Cárta Eorpach um Árachas Sláinte a athnuachan
Is féidir leat Cárta Eorpach um Árachas Sláinte a athnuachan ar líne ar chuntar nach bhfuil athrú tagtha ar do sheoladh. Cuirfear an cárta nua chugat sa phost tráth nach déanaí ná 10 lá oibre tar éis duit an t-iarratas a dhéanamh ar líne.
Chun cárta a athnuachan ar líne, beidh na nithe seo a leanas ag teastáil uait:
- uimhir do sheanChárta Eorpaigh um Árachas Sláinte
- d’Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PSP)
Is í uimhir do Chárta Eorpaigh um Árachas Sláinte an uimhir aitheantais ag bun do chárta ar chlé. Mura bhfuil d’uimhir agat is féidir leat cabhair a fháil le do chárta a athnuachan.
Tugtar ‘uimhir aitheantais phearsanta’ ar d’uimhir PSP ar do chárta. Is éard a bhíonn in uimhir PSP i gcónaí ná 7 n-uimhir agus litir amháin nó dhá litir ina ndiaidh.
Faigh cabhair le Cárta Eorpach um Árachas Sláinte a athnuachan
Déan teagmháil le d’oifig áitiúil sláinte:
- má bhíonn sé ag dul deacair ort cárta a athnuachan ar líne
- má tá athrú tagtha ar do sheoladh
- mura bhfuil uimhir do sheanchárta agat nó mura bhfuil d’uimhir PSP ar eolas agat
Beidh siadsan in ann cabhrú leat do chárta a athnuachan. B’fhéidir go mbeadh ort é a dhéanamh ar an láthair san oifig. Inseoidh sé nó sí duit céard ba cheart duit a thabhairt leat.
Cárta Eorpach um Árachas Sláinte nua a fháil
Má chailltear nó má ghoidtear do chárta, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar chárta nua ag d’oifig áitiúil phoiblí um an gCárta Eorpach um Árachas Sláinte.
Déan teagmháil leis an oifig sula dtéann tú isteach. Inseoidh sé nó sí duit céard ba cheart duit a thabhairt leat.
Cuirfear an cárta nua chugat sa phost tráth nach déanaí ná 10 lá oibre tar éis duit an t-iarratas a dhéanamh ar chárta nua.
Na sonraí ar Chárta Eorpach um Árachas Sláinte a athrú
Is féidir leat an seoladh, an t-ainm nó an uimhir PSP atá luaite ar chárta a athrú ag d’oifig áitiúil phoiblí um an gCárta Eorpach um Árachas Sláinte.
Déan teagmháil leis an oifig sula dtéann tú isteach. Inseoidh sé nó sí duit céard ba cheart duit a thabhairt leat.
Cuirfear an cárta nua chugat sa phost tráth nach déanaí ná 10 lá oibre tar éis a iarrtha.
Deimhniú sealadach athsholáthair a fháil
Is féidir deimhniú sealadach athsholáthair a úsáid agus tú thar lear in áit an Chárta Eorpach um Árachas Sláinte.
Roimh duit dul ag taisteal
Má tá Cárta Eorpach um Árachas Sláinte ag teastáil uait go práinneach, is féidir leat deimhniú sealadach athsholáthair a fháil ar an láthair i d’oifig áitiúil um an gCárta Eorpach um Árachas Sláinte.
Déan teagmháil leis an oifig sula dtéann tú isteach. Inseoidh sé nó sí duit céard ba cheart duit a thabhairt leat.
Agus tú thar lear
Déan teagmháil le d’oifig áitiúil sláinte má bhíonn cúram sláinte ag teastáil uait agus:
- níl do Chárta Eorpach um Árachas Sláinte agat
- tá do Chárta Eorpach um Árachas Sláinte tar éis dul in éag agus tú thar lear
Iarr deimhniú sealadach athsholáthair orthu. Mura féidir é sin a shocrú duit, d’fhéadfadh sé go ngearrfaí táille ort as cóir leighis a fháil thar lear. Is féidir leat cur isteach ar aisíocaíocht tríd an ríomhphost.