Skip to main content

Warning notification:Warning

Unfortunately, you are using an outdated browser. Please, upgrade your browser to improve your experience with HSE. The list of supported browsers:

  1. Chrome
  2. Edge
  3. FireFox
  4. Opera
  5. Safari

Sula rachaidh tú chuig ionad vacsaínithe COVID-19

Tuilleadh eolais faoi na rudaí is gá duit a ullmhú sula rachaidh tú chuig clinic vacsaínithe siúil isteach nó chuig coinne in ionad vacsaínithe.

Ba cheart duit an vacsaíniú a chur siar:

  • má tá siomptóim COVID-19 ort nó má tá toradh deimhneach faighte agat

Clinicí siúil isteach

Bíonn clinicí siúil isteach ar oscailt ar laethanta agus ag amanna faoi leith d'aoisghrúpaí éagsúla.

Tá sé tábhachtach dul chuig an gclinic ceart do d’aoisghrúpa féin nó d’aoisghrúpa do linbh. Tugtar cineál eile vacsaíne do leanaí óga.

Clinicí i gcomhair teanndáileog

Moltar teanndáileog amháin ar a laghad do gach duine fásta atá 18 mbliana d’aois nó os a chionn. Ina dhiaidh sin, moltar teanndáileoga séasúracha do dhaoine áirithe.

Cé na daoine ar féidir leo teanndáileog a fháil?

Clinicí i gcomhair Dháileog 1

Ní gá duit clárú ar líne roimh ré leis an gcéad dáileog a fháil. Bíodh sin mar atá, seans nach mbeidh ort fanacht chomh fada sin san ionad vacsaínithe má chláraíonn tú ar líne roimh ré.

Má bhí COVID-19 ort

Má bhí COVID-19 ort le déanaí, fan 4 seachtaine sula bhfaighidh tú dáileog 1.

Tosaíonn an tréimhse feithimh an dáta ar tháinig siomptóim ort den chéad uair nó an dáta a bhfuair tú toradh deimhneach ar thástáil COVID-19.

Má tá do leanbh le vacsaíní eile a fháil chomh maith

Clinicí i gcomhair Dháileog 2

Sula rachaidh tú go clinic siúil isteach le haghaidh dháileog 2, déan cinnte de:

  • go bhfuil sé in am duit dul faoi vacsaíniú
  • go bhfuil cruthúnas agat go bhfuair tú do chéad dáileog - mar shampla, do chárta taifid vacsaínithe
  • gur ar d’aoisghrúpa féin atá an clinic dírithe

Is cuma cá bhfuair tú do chéad dáileog - fiú má fuair tú an vacsaín ó do dhochtúir teaghlaigh, i gcógaslann nó i dtír eile.

Ní dhéanfar tú a vacsaíniú i gclinic i gcomhair dháileog 2 mura bhfuil cruthúnas agat go bhfuair tú an chéad dáileog. Má tá do chárta taifid vacsaínithe caillte agat, téigh chuig an dochtúir teaghlaigh nó chuig an gcógaslann ina bhfuair tú do chéad dáileog le cruthúnas vacsaínithe a fháil.

Cá fhad a chaithfear fanacht sular féidir an dara teanndáileog a fháil?

Ní foláir duit fanacht:

  • 4 seachtaine má tá tú 30 bliain d’aois nó os a chionn
  • 8 seachtaine má tá tú idir 5 agus 29 bliain d’aois
  • 4 seachtaine má tá córas lag imdhíonachta agat

Ní thabharfar an dara dáileog den vacsaín duit go dtí go mbeidh an tréimhse ama a theastaíonn idir na dáileoga thart.

Leanaí idir 6 mhí agus 4 bliana d’aois

I gcás leanaí atá idir 6 mhí agus 4 bliana d’aois, tugtar an dara dáileog 3 seachtaine tar éis na chéad dáileoige.

Más rud é go bhfuil COVID-19 ar do leanbh agus dáileog 2 den vacsaín le bheith aige nó aici anois:

  • is féidir leis an vacsaín a fháil ceithre seachtaine tar éis na siomptóim a thabhairt faoi deara den chéad uair nó ceithre seachtaine tar éis dó toradh deimhneach a fháil ar thástáil le haghaidh COVID-19

I gcás go ndearnadh tú a vacsaíniú thar lear

Má fuair tú dáileog 1 nó dáileog 2 i dtír eile, is féidir leat leanúint ar aghaidh le do vacsaíniú anseo.

Ar gá duit a bheith agat má rinneadh tú a vacsaíniú i dtír eile

Dáileog 1 nó dáileog 2

Maidir le do chéad bhabhta vacsaínithe in aghaidh COVID-19, ba cheart don vacsaín a bheith molta ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte nó formheasta:

Más rud é go bhfuair tú vacsaín in aghaidh COVID-19 nach bhfuil formheasta ag an FDA nó MHRA, nó nach bhfuil molta ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, tairgfear duit do chéad bhabhta de vacsaín atá formheasta ag an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach.

Má tá cúrsa den vacsaín in aghaidh COVID-19 curtha i gcrích agat i bpáirt agus an vacsaín sin formheasta ag an FDA, MHRA nó molta ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, is féidir leat an dara dáileog a fháil anseo. Vacsaín atá formheasta ag an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach a bheidh sa dara dáileog.

Teanndáileog

Is féidir leat teanndáileog a fháil anseo má tá sé in am duit ceann a fháil.

Cuir glao ar 1800 700 700 le coinne a shocrú. Beidh na sonraí de dhíth ort maidir le do vacsaíniú, lena n-áirítear an cineál vacsaíne, an dáta ar tugadh í agus an dáta éaga.

Tuilleadh eolais maidir le teanndáileog den vacsaín in aghaidh COVID-19 a fháil.

Céard ba cheart duit a thabhairt leat chuig an ionad vacsaínithe?

Caith éadaí a fhágfaidh go mbeidh sé éasca an vacsaín a chur isteach in uachtar na láimhe.

Beidh na nithe seo uait:

  • eolas faoin gcoinne má tá sé sin agat - beidh sé seo le fáil i dteachtaireacht téacs nó i litir
  • cárta aitheantais fhótagrafaigh a bhfuil do dháta breithe air

Má tá tú ag dul chuig clinic siúil isteach le haghaidh na chéad dáileoige agus mura bhfuil tú cláraithe ar líne, beidh ort na nithe seo a thabhairt leat freisin:

  • Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PSP)
  • Éirchód
  • uimhir fóin póca
  • seoladh ríomhphoist

Mura bhfuil uimhir PSP agat

Mura bhfuil uimhir PSP agat, beidh tú fós in ann vacsaín a fháil. Beidh ort cruthúnas ar sheoladh baile a thabhairt leat.

Cruthúnas ar sheoladh baile

Is féidir leat ceann acu seo a úsáid mar chruthúnas ar sheoladh baile:

  • bille tí a bhfuil d'ainm air
  • ráiteas ó bhanc nó ó institiúid airgeadais
  • litir ó roinn nó ó ghníomhaireacht seirbhíse poiblí
  • comhaontú cíosa
  • litir ó úinéir an tí lena dheimhniú go bhfuil tú i do chónaí ansin - is féidir litir ó thuismitheoir a úsáid más sin an cás
  • bille nó litir ó óstán nó ó Airbnb

Na cáipéisí aitheantais le tabhairt leat

Is féidir leat ceann acu seo a úsáid mar aitheantas fótagrafach:

  • do phas - leabhar nó cárta
  • do cheadúnas tiomána
  • Cárta Seirbhísí Poiblí
  • do phas taistil
  • Aoischárta Náisiúnta - arna eisiúint ag na Gardaí
  • cárta aitheantais scoile nó coláiste

Mura bhfuil do dháta breithe ar d'aitheantas fótagrafach, beidh ort cóip de do theastas breithe nó doiciméad eile a thabhairt leat a bhfuil do dháta breithe air.

Má tá tú 18 mbliana nó os a chionn, ní thabharfar vacsaín duit mura bhfuil aitheantas fótagrafach agat.

Duine 16 bliana nó 17 mbliana d'aois agus gan aon aitheantas fótagrafach aige/aici

Tabhair leat do theastas breithe má tá tú 16 bliana nó 17 mbliana d'aois agus gan aon aitheantas fótagrafach agat.

Más féidir, tabhair leat cruthúnas ar d'uimhir PSP. Litir sochair linbh, mar shampla, agus d'uimhir PSP uirthi. Ní bheidh sí de dhíth ort, áfach, chun an vacsaín a fháil.

Tuilleadh eolais maidir le vacsaín in aghaidh COVID-19 a fháil do leanaí faoi bhun 16 bliana

Agus tú ag an ionad vacsaínithe

Má tá coinne déanta agat, ná bí déanach.

Tógann na coinní chun dáileog 1, dáileog 2 agus teanndáileog a fháil thart ar 30 nóiméad, lena n-áirítear:

  • 15 nóiméad le seiceáil isteach agus leis an vacsaín a fháil
  • Breathnóireacht a mhairfidh 15 nóiméad tar éis duit an vacsaín a fháil lena chinntiú go mbeidh tú slán folláin sula n-imeoidh tú

Más rud é go raibh frithghníomhú ailléirgeach tromchúiseach (anaifiolacsas) ort riamh, áfach, beidh ort fanacht go ceann 30 nóiméad.

Tá sé ceart go leor tiomáint tar éis duit do vacsaín a fháil fad is atá tú ag aireachtáil i gceart.

Ní gá duit troscadh sula bhfaighidh tú vacsaín in aghaidh COVID-19.

Cé atá in ann teacht leat?

Os cionn 18 mbliana d'aois

Má tá tú 18 mbliana d'aois nó os a chionn, ná tabhair duine ar bith eile leat chuig do choinne. Tá sé maith go leor má thugann duine síob duit chuig do choinne, ach ba cheart don duine sin fanacht sa charr.

Má tá fadhbanna soghluaisteachta ort nó má bhíonn cabhair uait, is féidir leat duine a thabhairt isteach san ionad vacsaínithe leat.

Ná tabhair leanaí chuig do choinne ach amháin má tá siad chun an vacsaín a fháil chomh maith. Cuir glao ar HSElive ar 1800 700 700 chun am coinne a eagrú nuair a bheidh tú in ann teacht gan leanaí a bheith leat.

Más rud é nach bhfuil an dara rogha agat ó thaobh cúram leanaí de, caithfidh do leanbh fanacht faoi do chúram féin an t-am ar fad. Beidh ort sonraí teagmhála a thabhairt le haghaidh duine éigin a bheidh in ann aire a thabhairt do do leanbh ar fhaitíos go mbeadh cás éigeandála ann.

Daoine atá 16 bliana agus 17 mbliana d’aois

Is féidir le haon duine atá 16 bliana d'aois nó os a chionn dul chuig ionad vacsaínithe nó clinic siúil isteach leis nó léi féin. Is féidir leat tuismitheoir nó caomhnóir a thabhairt leat.

Faoi bhun 16 bliana d’aois

Tuilleadh eolais maidir le do leanbh a thabhairt chuig a coinne/a choinne don vacsaín in aghaidh COVID-19

Athbhreithniú deireanach ar an leathanach: 27 Aibreán 2023