Skip to main content

Warning notification:Warning

Unfortunately, you are using an outdated browser. Please, upgrade your browser to improve your experience with HSE. The list of supported browsers:

  1. Chrome
  2. Edge
  3. FireFox
  4. Opera
  5. Safari

An chaoi a n-oibríonn na vacsaíní in aghaidh COVID-19

Múineann vacsaíní do do chóras imdhíonachta cén chaoi tú a chosaint in aghaidh galar. Tá sé i bhfad níos sábháilte do do chóras imdhíonachta an méid sin a fhoghlaim trí vacsaíniú ná trí COVID-19 a tholgadh.

Déantar tástáil ar gach vacsaín lena chinntiú go bhfuil sí idir slán sábháilte agus éifeachtach sular féidir í a úsáid. Ní úsáideann FSS vacsaín ach amháin má chomhlíonann sí ardchaighdeáin sábháilteachta agus éifeachtachta.

Níl an víreas beo is cúis le COVID-19 sna vacsaíní in aghaidh COVID-19. Ní féidir leis na vacsaíní a bheith ina gcúis le COVID-19.

Na cineálacha éagsúla vacsaíne in aghaidh COVID-19 a úsáidtear in Éirinn:

Vacsaíní mRNA

Vacsaíní mRNA iad Vacsaín Pfizer/BioNTech agus Vacsaín Moderna in aghaidh COVID-19.

Múineann vacsaíní mRNA do do chorp cén chaoi próitéin a dhéanamh a spreagfaidh freagairt imdhíonachta ionat, gan víreas beo a úsáid. Tar éis duit vacsaín mRNA a fháil, tosóidh do chorp ag táirgeadh antasubstaintí a dhéanfaidh a gcion féin le troid in aghaidh an ionfhabhtaithe má thagann an víreas isteach i do chorp amach anseo.

Tá taighdeoirí ag déanamh staidéar ar vacsaíní mRNA agus ag obair leo le fada an lá.

Vacsaíní veicteora víreasaigh

Vacsaíní veicteora víreasaigh iad Vacsaín AstraZeneca agus Vacsaín Janssen in aghaidh COVID-19.

Tá vacsaíní veicteora víreasaigh cosúil le teachtairí. Úsáideann siad leagan lagaithe de víreas eile le treoracha a thabhairt do na cealla i do chorp. Ansin tosóidh do chorp ag táirgeadh antasubstaintí, a dhéanfaidh a gcion féin le troid in aghaidh an ionfhabhtaithe má thagann COVID-19 isteach i do chorp amach anseo.

Tá na céadta staidéar eolaíoch ar vacsaíní veicteora víreasaigh déanta agus foilsithe fud fad an domhain. Bhí cuid de na vacsaíní a úsáideadh le déanaí in aghaidh ráigeanna Ebola bunaithe ar theicneolaíocht an veicteora víreasaigh. Bhí staidéir eile dírithe ar úsáid vacsaíní veicteora víreasaigh i gcoinne Zika, fliú, agus VEID (HIV).

Vacsaíní fo-aonaid próitéine

Vacsaín fo-aonaid próitéine í Vacsaín Novavax in aghaidh COVID-19.

Sa vacsaín seo, tá leagan den phróitéin atá ar dhromchla an víris is cúis le COVID-19. Tá 'aidiúvach' (comhábhar) ann freisin leis na freagairtí imdhíonachta don vacsaín a neartú.

Tosóidh do chorp ag táirgeadh antasubstaintí tar éis an vacsaín seo a fháil, agus déanfaidh siad a gcion féin le troid in aghaidh an ionfhabhtaithe má thagann COVID-19 isteach i do chorp amach anseo.

Oibríonn sé ar bhealach atá an-chosúil leis an vacsaín in aghaidh Heipitíteas B.

Cé acu cineál is fearr?

Cosnóidh gach vacsaín thú in aghaidh COVID-19 agus na ndeacrachtaí tromchúiseacha a bhaineann le COVID-19.

Tugadh na vacsaíní mRNA do na milliúin daoine ar fud an domhain le linn na paindéime, mná torracha agus leanaí ina measc. Is iad na vacsaíní mRNA atá molta don chéad bhabhta vacsaínithe, don dáileog bhreise a thugtar do dhaoine a bhfuil córas lag imdhíonachta acu, agus don teanndáileog.

Ach b'fhéidir nach mbeadh roinnt daoine in ann vacsaín mRNA a fháil, nó b'fhéidir nár mhaith leo í a fháil. Má tá ailléirge orthu le gliocól poileitiléine (PEG), cuir i gcás, atá ar cheann de chomhábhair na vacsaíní mRNA. Sna cásanna sin, b'fhéidir gur mhaith leat cineál eile vacsaíne in aghaidh COVID-19 a fháil nach bhfuil PEG ann. Novavax, mar shampla.


This content was fact checked by vaccine experts working in Ireland.

Nuashonrú deireanach: 25 Feabhra 2022 ag 11:30 r.n.