Skip to main content

Warning notification:Warning

Unfortunately, you are using an outdated browser. Please, upgrade your browser to improve your experience with HSE. The list of supported browsers:

  1. Chrome
  2. Edge
  3. FireFox
  4. Opera
  5. Safari

Ráiteas inrochtaineachta Chuntas FSS

Leagan gréasánbhunaithe d’Aip Shláinte FSS is ea Cuntas FSS.

Baineann an ráiteas inrochtaineachta seo leis an ábhar ar fad i gCuntas FSS.

Is í Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) a dhéanann Cuntas FSS a bhainistiú.

Rinneadh tástáil ar leagan 6.0 (a eisíodh i mí Iúil 2026) ó thaobh inrochtaineachta de.

Is mian linn go mbeidh an oiread daoine agus is féidir in ann Cuntas FSS a úsáid.

Mar shampla, ciallaíonn sé sin gur cheart go mbeifeá in ann:

  • zúmáil isteach suas le 300% gan an téacs a thitim den scáileán
  • nascleanúint a dhéanamh ar an gcuid is mó de Chuntas FSS gan ach méarchlár a úsáid
  • nascleanúint a dhéanamh ar an gcuid is mó de Chuntas FSS leis an aithint gutha
  • éisteacht leis an gcuid is mó de Chuntas FSS le léitheoir scáileáin
  • breathnú ar an ábhar ar bhealaí éagsúla gan faisnéis ná struchtúr a chailleadh

Soléiteacht

Tá téacs Chuntas FSS chomh héasca le tuiscint agus ab fhéidir.

Úsáidimid tástálacha ‘soléiteachta’ mar bhealach amháin lena thomhas cé chomh sothuigthe is atá an t-ábhar atá againn.

Déanaimid iarracht díriú ar aois léitheoireachta timpeall 9 mbliana (grád 4).

Codanna de Chuntas FSS nach bhfuil chomh maith céanna ó thaobh inrochtaineachta de

Níl an inrochtaineacht curtha i bhfeidhm go hiomlán ar chodanna áirithe de Chuntas FSS.

Mar shampla:

  • tá naisc chuig suíomhanna gréasáin agus bogearraí nach linne iad ná nach riaraimid féin iad ar roinnt leathanach, agus ní féidir linn inrochtaineacht a dhearbhú mar sin

Aiseolas agus faisnéis teagmhála

Más rud é go bhfuil eolas ar Chuntas FSS ag teastáil uait i bhformáid eile, cuir ríomhphost chuig digital@hse.ie. Tiocfaimid ar ais chugat faoi cheann 7 lá.

Nós imeachta forfheidhmithe

Is féidir gearán a dhéanamh i dtaobh inrochtaineacht Chuntas FSS faoin Acht um Míchumas, 2005 (Uimh. 14 de 2005).

Fadhbanna inrochtaineachta le Cuntas FSS a thuairisciú

Má thagann tú ar fhadhb ar bith nach bhfuil liostaithe ar an leathanach seo nó mura bhfuil na ceanglais inrochtaineachta á gcomhlíonadh againn, déan teagmháil le digital@hse.ie.

Mura mbeidh tú sásta lenár bhfreagra, nó más mian leat ceist inrochtaineachta a ardú nach mbaineann le Cuntas FSS, is féidir leat gearán a dhéanamh ar líne ar leathanach gearán agus aiseolais FSS.

Gearán a dhéanamh tríd an Ombudsman

Mura mbeidh tú sásta lenár bhfreagra ar do ghearán, is féidir leat iarraidh ar an Ombudsman breathnú ar do ghearán. 

Déan teagmháil leis an Ombudsman - ombudsman.ie

Déan gearán leis an Ombudsman - ombudsman.ie

Stádas comhlíonta

Tá Cuntas FSS i gcomhréir go páirteach le leagan 2.1 de na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán (WCAG), Caighdeán A agus AA.

Ábhar neamh-inrochtana

Tá an t-ábhar neamh-inrochtana ar Chuntas FSS liostaithe thíos. Is aidhm linn na lagaí sin a chur ina gceart faoi mhí Aibreáin 2026.

Ábhar neamh-inrochtana:

  • Níl aon bhealach ann le dul thar bhloic ábhair a thaispeántar arís agus arís eile thar leathanaigh.
  • Níl fócas ná ord parsála socraithe ag barr roinnt leathanach. D’fhéadfadh sé a bheith ní ba dheacra dá bharr sin d’úsáideoirí teicneolaíochta cúnta iad féin a threorú agus iad ag nascleanúint an tsuímh.
  • Tá airdí líne agus spásálacha téacs socraithe ar roinnt leathanach agus ní féidir iad a athrú. Ciallaíonn sé sin go mb’fhéidir go mbeadh sé ní ba dheacra do dhaoine roinnt sleachta téacs a léamh i gcás go bhfuil méideanna cló níos mó socraithe.
  • Tá fadhbanna codarsnachta datha ar roinnt leathanach a d’fhéadfadh é a dhéanamh ní ba dheacra do roinnt úsáideoirí an t-ábhar a léamh.
  • Tá naisc nach bhfuil tuairisciúil ar roinnt leathanach. D’fhéadfadh sé sin é a dhéanamh ní ba dheacra do roinnt úsáideoirí nascleanúint a dhéanamh idir leathanaigh.
  • Tá rialtáin (naisc agus cnaipí) a bhfuil an t-ainm céanna orthu ar roinnt leathanach a nascann le leathanaigh éagsúla. D’fhéadfadh sé sin é a dhéanamh ní ba dheacra d’úsáideoirí teicneolaíochta cúnta scanadh a dhéanamh de réir ainm an rialtáin amháin.
  • Tá rialtáin (naisc agus cnaipí) ar roinnt leathanach nach bhfuil inrochtana ag léitheoirí scáileáin, rud a d’fhéadfadh cosc a chur orthu gníomhartha áirithe a dhéanamh.
  • Ní chuirtear gach athrú comhthéacs in iúl do gach úsáideoir. D’fhéadfadh sé sin é a dhéanamh ní ba dheacra do roinnt úsáideoirí tuiscint a fháil ar cathain a dhéantar gníomhartha áirithe.
  • Ní féidir le gach úsáideoir gach comhpháirt den chomhéadan úsáideora a dhéanamh amach trí mheán clár ríomhaireachta.

Ullmhú an ráitis inrochtaineachta seo

Ullmhaíodh an ráiteas seo an 19 Meitheamh 2026. Rinneadh an t-athbhreithniú is déanaí air an 20 Iúil 2026. Rinneadh an tástáil is déanaí ar Chuntas FSS le haghaidh fadhbanna inrochtaineachta an 10 Iúil 2026.

Rannóg Dhigiteach FSS a rinne an tástáil sin.

Conas a rinneamar an tástáil

D’úsáideamar leagan 2.1 de na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán (WCAG), Caighdeán A agus Caighdeán AA chun an leibhéal comhréireachta a thástáil agus a iniúchadh.

Rinneamar tástáil ar Chuntas FSS go hinmheánach laistigh den fhoireann. Tá tástáil déanta ar Chuntas FSS ar ghléasanna agus ar chineálacha éagsúla teicneolaíochta cúnta.

An méid atá ar bun againn d’fhonn cúrsaí inrochtaineachta a fheabhsú

Tá foireann ildisciplíneach curtha le chéile againn atá ag obair ar inrochtaineacht ar bhonn leanúnach. Táimid ag réiteach ábhar nach gcomhlíonann leagan 2.1 de na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán (WCAG), Caighdeán AA. Déanfaimid an leathanach seo a nuashonrú nuair a bheidh na lagaí réitithe.