Skip to main content

Warning notification:Warning

Unfortunately, you are using an outdated browser. Please, upgrade your browser to improve your experience with HSE. The list of supported browsers:

  1. Chrome
  2. Edge
  3. FireFox
  4. Opera
  5. Safari

Spriocanna a shocrú

Is bealach iontach é spriocanna aclaíochta a leagan síos le tú féin a choinneáil spreagtha agus do dhul chun cinn a rianú.

Bíonn daoine a leagann síos spriocanna níos gníomhaí, agus fanann siad gníomhach ar feadh tréimhse níos faide.

Bíodh spriocanna cliste agat.

Is éard atá i gceist le cliste anseo ná:

  • Sonrach
  • Intomhaiste
  • Inbhainte amach
  • Ábhartha
  • Teoranta ó thaobh ama de

Ciallaíonn Sonrach gur cheart go mbeadh do sprioc soiléir agus dírithe. In ionad a rá 'Ba mhaith liom a bheith níos gníomhaí', abair 'Ba mhaith liom dul ag siúl níos minice le bheith níos gníomhaí'.

Ciallaíonn Intomhaiste gur féidir leat do dhul chun cinn a rianú. Le hé sin a dhéanamh, luaigh laethanta nó amanna, amhail 'Ba mhaith liom siúl ar feadh 30 nóiméad, 3 lá sa tseachtain'.

Ciallaíonn Inbhainte amach go bhfuil do sprioc réalaíoch agus gur rud é is féidir leat a dhéanamh. Mar shampla, mura bhfuil tú gníomhach faoi láthair, b’fhéidir gurbh fhearr rud éigin a rá ar nós ‘Ba mhaith liom siúl ar feadh 10 nóiméad, 3 lá sa tseachtain’ ar dtús.

Ciallaíonn Ábhartha gur cheart go mbeadh do sprioc oiriúnach duit féin. Mar shampla, ná socraigh sprioc dul ag snámh 3 lá sa tseachtain más rud é nach maith leat a bheith ag snámh agus más fearr leat dul ag siúl.

Ciallaíonn Teoranta ó thaobh ama de gur cheart spriocdháta a leagan síos, amhail an mhí seo chugainn.

Má bhíonn tú cliste, éireoidh leat spriocanna éifeachtacha a leagan síos a chabhróidh leat a bheith níos gníomhaí.

Cuimhnigh - Is beag an ghluaiseacht nach cuidiú í!