Is céim thábhachtach í an phleanáil le do spriocanna a bhaint amach.
Agus do spriocanna socraithe agat, beidh plean ina chuidiú agat na spriocanna a bhriseadh síos ina gcéimeanna, rud a fhágann go mbeidh seans níos fearr agat iad a bhaint amach.
Ba cheart na 5 cheist a bheith san áireamh i do phlean:
- Céard
- Cén áit
- Cathain
- Cé leis
- Cén fáth
Mar shampla, más é do sprioc a bheith ag siúl ar feadh 30 nóiméad gach lá, d'fhéadfadh sé go mbeadh na nithe seo a leanas i do phlean:
- Céard is siúlóid ann?
- Cén áit a mbeidh mé ag dul ag siúl?
- Cathain a bheidh mé ag dul ag siúl?
- Cé leis a mbeidh mé ag dul ag siúl?
- Cén fáth ar mian leat dul ag siúl?
Tá sé tábhachtach smaoineamh ar rudaí a d’fhéadfadh do phlean a athrú, amhail drochaimsir. Ansin is féidir leat teacht roimh na rudaí sin agus déileáil leo. Mar shampla, má tá sé ag cur báistí, cuir ort cóta báistí nó déan aclaíocht laistigh.
Agus plean agat, is eol duit na céimeanna a chaithfidh tú a ghlacadh le do spriocanna a bhaint amach.