Skip to main content

Warning notification:Warning

Unfortunately, you are using an outdated browser. Please, upgrade your browser to improve your experience with HSE. The list of supported browsers:

  1. Chrome
  2. Edge
  3. FireFox
  4. Opera
  5. Safari

Cén chaoi ar féidir liom coinneáil orm a bheith gníomhach?

Anois agus Bí Gníomhach críochnaithe agat, lean ort leis na gníomhaíochtaí siúil agus nirt a bhíonn á ndéanamh agat.

Beidh fáil agat ar an bhfíseán cleachtaí nirt go ceann 12 mhí eile. Is féidir trí shraith a dhéanamh nó banda friotaíochta níos láidre a úsáid chun na cleachtaí sin a dhéanamh níos deacra.

Is féidir leat siúl níos faide nó níos tapúla freisin.

Más mian leat tú féin a choinneáil spreagtha, is féidir leat gníomhaíochtaí eile a thriail. Faigh amach céard atá ag tarlú i do cheantar.

Gníomhaíochtaí i do cheantar

Faigh amach faoi ghníomhaíochtaí spóirt i do cheantar. Cuireann comhpháirtíochtaí áitiúla spóirt neart deiseanna ar fáil le bheith níos gníomhaí.

Má tá míchumas ort, is féidir leo tú a nascadh le clubanna agus gníomhaíochtaí.

Comhpháirtíochtaí Áitiúla Spóirt - sportsireland.ie

Roghnaigh gníomhaíocht spóirt nó eachtraíochta a oireann duit. Faigh amach faoi na conairí, na siúlóidí, na clubanna agus na háiseanna iomadúla atá ar fáil ar fud na tíre.

Aimsigh gníomhaíochtaí gar dom -Éirigh Gníomhach in Éirinn

Glac páirt i ngrúpaí agus in imeachtaí

Glac páirt in imeachtaí agus i ngrúpaí nó cláraigh le haghaidh clár le tú féin a choinneáil spreagtha.

Tuilleadh eolais:

Déan teagmháil le hionaid spóirt agus fóillíochta i do cheantar lena fháil amach céard iad na ranganna atá ar fáil acu.