ba chóir go mbeifeá in ann an vacsaín fliú a fháil. Labhair le do dhochtúir teaghlaigh mura bhfuil tú cinnte.

Cosain thú féin ar fhliú

Mura bhfaigheann tú an vacsaín fliú, ní mór duit bearta breise a dhéanamh le tú féin a chosaint.

Cosain thú féin ón bhfliú ar na bealaí seo a leanas:

  • lámha a ní i gceart agus go minic – bain úsáid as gallúnach agus uisce nó glan le díghalrán alcóil iad
  • casachtaí nó sraothanna a chlúdach le ciarsúr páipéir nó muinchille
  • ciarsúir pháipéir a chur sa bhruscar tar éis a n-úsáide
Information:

Reáchtáiltear gach uile chlár imdhíonta de chuid FSS i gcomhréir le moltaí an Choiste Comhairligh Náisiúnta um Imdhíonadh (NIAC).

Athbhreithniú deireanach ar an leathanach: 3 Deireadh Fómhair 2022
Le hathbhreithniú arís: 3 Deireadh Fómhair 2025