Bain úsáid as an tseirbhís seo le coinne a dhéanamh le haghaidh na gcineálacha seo a leanas de vacsaín in aghaidh COVID-19:
- teanndáileog an earraigh
- an chéad teanndáileog
- dáileog 1, dáileog 2 agus dáileog 3
teanndáileoga má tá tú ag iompar clainne
Is féidir leat coinne a dhéanamh suas le 7 lá roimh ré.
Teanndáileog an earraigh
Is féidir teanndáileog an earraigh a fháil má tá tú:
- 70 bliain d’aois nó os a chionn
- 5 bliana d’aois nó os a chionn agus córas lag imdhíonachta agat
- i do chónaí i dteach altranais nó i saoráid cúraim chónaithe do dhaoine breacaosta
Cé na daoine a dtairgfear teanndáileoga dóibh san fhómhar?
Cá fhad ba cheart fanacht sula bhfaightear teanndáileog an earraigh?
Fan 6 mhí tar éis duit do vacsaín dheireanach in aghaidh COVID-19 a fháil nó tar éis ionfhabhtú COVID-19 a bheith ort.
Ach is féidir leat teanndáileog an earraigh a fháil 3 mhí tar éis duit do vacsaín dheireanach in aghaidh COVID-19 a fháil nó tar éis ionfhabhtú COVID-19 a bheith ort más mian leat teanndáileog an earraigh a fháil roimh dheireadh mhí na Bealtaine.
Má fuair tú teanndáileog tar éis an 1 Márta 2023, tá teanndáileog an earraigh faighte agat cheana.
An chéad teanndáileog a fháil
Moltar an chéad teanndáileog:
- do dhaoine atá 18 mbliana d’aois nó os a chionn
- do dhaoine atá idir 5 bliana agus 11 bhliain d’aois a bhfuil córas lag imdhíonachta acu
- agus tá sí ar fáil do gach duine atá 12 bhliain d’aois nó os a chionn
Mura bhfuil sí faighte agat cheana, is féidir leat coinne a dhéanamh leis an gcéad teanndáileog a fháil.
Ní mór do dhuine ar bith atá faoi bhun 16 bliana d’aois freastal ar an gcoinne le teanndáileog a fháil in éineacht le tuismitheoir nó caomhnóir dlíthiúil.
Cá fhad ba cheart fanacht sula bhfaightear an chéad teanndáileog?
Is féidir leat an chéad teanndáileog a fháil 4 mhí tar éis duit do vacsaín dheireanach in aghaidh COVID-19 a fháil nó tar éis ionfhabhtú COVID-19 a bheith ort.
I gcás daoine áirithe a bhfuil an chosaint ag teastáil uathu níos gasta ná sin, is féidir leo an chéad teanndáileog a fháil 3 mhí tar éis dóibh a vacsaín dheireanach in aghaidh COVID-19 a fháil nó tar éis ionfhabhtú COVID-19 a bheith orthu.
Dáileog 1, dáileog 2 nó dáileog 3 a fháil
Ní mór duit a bheith 6 mhí d’aois nó os a chionn chun an chéad bhabhta vacsaíní in aghaidh COVID-19 a fháil.
Teastaíonn 3 dháileog ó leanaí idir 6 mhí agus 4 bliana d’aois sa chéad bhabhta vacsaínithe in aghaidh COVID-19. Teastaíonn 2 dháileog ó dhaoine atá 5 bliana d’aois nó os a chionn.
6 mhí go 4 bliana
I gcás leanaí atá idir 6 mhí agus 4 bliana d’aois:
- tugtar an dara dáileog 3 seachtaine tar éis na chéad dáileoige
- tugtar an tríú dáileog 8 seachtaine tar éis an dara ceann
I gcás go bhfuil COVID-19 ar do leanbh nó go raibh le déanaí
Dáileog 1
I gcás dháileog 1, is féidir leis nó léi an vacsaín a fháil 4 seachtaine ar a laghad tar éis na siomptóim a thabhairt faoi deara den chéad uair nó ceithre seachtaine ar a laghad tar éis dó nó di toradh deimhneach a fháil ar thástáil le haghaidh COVID-19. Bíodh sin mar atá, moltar fanacht 6 mhí mar gur ansin is éifeachtaí a bheidh an vacsaín.
Dáileog 2
I gcás dháileog 2, is féidir leis nó léi an vacsaín a fháil 4 seachtaine ar a laghad tar éis na siomptóim a thabhairt faoi deara den chéad uair nó ceithre seachtaine ar a laghad tar éis dó nó di toradh deimhneach a fháil ar thástáil le haghaidh COVID-19.
Dáileog 3
Má tá do leanbh le dáileog 3 le fáil agus má tháinig ionfhabhtú COVID-19 air nó uirthi ní ba mhó ná 7 lá tar éis an dara dáileog a fháil, ní gá dó nó dí an tríú dáileog a fháil.
Má tháinig ionfhabhtú COVID-19 air nó uirthi laistigh de 7 lá ón dara dáileog, ba cheart dó nó di fanacht go ceann 8 seachtaine sula bhfaighidh sé nó sí an tríú dáileog.
Daoine idir 5 bliana agus 29 bliain d’aois
Tugtar an dara dáileog 8 seachtaine tar éis dháileog 1.
Má bhí COVID-19 ort, fan go ceann 8 seachtaine ar a laghad ón uair a fuair tú an toradh deimhneach nó ón uair a tháinig na siomptóim ort den chéad uair.
Daoine 30 bliain d’aois agus os a chionn
Tugtar an dara dáileog 4 seachtaine tar éis dháileog 1.
Má bhí COVID-19 ort, fan go ceann 4 seachtaine ar a laghad ón uair a fuair tú an toradh deimhneach nó ón uair a tháinig na siomptóim ort den chéad uair.
Coinne a dhéanamh ar son linbh
Tá clinicí vacsaínithe ar leithligh ann do leanaí atá:
- 6 mhí go 4 bliana
- 5 bliana go 11 bhliain
- 12 bhliain d’aois agus os a chionn
Déan coinne sa chlinic ceart d’aoisghrúpa do linbh. Ní hionann na dáileoga vacsaíne a chuirtear ar fáil d’aoisghrúpaí éagsúla leanaí.
I gcás daoine atá faoi bhun 16 bliana d’aois, ní mór do thuismitheoir nó caomhnóir dlíthiúil an choinne a dhéanamh thar a gceann agus a bheith i láthair ar an lá le cead a thabhairt go ndéanfaí iad a vacsaíniú.
Má shlánaigh do leanbh 12 bhliain d’aois le déanaí, ba cheart dó nó di freastal ar chlinic do dhaoine atá 12 bhliain d’aois agus os a chionn. Déan é sin fiú má bhain sé 12 bhliain d’aois amach tar éis an chéad dáileog a fháil.
Rudaí a dteastóidh uait chun coinne a dhéanamh ar líne
Chun coinne a dhéanamh ar líne, ní mór duit na sonraí seo a leanas a bheith agat:
- uimhir fóin póca
- seoladh ríomhphoist
- Uimhir PSP
- Éirchód
Má tá aon fhadhb agat coinne a dhéanamh ar líne, cuir glao ar HSELive ar 1800 700 700.
Ní bhailímid ach an fhaisnéis a theastaíonn uainn chun tú a aithint, do choinne a dhéanamh, vacsaíniú a dhéanamh ort go slán sábháilte, a thaifeadadh go bhfuil tú vacsaínithe agus monatóireacht a dhéanamh ar an gclár vacsaínithe.
Clinicí vacsaínithe siúil isteach
Is féidir leat dul caol díreach chuig clinic vacsaínithe siúil isteach gan coinne a bheith agat.