Warning notification:Warning

Unfortunately, you are using an outdated browser. Please, upgrade your browser to improve your experience with HSE. The list of supported browsers:

  1. Chrome
  2. Edge
  3. FireFox
  4. Opera
  5. Safari

COVID-19 agus mná atá ag iompar clainne

Tá riosca ag baint le COVID-19 le haghaidh do shláinte féin agus le haghaidh shláinte do linbh. Mar sin féin, an chuid is mó de na mná torracha a tholgann an víreas, ní thagann ach siomptóim éadroma go measartha orthu. 

Is féidir leat an leanbh a thabhairt ar an saol mar a bhí beartaithe agus ní bhíonn ach riosca íseal ann go dtabharfá COVID-19 don leanbh.

Is mó seans go n-éireoidh mná torracha go dona tinn agus go mbeidh orthu dul faoi dhianchúram ná bean nach bhfuil ag iompar clainne.

D'fhéadfadh cúrsaí dul in aimhréidh ar do leanbh de dheasca an víris chomh maith, mar shampla saolú roimh am nó marbh-bhreith. 

Má tá sé beartaithe agat leanbh a bheith agat nó má tá tú ag iarraidh leanbh a ghiniúint, molaimid duit dul faoi vacsaíniú in aghaidh COVID-19. Ní dhéanfaidh an vacsaín aon difear don torthúlacht.

Emergency action required: Déan teagmháil leis an ospidéal máithreachais láithreach más rud é:

  • go bhfuil toradh deimhneach faighte agat ar thástáil le haghaidh COVID-19
  • go bhfuil imní ort nach bhfuil do leanbh ag bogadh mar is iondúil
  • go bhfuil imní ort maidir le folláine do linbh

Déanfaidh an t-ospidéal tástálacha lena dhéanamh cinnte de go bhfuil do leanbh i gceart.

Tú féin agus do leanbh a chosaint

Is é vacsaín a fháil an chaoi is fearr chun tú féin agus do leanbh a chosaint ar COVID-19.

Laghdóidh an vacsaín an baol go n-éireofá go dona tinn le COVID-19 agus laghdóidh an vacsaín an baol go rachadh cúrsaí in aimhréidh ar do leanbh.

Mar a tharlaíonn, d'fhéadfadh na vacsaíní in aghaidh COVID-19 cabhrú le do leanbh a chosaint tar éis na breithe mar b'fhéidir go gcuirfeá antasubstaintí ón vacsaín ar aghaidh chuig do leanbh.

Faigh an vacsaín in aghaidh COVID-19 más rud é go bhfuil tú:

  • ag iompar clainne
  • ag iarraidh leanbh a ghiniúint nó má tá seans ann go mbeidh tú ag iompar clainne amach anseo
  • i mbun beathú cíche

Léigh an chomhairle maidir le vacsaín a fháil má tá tú ag iompar clainne, ag iarraidh leanbh a ghiniúint nó i mbun beathú cíche

Urgent advice: Cuir glao ar do dhochtúir teaghlaigh más rud é:

Teocht ard le linn an toirchis

fiabhras (teocht ard) ar cheann de shiomptóim COVID-19. D'fhéadfadh sé sin cur leis an riosca go rachadh cúrsaí in aimhréidh don leanbh le linn na chéad ráithe (seachtain 0 go 13).

Urgent advice: Cuir glao ar an dochtúir teaghlaigh nó ar an gcnáimhseach go práinneach:

  • má tá fiabhras ort (teocht ard – 38 céim Celsius nó os a chionn) agus má tá tú ag iompar clainne

Coinní agus scanadh

Beidh ort dul chuig an ospidéal le haghaidh scrúduithe, tástálacha fola agus scrúduithe ultrafhuaime.

Ba cheart go mbeadh do pháirtí in ann dul chuig na coinní scanta agus na coinní eile in éineacht leat. Mura mbeidh an t-ospidéal in ann fáilte a chur roimh do pháirtí, inseoidh siad duit an chúis atá leis sin.

Tinneas clainne agus breith

Is féidir le do pháirtí tacaíochta ainmnithe a bheith in éineacht leat nuair a thagann an leanbh ar an saol, fiú amháin i bhformhór na gcásanna ina saolaítear an leanbh trí ghearradh Caesarach. Má mheasann an dochtúir nó an chnáimhseach nach iomchuí é sin áfach, cuirfidh sé nó sí é sin in iúl duit. Mar shampla, ní bheadh sé iomchuí i gcás go mbeifeá faoi ainéistéiseach ginearálta (go bhfuil tú i do chodladh) agus gearradh Caesarach á dhéanamh.

Is amhlaidh an scéal ar choinníoll nach bhfuil siomptóim COVID-19 ar do pháirtí tacaíochta ainmnithe.

Má tá COVID-19 ort

Tabharfaidh an fhoireann cúraim sláinte an-aire duit má tá COVID-19 ort. Labhróidh siad leat faoin mbealach is sábháilte agus faoin am is sábháilte chun do leanbh a thabhairt ar an saol.

B'fhéidir go mbeifeá i seomra leithlise ina bhfuil seomra folctha en suite agus tú i dtinneas clainne. B'fhéidir go mbeidh ort fanacht sa seomra sin an t-am go léir a bheidh tú san ospidéal.

Tar éis na breithe

Cuairteoirí san ospidéal

Ní bhaineann na srianta ar chuairteanna ar an ospidéal le do pháirtí breithe.

Mura féidir leis an ospidéal ligean do do chomhpháirtí breithe ná do chuairteoirí eile cuairt a thabhairt ort de bharr threoirlínte sábháilteachta COVID-19, inseofar duit an chúis atá leis sin.

Eolas maidir le cuairteanna ospidéil

Cuairteanna ar aonad cúraim nuabheirthe

Ba cheart go mbeifeá féin agus do pháirtí tacaíochta ainmnithe in ann cuairt a thabhairt ar do leanbh má tá sé nó sí san aonad dianchúraim nuabheirthe. 

Is amhlaidh an scéal ar choinníoll nach bhfuil siomptóim COVID-19 ort féin ná ar do pháirtí.

Meabhairshláinte

Tá seirbhísí meabhairshláinte imbhreithe ar fáil d'aon bhean a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte aici agus:

  • atá ag pleanáil leanbh a ghiniúint
  • atá ag iompar clainne
  • a bhfuil leanbh suas le haon bhliain d'aois aici

Tuilleadh eolais fúthu seo a leanas:

Slaintecare logo
This project has received funding from the Government of Ireland’s Sláintecare Integration Fund 2019 under Grant Agreement Number 123.

Athbhreithniú deireanach ar an leathanach: 18 Aibreán 2023