Skip to main content

Warning notification:Warning

Unfortunately, you are using an outdated browser. Please, upgrade your browser to improve your experience with HSE. The list of supported browsers:

  1. Chrome
  2. Edge
  3. FireFox
  4. Opera
  5. Safari

Fógra Príobháideachais Aip Shláinte FSS agus Cuntas FSS

Tá aip mhóibíleach (Aip Shláinte FSS) agus aip ghréasánbhunaithe (Cuntas FSS) forbartha ag FSS ionas gur féidir leat rochtain a fháil ar sheirbhísí áirithe de chuid FSS trí aip mhóibíleach nó trí shuíomh gréasáin FSS.

Is le FSS Aip Shláinte FSS agus Cuntas FSS agus is é FSS a bhainistíonn iad.

Tá do phríobháideachas agus slándáil do shonraí an-tábhachtach dúinn. Tá sé mar aidhm againn a bheith soiléir agus trédhearcach faoin bhfaisnéis a bhailímid fút agus faoin gcaoi a n-úsáidfimid an fhaisnéis sin.

Ar an leathanach seo gheobhaidh tú eolas faoi na nithe a leanas:

  • na sonraí pearsanta a bhailímid agus an úsáid a mbainimid astu
  • an fad a choinneoimid do shonraí pearsanta
  • na daoine a mbeidh rochtain acu ar do shonraí pearsanta
  • do chearta maidir le do shonraí a bheith agat
  • cén chaoi gearán a dhéanamh
  • ról an rialaitheora sonraí agus an oifigigh cosanta sonraí (OCS)

De do rogha féin a úsáideann tú Aip Shláinte FSS

De do rogha féin atá sé Aip Shláinte FSS nó Cuntas FSS a íoslódáil, a úsáid, a choinneáil nó a scriosadh. Ní gá duit é a úsáid.

Aip Shláinte FSS agus Cuntas FSS: téarmaí úsáide

Díghníomhachtaigh do chuntas Aip Shláinte FSS nó do Chuntas FSS

Is féidir leat do chuntas Aip Shláinte FSS nó do Chuntas FSS a dhíghníomhachtú trí na treoracha sa mhír 'cuntas' a leanúint.

Déanfaidh sé seo do chuntas a chur ar sos, mar aon le brúfhógraí i gcás gur cheadaigh tú a leithéid. Is féidir leat logáil isteach san aip nó i gCuntas FSS le do chuntas a athghníomhachtú. Ní scriostar d’fhaisnéis nuair a dhíghníomhachtaíonn tú do chuntas.

An chaoi le hAip Shláinte FSS nó Cuntas FSS a úsáid go slán

Is féidir leat Aip Shláinte FSS nó Cuntas FSS a úsáid má úsáideann tú seirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta in Éirinn.

Chun rochtain a fháil ar d’fhaisnéis phearsanta in Aip Shláinte FSS nó i gCuntas FSS, beidh na nithe seo a leanas uait:

  • cuntas fíoraithe MyGovID
  • aitheantóir sláinte aonair (ASA) atá ar Chlár Náisiúnta ASAnna

Agus tú fíordheimhnithe, ní mór a bheith logáilte isteach chun féachaint ar do chuid faisnéise sláinte pearsanta.

Slándáil Aip Shláinte FSS

Is féidir leat Aip Shláinte FSS a úsáid má tá gléas iOS nó Android agat. Chun rochtain a fháil ar do chuid faisnéise pearsanta in Aip Shláinte FSS, beidh gléas ag teastáil uait a shásaíonn an t-íosleibhéal slándála a theastaíonn ó Aip Shláinte FSS.

Cineálacha sonraí pearsanta a úsáidimid

Déantar do shonraí pearsanta a ‘phróiseáil’ nuair a dhéantar aon rud leis. Mar shampla, nuair a bhailítear iad nó nuair a fhéachtar orthu.

Próiseálaimid sonraí faoi na nithe seo a leanas:

  • sonraí déimeagrafacha - déanaimid é sin ionas gur féidir tú a aithint agus a mheaitseáil le do thaifid leighis go cuí
  • do choinní - déanaimid sin ionas gur féidir linn cumarsáid a dhéanamh leat ina leith
  • do chógais - déanaimid sin ionas gur féidir linn aon chógais atá clúdaithe faoin scéim íocaíochta drugaí nó cártaí leighis a chur in iúl duit agus ionas gur féidir leat cógais eile atá á nglacadh agat a chur leis
  • faisnéis fhéindearbhaithe amhail ailléirgí – chun gur féidir leat do thaifead féin de d’fhaisnéis sláinte a chruthú
  • sonraí sláinte – ionas go mbeidh rochtain agat ar do shonraí sláinte
  • do chuid sonraí sláinte i dtaca le cláir tacaíochta cúraim – déanaimid é sin ionas gur féidir leat cumarsáid tacaíochta cúraim a fháil
  • taifid vacsaínithe
  • cárta leighis, EHIC agus cártaí sláinte eile - déanaimid sin ionas go mbeidh cóip dhigiteach de do chárta agat. Gheobhaidh tú cárta fisiciúil fós chomh maith leis sin
  • suíomh - in úsáid ar Aip Shláinte FSS, ionas gur féidir linn léarscáileanna a úsáid chun treoracha chuig seirbhísí sláinte a thabhairt duit
  • an úsáid a bhaintear as Aip Shláinte FSS nó Cuntas FSS - is chun Aip Shláinte FSS nó Chuntas FSS a fheabhsú atá sé seo agus ní bhailítear ach sonraí anaithnide

Ní mór cead a thabhairt chun go n-úsáidfear do shonraí suímh. Ní úsáidimid sonraí suímh le haghaidh rianú, próifíliú ná ar aon chúis eile.

An chaoi a n-úsáidimid do shonraí pearsanta

Bailímid do shonraí pearsanta ó roinnt foinsí éagsúla. Áirítear orthu sin seirbhísí FSS agus seirbhísí cúraim sláinte eile. Stórálaimid do shonraí pearsanta ar líne ansin. Déanaimid é sin de réir RGCS agus dlíthe ábhartha eile.

Nuair a logálann tú isteach in Aip Shláinte FSS nó i gCuntas FSS le cuntas MyGovID fíoraithe, cuirimid do chuid faisnéise sláinte agus pearsanta in Aip Shláinte FSS nó i gCuntas FSS, faisnéis nach bhfeicfidh ach tusa amháin. Ní phróiseálfaimid do shonraí pearsanta go dtí go mbeidh tú logáilte isteach.

Is féidir Aip Shláinte FSS nó Cuntas FSS a úsáid gan logáil isteach. Ach ní bheidh tú in ann ach féachaint ar fhaisnéis ghinearálta sláinte amhail suíomh gréasáin FSS. Ní phróiseálfaimid do shonraí sláinte pearsanta in Aip Shláinte FSS mura bhfuil tú logáilte isteach.

Seans nach bhfeicfidh tú do shonraí sláinte go léir láithreach. Níl fáil ar gach cineál coinne in Aip Shláinte FSS ná i gCuntas FSS. Táimid ag obair le tuilleadh coinní ospidéil agus pobail a chur leis. Mura bhfuil do choinne le feiceáil faoi láthair, seans go mbeidh i leagan eile d'Aip Shláinte FSS nó de Chuntas FSS amach anseo.

Beidh ort logáil isteach in Aip Shláinte FSS nó i gCuntas FSS le clárú le haghaidh cumarsáid tacaíochta cúraim. Mura mian leat Aip Shláinte FSS ná Cuntas FSS úsáid, is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi bhealaí eile le clárú le haghaidh na gclár sin ar shuíomh gréasáin FSS.

Coinní san fhéilire agus comhroinnt

Tá gnéithe in Aip Shláinte FSS a ligeann duit faisnéis faoi choinní a chur le féilire do ghléis. Is féidir faisnéis faoi choinní a chomhroinnt ar theachtaireachtaí agus ar bhealaí cumarsáide freisin.

Ní chomhroinneann na gnéithe sin aon sonraí pearsanta leis na soláthraithe seirbhíse tríú páirtí a úsáideann tú chun teachtaireachtaí a roinnt. Molaimid duit beartais agus cleachtais phríobháideachais do sholáthraí teachtaireachtaí a léamh agus tú féin a chur ar an eolas fúthu.

An fáth a n-úsáidimid do shonraí pearsanta

Bainimid úsáid as do shonraí:

  • ionas go n-oibríonn Aip Shláinte FSS agus Cuntas FSS i gceart
  • chun rochtain ar do shonraí sláinte a thabhairt duit trí Aip Shláinte FSS agus Cuntas FSS
  • chun cumarsáid a dhéanamh leat trí Aip Shláinte FSS agus Cuntas FSS

Cumarsáid a dhéanamh leat

Úsáidimid Aip Shláinte FSS agus Cuntas FSS chun cumarsáid a dhéanamh leat faoi na nithe seo a leanas:

  • faisnéis a bhaineann le sláinte – áirítear léi sin coinní, cógais, vacsaíní agus cláir tacaíochta cúraim
  • faisnéis fheidhmiúil in Aip Shláinte FSS nó i gCuntas FSS - cuimsíonn sé sin deimhniú gur éirigh leat logáil isteach nó gur cuireadh do thaifid leis
  • feachtais sláinte ghinearálta
  • éigeandálaí sláinte poiblí

Mura logálann tú isteach in Aip Shláinte FSS nó i gCuntas FSS, is féidir rochtain a fháil ar fhaisnéis ghinearálta ónár suíomh gréasáin fós.

Faisnéis arna cur leis agat a roinnt

Roinnfimid an fhaisnéis arna cur leis agat leis an Taifead Náisiúnta Cúraim Chomhroinnte.

Is ionann í sin agus an fhaisnéis a chuireann tú leis maidir le:

  • cógais
  • ailléirgí
  • teagmháilí éigeandála
  • Sonraí an dochtúra teaghlaigh

Is féidir le húsáideoirí fíoraithe an Taifid Náisiúnta Cúraim Chomhroinnte an fhaisnéis sin a fheiceáil. Is gairmithe cúraim sláinte iad na húsáideoirí sin nach ndéanann rochtain ar an taifead ach amháin ar chúis bhailí.

Coinnítear taifead ar gach duine a dhéanann rochtain ar do thaifead ar an Taifead Náisiúnta Cúraim Chomhroinnte. Comhroinntear do chuid faisnéise leis an Taifead Náisiúnta Cúraim Chomhroinnte ionas gur féidir léargas níos iomlánaíche a fháil ar do shláinte.

Mura dteastaíonn uait go gcomhroinnfí do chuid faisnéise, is féidir leat í a bhaint. Ciallaíonn sé sin nach mbeidh tú in ann í a fheiceáil in Aip Shláinte FSS ná i gCuntas FSS.

An Taifead Náisiúnta Cúraim Chomhroinnte: Achoimre ar an Measúnú Tionchair ar Chosaint Sonraí

Aip Shláinte FSS: Achoimre ar an Measúnú Tionchair ar Chosaint Sonraí

Comhrá HSE Live

Is féidir leat Aip Shláinte FSS a úsáid chun comhrá a dhéanamh le gníomhaire HSE Live chun faisnéis agus tacaíocht a fháil le hAip Shláinte FSS nó le seirbhísí sláinte.

Nuair a thosaíonn tú comhrá beo, seoltar d'aitheantóir aonair sláinte (IHI) chuig ardán seirbhíse custaiméirí Salesforce. Ligeann sé seo don ghníomhaire tú a aithint agus cás a chruthú. Nuair a thosaíonn tú an comhrá, seoltar na sonraí faoin seisiún gníomhach chuig an ngníomhaire ionas gur féidir leis cabhrú leat go héifeachtúil. Áirítear leis seo an gléas atá á úsáid agat, an leagan d'Aip Shláinte FSS, agus ainm an scáileáin ar a bhfuil tú in Aip Shláinte FSS. Mar shampla, an scáileán baile.

Stóráiltear aon sonraí a chuirtear isteach sa seisiún comhrá ar ardán Salesforce. Beidh tú in ann trascríbhinn an chomhrá a íoslódáil freisin nuair a bheidh sé críochnaithe i leaganacha amach anseo.

Daoine a bhfuil rochtain acu ar do shonraí pearsanta

Ní bheidh rochtain ar shonraí pearsanta in Aip Shláinte FSS nó i gCuntas FSS ach ag daoine údaraithe a oibríonn go díreach ar Aip Shláinte FSS nó ar Chuntas FSS.

Áirítear leo sin:

  • Foireann FSS a bhainistíonn oibríochtaí agus slándáil Aip Shláinte FSS nó Chuntas FSS
  • gníomhairí - amhail gníomhairí cúraim custaiméirí a sholáthraíonn tacaíocht custaiméara d'úsáideoirí
  • soláthraithe - amhail Microsoft agus Salesforce arb í a dteicneolaíocht atá in úsáid againn

Braitheann an rochtain a bheidh ag duine ar do shonraí pearsanta ar an ról atá ag an duine sin. Déantar monatóireacht air sin chun a chinntiú nach mbíonn aon rochtain neamhúdaraithe ag duine.

Tá aon duine a bhfuil rochtain aige ar shonraí pearsanta faoi cheangal ag comhaontuithe rúndachta agus cosanta sonraí. Ní mór dóibh do shonraí pearsanta a choinneáil slán agus iad a úsáid chun na gcríoch a comhaontaíodh linn amháin.

An fad a choinnímid do shonraí

Is féidir leat éirí as Aip Shláinte FSS nó Cuntas FSS a úsáid in am ar bith.

Má scriosann tú Aip Shláinte FSS, scriosfar na sonraí pearsanta go léir atá in Aip Shláinte FSS ó do ghuthán.

Coinneoidh muid d'fhaisnéis phearsanta agus sláinte do sheirbhísí FSS eile fós i gcomhréir le beartas coinneála FSS.

Léigh an achoimre ar ár Measúnú Tionchair ar Chosaint Sonraí (MTCS). Tá faisnéis ann maidir leis an gcaoi a bhfuil an aip forbartha againn i gcomhréir lenár bhfreagrachtaí cosanta sonraí.

Gearán a dhéanamh

Mura bhfuil tú sásta leis an gcaoi a bhfuil do shonraí pearsanta á bpróiseáil againn, téigh i dteagmháil lenár nOifigeach Cosanta Sonraí (OCS). Cinntíonn an OCS go mbímid comhlíontach ó thaobh cosaint sonraí de.

Is féidir leat gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí go díreach freisin.

Má tá fadhb le do shonraí pearsanta

Úsáid an rogha 'Tuairiscigh fadhb' chun teagmháil a dhéanamh linn trí Aip Shláinte FSS nó Cuntas FSS má tá do chuid faisnéise in Aip Shláinte FSS nó i gCuntas FSS mícheart nó míchruinn.

Is féidir glao a chur ar HSE Live ar 1800 700 700 freisin.

Rialaitheoirí sonraí

Is éard is rialaitheoir sonraí ann ná eagraíocht nó duine a chinneann na sonraí a phróiseáiltear. Cinneann sí an chaoi agus an fáth ar gá é sin a dhéanamh freisin. Tá sé freagrach as na sonraí sin ar bhonn dlíthiúil.

Is iad na rialaitheoirí sonraí a bhfuil baint acu le hAip Shláinte FSS nó le Cuntas FSS ná:

  • Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
  • An Roinn Coimirce Sóisialaí
  • ospidéil nach ospidéil FSS iad

Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte

Is muid an rialaitheoir sonraí le haghaidh na sonraí pearsanta go léir a bhailíonn agus a úsáideann Aip Shláinte FSS nó Cuntas FSS.

An Roinn Coimirce Sóisialaí

Is í an Roinn Coimirce Sóisialaí an rialaitheoir sonraí do MyGovID. Bainimid úsáid as MyGovID chun d’aitheantas a chruthú agus déanann tú é sin ar shuíomh gréasáin MyGovID. Ní roinneann Aip Shláinte FSS nó Cuntas FSS do shonraí pearsanta leis an Roinn.

Ospidéil nach ospidéil FSS iad

Is rialaitheoirí sonraí iad ospidéil nach bhfuil á reáchtáil ag FSS le haghaidh sonraí óna gcórais bainistíochta ospidéil (IPMS) féin. Tá comhaontuithe um chomhroinnt sonraí i bhfeidhm leis na hospidéil sin.

Próiseálaithe sonraí

Is iad rialaitheoirí sonraí a cheapann próiseálaithe sonraí. Is éard is próiseálaí sonraí ann ná eagraíocht nó duine a phróiseálann sonraí.

Tá conarthaí agus comhaontuithe ag próiseálaithe sonraí linn chun sonraí pearsanta a phróiseáil in Aip Shláinte FSS nó i gCuntas FSS. Ní féidir leo sonraí pearsanta in Aip Shláinte FSS nó i gCuntas FSS a phróiseáil ná a aistriú chuig áit lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE).

I measc na bpróiseálaithe sonraí tá:

  • Amazon - cuireann ríomh, stóráil agus líonrú ar fáil agus déanann óstáil ar chomhpháirteanna den aip
  • Microsoft - soláthraí néil a óstálann stór na haipe agus na huirlisí gaolmhara go léir
  • Waystone - foireann tástála slándála a chinntíonn go bhfuil an aip slán
  • Mandiant - foireann tástála slándála
  • DEPT - déanann forbairt agus cuireann tacaíocht ar fáil
  • Nearform - cuireann tacaíocht do sheachadadh agus uirlisí cúil ar fáil
  • Deloitte - tacaíonn le bainistíocht custaiméirí

Úsáideann cuid de na próiseálaithe sonraí sin fophróiseálaithe. Ní féidir le fophróiseálaithe sonraí pearsanta a phróiseáil ná a aistriú chuig áit lasmuigh den LEE.

I measc na bhfophróiseálaithe sonraí tá:

  • Piwik Pro - in úsáid ag DEPT chun anailísíocht anaithnid a dhéanamh
  • Datadog - in úsáid ag Nearform chun anailísíocht anaithnid atá fíor-riachtanach a dhéanamh
  • Edgescan - in úsáid ag Waystone mar chuid de thástáil slándála
  • Salesforce - in úsáid ag Deloitte chun córas bainistíochta custaiméara a sholáthar

Do chearta faoi RGCS

Faoin RGCS, tá an ceart agat:

  • cóip de na sonraí pearsanta atá á gcoinneáil againn maidir leat a iarraidh agus a chinntiú go bhfuil siad á bpróiseáil de réir an dlí againn
  • iarraidh go ndéanfaí aon fhaisnéis neamhiomlán nó mhíchruinn atá againn maidir leat a cheartú
  • cur i gcoinne phróiseáil do chuid sonraí pearsanta
  • iarraidh orainn sonraí pearsanta a scriosadh nó a bhaint i gcás nach mbeidh aon chúis mhaith againn lena bpróiseáil nó i gcás inar chuir tú ina choinne sin
  • cur i gcoinne muid aon uathchinntí a dhéanamh fút bunaithe ar do shonraí pearsanta ná ar phróifíl a rinne muid i do leith
  • iarraidh go ndéanfar próiseáil do shonraí pearsanta a shrianadh nó a chur ar fionraí
  • iarraidh go n-aistreofar do shonraí pearsanta ar bhealach leictreonach struchtúrtha chugat féin nó chuig duine eile

Conas do chearta a fheidhmiú

Is féidir leat do chearta a fheidhmiú ar roinnt bealaí. Ina measc sin tá:

Sonraí anailísíochta a phróiseálaimid

Bailímid sonraí faoin gcaoi a n-úsáideann tú Aip Shláinte FSS nó Cuntas FSS. Is sonraí fíor-riachtanach iad sin. Déanaimid é sin ionas gur féidir linn slándáil agus oibríochtaí riachtanacha Aip Shláinte FSS agus Chuntas FSS a sheiceáil. Socraítear na huirlisí go huathoibríoch.

Úsáidimid anailísíocht roghnach freisin. Tá sí sin chun cabhrú linn níos mó a thuiscint faoin gcaoi a n-úsáideann tú Aip Shláinte FSS nó Cuntas FSS agus chun pleanáil a dhéanamh le haghaidh nuashonruithe amach anseo. Is féidir leat glacadh leis an anailísíocht sin, nó diúltú di, i socruithe Aip Shláinte FSS nó Chuntas FSS.

Bainimid úsáid as Fearais Forbartha Bogearraí (FFBanna) agus as fianáin chun na sonraí sin a bhailiú. Is comhaid bheaga téacs iad fianáin a stóráiltear ar do ghléas nuair a úsáideann tú Aip Shláinte FSS nó Cuntas FSS.

Tuilleadh eolais faoi na fianáin ar Chuntas FSS - Ráiteas Fianán HSE.ie.

FFBanna agus fianáin fhíor-riachtanacha a úsáidimid

Is iad seo a leanas na FFBanna agus na fianáin fhíor-riachtanacha nach mór dúinn a chur ar do ghléas:

@credo-ts/askar

Úsáidtear é seo chun faisnéis aitheantais infhíoraithe ina mbíonn sonraí pearsanta de ghnáth a stóráil. Stóráiltear ar do ghléas iad agus déantar iad a chriptiú.

@datadog/mobile-react-native

Baineann sé seo le hearráidí a láimhseáil agus a thuairisciú. Ní phróiseáiltear aon sonraí pearsanta. Tá rochtain chianda ag Datadog ar na sonraí seo.

@datadog/mobile-react-navigation

Baineann sé seo le hearráidí a láimhseáil agus a thuairisciú. Ní phróiseáiltear aon sonraí pearsanta. Tá rochtain chianda ag Datadog ar na sonraí seo.

react-native-keychain

Cruthaímid eochair criptithe agus sábhálaimid í le react-native-keychain. Úsáidtear an eochair seo ansin chun sonraí úsáideora atá stóráilte le react-native-mmkv a chriptiú. Stóráiltear na sonraí seo ar do ghléas.

react-native-mmkv

Cuidíonn sé seo le socruithe agus sainroghanna aipe a shábháil. Bainimid úsáid as chun sonraí nascleanúna nó ceadchomharthaí a stóráil a theastaíonn chun tú a choinneáil logáilte isteach, ionas go mbeidh an fhaisnéis sin ar fáil fiú i ndiaidh duit an aip a dhúnadh agus a athoscailt. Stóráiltear na sonraí seo ar do ghléas.

ppms_privacy_xxxxxx

Is fianán Piwik Pro é seo. Úsáidtear é chun toiliú úsáideora le bailiú agus úsáid sonraí a stóráil. Sonraí anaithnide atá ann. Téann sé seo in éag tar éis 6 mhí.

analytics_consent

Úsáidtear an fianán seo chun toiliú le haghaidh anailísíocht Piwik Pro a chlárú ar an aip. Téann sé seo in éag tar éis seisiúin.

FFBanna eile

react-native-marketingcloudsdk

Úsáidtear é seo chun cur ar chumas Salesforce córas bainistíochta custaiméirí a sholáthar do FSS. Stóráiltear Aitheantas Uathúil Gléis Salesforce in Salesforce Marketing Cloud, rud a ligeann do FSS a rianú cibé ar ghlac úsáideoirí le brúfhógraí nó nár ghlac.

FFBanna agus fianáin anailísíochta roghnacha a úsáidimid

@piwikpro/react-native-piwik-pro-sdk

Úsáidtear é seo chun anailísíocht a dhéanamh ar an úsáid a bhaineann tú as an aip. Tá na sonraí anaithnid. Stóráiltear na sonraí ar do ghléas

_pk_id.{id}

Is fianán Piwik Pro é seo. Úsáidtear é chun tú a aithint agus chun do chuid faisnéise a choinneáil san aip. Téann sé seo in éag tar éis 6 mhí

_pk_ses.{id}

Is fianán Piwik Pro é seo. Taispeánann sé do sheisiún reatha ar an aip. Mura bhfuil an fianán ann, is léiriú é sin gur tháinig deireadh leis an seisiún níos mó ná 30 nóiméad ó shin agus go ndearnadh é a chomhaireamh san fhianán _pk_id. Téann sé seo in éag tar éis cúpla soicind.

stg_debug

Is fianán Piwik Pro é seo. Úsáidtear é chun dífhabhtú agus forbairt a éascú. Is fianán seisiúin é. Téann sé seo in éag tar éis roinnt soicindí.

Stg_last_interaction

Is fianán Piwik Pro é seo. Úsáidtear é chun a léiriú má tá do sheisiún fós ar siúl, nó má tá seisiún nua tosaithe. Téann sé seo in éag tar éis 12 mhí.

Stg_returning_visitor

Is fianán Piwik Pro é seo. Úsáidtear é chun a léiriú má thug tú cuairt ar an aip roimhe. Téann sé seo in éag tar éis 12 mhí.

Stg_traffic_source_priority

Is fianán Piwik Pro é seo. Stórálann sé an cineál foinse tráchta as ar tháinig tú. Téann sé seo in éag tar éis 30 nóiméad.

Athbhreithniú deireanach ar an leathanach: 10 Iúil 2026