Má roghnaíonn tú an ghníomhaíocht cheart aclaíochta, beidh tú spreagtha agus is fearr a bheidh tú in ann cloí le do spriocanna. Tá sé tábhachtach rud éigin a thaitníonn leat a roghnú. Dá mhéad is maith leat an ghníomhaíocht, is ea is dóichí go leanfaidh tú léi.
Mura bhfuil tú cinnte cá háit le tosú, bain triail as gníomhaíochtaí éagsúla chun a fháil amach cén ceann is fearr a fheileann duit. Tá sé ceart go leor má thógann sé tamall ort é a oibriú amach.
Cuimhnigh - ba chóir go mbeadh meascán d’aclaíocht aeróbach agus d’aclaíocht neartaithe matán sna gníomhaíochtaí a roghnóidh tú.
Má bhaineann tú taitneamh as a ndéanann tú, beidh tú ag tnúth le bheith gníomhach, rud a fhágfaidh go mbeidh sé níos éasca coinneáil leis.
Is dóichí go mbeidh tú in ann na laethanta deacra a chur díot agus dul chun cinn fadtéarmach a dhéanamh.
Cuimhnigh, is é an cleachtadh is fearr an ceann a dhéanfaidh tú i ndáiríre!
Agus cuimhnigh - Is beag an ghluaiseacht nach cuidiú í!