Skip to main content

Warning notification:Warning

Unfortunately, you are using an outdated browser. Please, upgrade your browser to improve your experience with HSE. The list of supported browsers:

  1. Chrome
  2. Edge
  3. FireFox
  4. Opera
  5. Safari

Téacsanna agus ríomhphoist a gheobhaidh tú - Treoir úsáideora maidir le clárú ar líne le haghaidh vacsaín in aghaidh COVID-19

Tar éis duit clárú ar líne, seolfaimid chugat:

  • ríomhphost ina mbeidh nasc le do sheoladh ríomhphoist a fhíorú
  • teachtaireacht téacs (SMS) ina mbeidh cód le d'uimhir fóin póca a fhíorú
  • teachtaireacht téacs ina mbeidh na sonraí maidir le do choinne féin nó coinne do linbh – seans nach bhfaighfeá an ceann seo go ceann cúpla seachtain tar éis duit clárú
  • teachtaireacht téacs ina n-iarrfar ort cead a thabhairt agus roinnt ceisteanna leighis a fhreagairt
  • teachtaireachtaí téacs faoi rudaí eile ar gá duit a bheith ar an eolas fúthu

Is trí theachtaireachtaí téacs a dhéanfaimid cumarsáid leat den chuid is mó.

Sonraí maidir leis an gcoinne

Gheobhaidh tú na sonraí maidir le do choinne féin nó coinne do linbh trí theachtaireacht téacs, idir 3 agus 7 lá roimh an gcoinne.

Ó uimhir 086 a thiocfaidh an téacs.

Ní bhfaighidh tú an teachtaireacht téacs ar an bpointe boise. B'fhéidir nach bhfaighfeá go ceann cúpla seachtain tar éis do chláraithe í.

Is aidhm linn go dtabharfaí coinne duit tráth nach déanaí ná a trí nó a ceathair de sheachtainí tar éis do chláraithe. Braithfidh sé sin ar sholáthar na vacsaíní mar sin féin.

Coinne a athrú

Mura mbeidh tú féin nó do leanbh in ann freastal ar choinne, is féidir leat ceann nua a iarraidh. Ní dhéanfar vacsaíniú ar leanaí a thiocfaidh chun an ionaid leo féin.

Seol an focal 'Nua' mar fhreagra ar an teachtaireacht téacs a sheolamar chugat.

Ní bheidh tú in ann an lá ná an t-am a roghnú. Ní féidir leat coinne nua a iarraidh ach faoi dhó.

Gheobhaidh tú an freagra 'Tá do choinne curtha ar ceal anois. Seolfaimid na sonraí maidir le do choinne nua chugat mar theachtaireacht téacs sna seachtainí amach romhainn.'

Coinní caillte

Má chailleann tú féin nó do leanbh coinne, déanfaidh ár gcóras coinne nua duit uaidh féin.

Má chailleann tú 3 choinne, stadfar de choinní nua a dhéanamh duit. Sa chás sin, beidh ort glao a chur ar an líne chabhrach COVID-19 le coinne nua a iarraidh.

Ríomhphost agus teachtaireacht téacs fíoraithe

Lena chinntiú gur éirigh leat do chuid sonraí teagmhála a chur isteach i gceart, seolfaimid ríomhphost agus teachtaireacht téacs chugat ag tús an phróisis clárúcháin. Fíorú a thugtar air seo.

Beidh ort:

  1. Cliceáil ar an nasc sa ríomhphost a sheolfaimid chugat. Cuirfidh sé sin in iúl dúinn go bhfuil do sheoladh ríomhphoist i gceart againn. Tar éis duit cliceáil ar an nasc, seolfaimid teachtaireacht téacs fíoraithe chugat chomh maith.
  2. An cód sa teachtaireacht téacs sin a chur isteach sa chóras clárúcháin. Leis sin, beidh a fhios againn go bhfuil d'uimhir fóin i gceart againn freisin. Tiocfaidh an téacs ó +353 86 180 3140 nó +353 86 180 3144

Fíoraigh do sheoladh ríomhphoist ar dtús. Ní bhfaighidh tú an teachtaireacht téacs go dtí go mbeidh do ríomhphost fíoraithe agat.

Tá an nasc sa ríomhphost imithe in éag

Rachaidh an nasc a sheolfaimid chugat in éag tar éis 24 uair an chloig. Mura gcríochnaíonn tú an próiseas clárúcháin taobh istigh den tréimhse ama sin, beidh ort dul ar ais chuig an leathanach 'Cláraigh le vacsaín in aghaidh COVID-19 a fháil' agus tosú arís.

Ní bhfuair mé an teachtaireacht téacs leis an gcód fíoraithe

Mura bhfuair tú an teachtaireacht téacs le do chód, cliceáil 'Athsheol an cód' ar an leathanach 'Dearbhaigh d'aitheantas'.

Tabharfaidh an nasc sa ríomhphost dearbhaithe clárúcháin a fuair tú chuig an leathanach sin. Feicfidh tú an nasc 'Athsheol an cód' faoi bhun an chnaipe 'Fíoraigh'.

Seolfar an cód fíoraithe chuig an uimhir fóin póca a d'úsáid tú sa phróiseas clárúcháin.

Faigheann mórchuid na ndaoine an cód ar an bpointe. Mura mbeidh an cód faighte agat tar éis 15 nóiméad, cuir glao ar an líne chabhrach COVID-19.

Má fhaigheann tú níos mó ná cód amháin tar éis duit 'Athsheol an cód' a chliceáil, úsáid an ceann is déanaí.

Ríomhphost nó uimhir fóin mhícheart

Mura bhfaigheann tú téacs nó ríomhphost, b'fhéidir gur chuir tú isteach an uimhir fóin nó an seoladh ríomhphoist mícheart.

Cuir glao ar an líne chabhrach COVID-19 má tá tú ag ceapadh go raibh botún sna sonraí a chuir tú isteach.

Ní féidir leat d'fhaisnéis teagmhála a athrú ar líne.

Nuashonrú deireanach: 11 Lúnasa 2021 ag 2:25 i.n.