Monaghan Injury Unit
Seoladh
Monaghan Hospital, Mullaghmonaghan, Monaghan Town, Monaghan, H18 NV91
Suíomh agus treoracha - Léarscáileanna GoogleFón
Facs
Aois
Tá aonad gortuithe do dhuine ar bith atá 5 bliain d’aois nó níos sine
Uaireanta oscailte
Dé Máirt, 8am chuig 8pm
Dé Céadaoin, 8am chuig 8pm
Déardaoin, 8am chuig 8pm
Dé hAoine, 8am chuig 8pm
Dé Sathairn, 8am chuig 8pm
Dé Domhnaigh, 8am chuig 8pm
Cásanna inar cheart dul chuig aonad gortuithe
Déanann aonaid gortuithe plé le gortuithe:
- nach mbaineann baol báis leo
- nach dócha a chuirfidh an té san ospidéal
Is féidir leo cabhrú le cuid mhaith de na gortuithe a dtéann daoine chuig an rannóg éigeandála le cóir leighis a fháil orthu. Cnámha briste, asaltuithe agus miondónna, cuir i gcás.
Ní gá duit coinne a bheith agat le dul chuig aonad gortuithe.
Is féidir cóireálacha ar nós x-ghathanna, teilgin phlástair agus cúram créachta a fháil in aonad gortuithe.
Mura féidir leo cabhrú leat le fadhb, díreoidh siad thú chuig an áit ar féidir leat an chabhair cheart a fháil.
Déanann aonaid gortuithe plé le:
- cnámha briste agus leontaí, ón nglúin síos chuig méara coise
- cnámha briste agus leontaí, ón dealrachán síos chuig barr na méar
- mionghortuithe aghaidhe (lena n-áirítear gortuithe béil, fiacla agus sróine)
- mionghortuithe scallta agus miondónna
- créachtaí, greamanna, gearrthacha, scríobthaí agus stolltaí (greamanna) plaite
- easpaí agus neascóidí beaga
- scealpóga agus duáin
- rudaí i bhfostú sna súile, sna cluasa nó sa tsrón
- mionghortuithe cinn (othair a bhfuil lánmhothú iontu, nár chaill an mothú ná nár chuir aníos tar éis an ghortaithe cinn)
- gortuithe a tharla níos lú ná 6 seachtaine ó shin
Céard iad na rudaí nach ndéanann aonaid gortuithe plé leo?
An costas a bhaineann le dul chuig aonad gortuithe
Cosnaíonn sé €75 le freastal ar aonad gortaithe.
Ní ghearrtar aon táille ar othair ag a bhfuil:
- cárta leighis
- litir leighis nó litir atreoraithe ó dhochtúir teaghlaigh
- atreorú ó rannóg éigeandála
Non-urgent advice:Déan teagmháil le dochtúir teaghlaigh:
- má tá tú breoite agus siomptóim eile ort
Déan teagmháil le seirbhís dochtúra teaghlaigh lasmuigh de ghnáthuaireanta má tá clinic do dhochtúra teaghlaigh dúnta.
Na cásanna inar cheart duit dul chuig an rannóg éigeandála
Téigh chuig an rannóg éigeandála in ionad dul chuig aonad gortuithe i gcás:
- gortuithe don chliabhrach, don bholg (abdóman) nó don pheilbheas
- gortuithe tromchúiseacha don cheann agus don chnámh droma
Bíonn rannóga éigeandála ag plé le gortuithe tromchúiseacha agus éigeandálaí a mbaineann baol báis leo.
Mar shampla:
- má tá giorra anála ar dhuine
- má tá duine ag mothú tinn agus ag éirí níos measa go han-tapa
- mura bhfuil a mhún déanta ag duine le 12 uair an chloig anuas agus mura bhfuil fonn air a mhún a dhéanamh
- mura bhfuil duine ag mothú go maith agus go bhfuil mearbhall ag teacht air agus é ag éirí corraithe
- má tá duine bán san aghaidh agus go bhfuil a lámha agus a chosa fuar
- má tá meadhrán i nduine nuair a shuíonn sé suas nó mura bhfuil sé in ann seasamh
- má tá gríos tagtha ar dhuine nach n-imíonn nuair a bhrúitear síos é
Immediate advice:Cuir glao ar 112 (nó 999) anois díreach:
- má tá cóir leighis ag teastáil uait nó ó dhuine eile ar bhonn práinne
- má tá beatha i mbaol
Cuidíonn do chuid aiseolais linn an leathanach seo a fheabhsú. Ní thugaimid freagra ar thráchtanna.
Ná scríobh faisnéis phearsanta.
Déan teagmháil le HSE Live má bhíonn ceist agat nó má theastaíonn faisnéis maidir le seirbhísí FSS uait. Déan teagmháil le Do Sheirbhís, Do Thuairim má tá aiseolas agat maidir lenár seirbhísí.