Is éard atá i gceist le bheith neamhghníomhach ná tréimhsí fada neamhghníomhaíochta, gan mórán gluaiseachta nó gan aon ghluaiseacht ar bith. Tugtar iompar neamhghníomhach air seo freisin.
Is féidir le hathruithe beaga difríocht mhór a dhéanamh.
Roinnt samplaí d'iompar neamhghníomhach:
- a bheith i do shuí
- a bheith i do luí
- ag breathnú ar an teilifís
- ag obair ag deasc
Is gnáthrud é scíth a ligean. Ach is féidir le ró-neamhghníomhaíocht a bheith ina cúis le fadhbanna sláinte, amhail:
- galar croí
- diaibéiteas
- murtall
Is féidir léi do mhatáin a lagú agus solúbthacht a laghdú freisin.
Is féidir le neamhghníomhaíocht a bheith ina cúis le strus, imní agus dúlagar chomh maith.
Smaoinigh ar an méid ama a bhíonn tú neamhghníomhach gach lá. Déan iarracht teacht ar dheiseanna le bheith ag bogadh. Seas suas go minic agus tú ag breathnú ar an teilifís, sín amach agus tú ag do dheasc, nó téigh ag siúl tar éis an lóin.
Is beag an ghluaiseacht nach cuidiú í!