Skip to main content

Warning notification:Warning

Unfortunately, you are using an outdated browser. Please, upgrade your browser to improve your experience with HSE. The list of supported browsers:

  1. Chrome
  2. Edge
  3. FireFox
  4. Opera
  5. Safari

Siomptóim agus diagnóisiú

Fliú agus COVID-19

Tá siomptóim COVID-19 (coróinvíreas) cosúil le siomptóim fliú. Is é an phríomhdhifríocht ná nach bhfeictear giorra anála de ghnáth i gcás fliú.

Tuilleadh eolais maidir le siomptóim COVID-19 agus céard ba cheart a dhéanamh

Ionfhabhtú tromchúiseach é an fliú arb é víreas is cúis leis. Déanann víreas an fhliú do scamhóga agus uachtar d’aerbhealaí a ionfhabhtú. 

Tá sé deacair fliú a thuar. Más duine óg, sláintiúil thú, is gnách go n-aireofá tinn go ceann seachtaine nó mar sin, ach ní bheadh ort dul chuig an dochtúir. Is féidir formhór na gcásanna fliú a chóireáil sa bhaile.

Ní fiú dada iad na hantaibheathaigh in aghaidh an fhliú. Aireoidh tú níos fearr má ólann tú neart leachtanna agus má fhaigheann tú an-chuid codlata.

An chuid is mó de dhaoine a cheapann a bhfuil fliú orthu, is é slaghdán atá orthu i ndáiríre.

Sa gheimhreadh a fheictear an fhíorfhliú de ghnáth. Is iondúil go mbíonn sé ag scaipeadh idir mí Dheireadh Fómhair agus mí Aibreáin.

Tá daoine áirithe i mbaol aimhréidheanna tromchúiseacha ón bhfliú.

I measc na ndaoine atá i mbaol aimhréidheanna tá:

  • daoine atá 65 bliain d’aois nó os a chionn
  • mná atá ag iompar clainne
  • daoine a bhfuil riocht sláinte fadtéarmach orthu
  • leanaí idir 2 bhliain agus 12 bhliain d’aois

Tuilleadh eolais maidir leis an vacsaín fliú do leanaí idir 2 bhliain agus 12 bhliain d’aois

Is féidir leat teacht ar liosta de ghrúpaí eile atá i mbaol anseo.

Má tá fliú ort agus má tá tú i mbaol aimhréidheanna, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le do dhochtúir teaghlaigh. D’fhéadfadh sé go mbeadh cógais fhrithvíreasacha ar leith ag teastáil uait. Is fearr a oibríonn siad sin má chuirtear tús leo laistigh de 48 uair an chloig tar éis theacht na siomptóm fliú.

Siomptóim

Tagann siomptóim fliú ar dhaoine go han-sciobtha agus áirítear leo pian sna matáin agus fiabhras ard. Feictear tinneas cinn go han-mhinic. Aireoidh tú thar a bheith lag agus b’fhéidir go rachadh sé deacair ort éirí amach as an leaba fiú. Tar éis cúpla lá, seans go dtiocfadh casacht ort. 

I measc shiomptóim eile an fhliú, tá:

  • scornach thinn
  • deacair dul a chodladh
  • easpa goile
  • buinneach nó pian sa bholg
  • samhnas agus urlacan

Tá na siomptóim nach mór mar an gcéanna i gcás leanaí. Is féidir leo pian sa chluas a bheith orthu chomh maith, agus d’fhéadfadh sé nach mbeidís chomh gníomhach céanna agus a bhíonn de ghnáth.

Diagnóisiú

Is maith an rud é fios a bheith agat cén chaoi slaghdán agus fliú a aithint ó chéile.

Siomptóim fliú:

  • tagann siad ar an duine go tobann
  • feictear fiabhras, pianta sna matáin, tinneas cinn, laige agus tuirse ar dtús

Siomptóim COVID-19:

Bíonn siomptóim COVID-19 idir measartha agus trom.

Siomptóim shlaghdáin:

  • is iondúil nach dtagann siad ar an duine ach de réir a chéile
  • feictear scornach thinn agus srón phlúchta nó srón ag sileadh ar dtús

Is gnách gurb éadroime siomptóim shlaghdáin ná siomptóim fliú.

Symptoms COVID-19 Flu Cold
Fever or chills Common Common Rare
Cough Common (usually dry) Common (usually dry) Mild
Shortness of breath Common No No
Lost or changed sense of smell or taste Common Rare Rare
Fatigue Common Common Sometimes
Aches and pains Common Common Common
Sore throat Sometimes Sometimes Common
Headaches Sometimes Common Rare
Runny or stuffy nose Sometimes Sometimes Common
Feeling sick or vomiting Rare Sometimes No
Diarrhoea Rare Sometimes in children No
Sneezing No No Common

Aimhréidheanna

Don chuid is mó de dhaoine, níl san fhliú ach drocheispéireas. Ach do dhaoine eile, d’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le breoiteacht ní ba thromchúisí. Baineann baol báis le roinnt d’aimhréidheanna an fhliú.

Más duine thú atá 65 bliain d’aois nó os a chionn, atá ag iompar clainne, nó a bhfuil riocht sláinte fadtéarmach ort agus atá ag glacadh cógais, tá baol níos mó ann go mbeadh aimhréidheanna tromchúiseacha ort de bharr an fhliú. D’fhéadfadh sé go mbeadh cógais fhrithvíreasacha ar leith ag teastáil uait. Is fearr a oibríonn siad sin má chuirtear tús leo laistigh de 48 uair an chloig tar éis theacht na siomptóm fliú.

Is í an niúmóine an aimhréidh is coitianta. I measc na n-aimhréidheanna eile tá an broincíteas agus ionfhabhtuithe cluaise.

Is féidir leis an bhfliú riochtaí a bhí ar an duine cheana a dhéanamh níos measa chomh maith:

  • asma
  • galar scamhóige toirmeascach ainsealach
  • cliseadh croí

Ábhar gaolmhar

Na vacsaíní a theastaíonn le linn toirchis - an vacsaín fliú


Content supplied by the NHS and adapted for Ireland by the HSE

Slaintecare logo
This project has received funding from the Government of Ireland’s Sláintecare Integration Fund 2019 under Grant Agreement Number 123.