Ach a bheith gníomhach:
- laghdaítear an riosca galair
- cuirtear feabhas ar do ghiúmar
- laghdaítear strus
- cabhraítear leat codladh níos fearr
- seans go gcabhródh sé leat do mheáchan a bhainistiú
- seans go gcabhródh sé leat ceangal a dhéanamh le daoine eile
- beidh tú in ann tú féin a choinneáil láidir agus solúbtha agus tú ag dul in aois
Má tá riocht sláinte ort, is féidir le bheith gníomhach feabhas suntasach a chur ar do cháilíocht beatha agus do chuid comharthaí a mhaolú.
Is cuma cé acu atá tú ag dul ag siúl nó ag rith, ag freastal ar rang aclaíochta nó ag imirt spóirt, is infheistíocht i do shláinte agus folláine ghearrthéarmach agus fhadtéarmach é am a chur i leataobh le bheith ag bogadh.
De réir mar a dhéanfaidh tú dul chun cinn tríd an gclár, glac am le breathnú siar ar na feabhsuithe a bheidh tagtha ar do shláinte agus ar do fholláine. Is féidir leis sin cabhrú leat coinneáil leis.
Is beag an ghluaiseacht nach cuidiú í!