Skip to main content

Caredoc Sligo

Seoladh

Markievicz Primary Care Centre, Barrack Street, Sligo Town, Sligo, F91 Y8EK

Suíomh agus treoracha - Léarscáileanna Google

Ríomhphost

Láithreán gréasáin

caredoc.ie

Aois

Tá seirbhís dochtúra teaghlaigh lasmuigh de na gnáthuaireanta do gach aois

Uaireanta oscailte

Dé Luain, meán oíche chuig 9am, 6pm chuig meán oíche
Dé Máirt, meán oíche chuig 9am, 6pm chuig meán oíche
Dé Céadaoin, meán oíche chuig 9am, 6pm chuig meán oíche
Déardaoin, meán oíche chuig 9am, 6pm chuig meán oíche
Dé hAoine, meán oíche chuig 9am, 6pm chuig meán oíche
Dé Sathairn, 24 uair an chloig
Dé Domhnaigh, 24 uair an chloig
Uaireanta oscailte le haghaidh saoire phoiblí
Lá Caille1 Eanáir 2026, 24 uair an chloig
Lá Fhéile Bríde2 Feabhra 2026, 24 uair an chloig
Lá Saoire Bainc na Féile Pádraig17 Márta 2026, 24 uair an chloig
Luan Cásca6 Aibreán 2026, 24 uair an chloig
Lá Saoire Bainc na Bealtaine4 Bealtaine 2026, 24 uair an chloig
Lá Saoire Bainc an Mheithimh1 Meitheamh 2026, 24 uair an chloig
Lá Saoire Bainc Lúnasa3 Lúnasa 2026, 24 uair an chloig
Lá Saoire Bainc Dheireadh Fómhair26 Deireadh Fómhair 2026, 24 uair an chloig
Lá Nollag25 Nollaig 2026, 24 uair an chloig
Lá Fhéile Stiofáin26 Nollaig 2026, 24 uair an chloig

Na cásanna inar cheart duit seirbhís dochtúra teaghlaigh lasmuigh de na gnáthuaireanta a úsáid

Déan teagmháil le dochtúir teaghlaigh taobh amuigh de ghnáthuaireanta oscailte má bhíonn oifig do dhochtúra teaghlaigh dúnta agus dochtúir ag teastáil uait go práinneach.

Mura dteastaíonn cúram leighis uait go práinneach, déan teagmháil le do dhochtúir teaghlaigh le linn gnáthuaireanta oscailte.

Níor cheart dochtúir teaghlaigh a úsáid taobh amuigh de ghnáthuaireanta oscailte le haghaidh gnáthchúram leighis, cuir i gcás:

  • oideas leantach
  • torthaí tástála
  • deimhniú leighis
  • scrúdú dochtúra don obair

Gabh chuig an Rannóg Éigeandála más gortú trom nó éigeandáil atá bagrach don bheatha atá i gceist.

Immediate advice:Cuir glao ar 112 (nó 999) anois díreach:

  • má tá cóir leighis ag teastáil uait nó ó dhuine eile ar bhonn práinne
  • má tá beatha i mbaol

Conas a oibríonn an tseirbhís

Tá an tseirbhís dochtúra teaghlaigh lasmuigh de na gnáthuaireanta ann do dhaoine ar gach aois.

Ní mór coinne a bheith agat lena húsáid. Ní seirbhís gan réamhchoinne í.

Mura bhfuil tú cinnte cé acu seirbhís ba cheart a úsáid, cuir scairt ar oifig do dhochtúra teaghlaigh lasmuigh de na gnáthuaireanta. Beidh teachtaireacht taifeadta acu ar a bhfaighidh tú sonraí teagmhála na seirbhíse áitiúla.

Nuair a chuirfidh tú glao ar an tseirbhís, iarrfar sonraí ort, na cinn seo ina measc:

  • d’ainm agus dáta breithe
  • do sheoladh agus uimhir fóin
  • cur síos ar an bhfadhb leighis
  • uimhir do chárta leighis nó do chárta cuairte dochtúra, má tá ceann acu agat

Cuirfear do ghlao ar aghaidh chuig altra triáiseála. Cuirfidh an tseirbhís glao ar ais ort. Déan cinnte go bhfuil do líne fóin saor ionas nach gcaillfidh tú an glao.

An chéad rud eile

Nuair a chuirtear glao arís ort, inseoidh an t-altra duit an méid atá le déanamh agat.

Seo samplaí:

  • comhairle ón altra nó dochtúir teaghlaigh
  • coinne leis an tseirbhís dochtúra teaghlaigh lasmuigh de na gnáthuaireanta

Seans go ndéarfar leat ceann acu seo a dhéanamh:

  • teagmháil a dhéanamh le do dhochtúir teaghlaigh le linn gnáthuaireanta oscailte
  • dul chuig an rannóg éigeandála
  • dul chuig aonad gortuithe
  • glao ar otharcharr

Seans go ndéanfar ceann acu seo a shocrú:

  • cuairt dochtúra chun tí lasmuigh de na gnáthuaireanta
  • otharcharr a fháil duit

Cé mhéad a chosnaíonn sé?

Tá an tseirbhís saor in aisce ach cárta leighis nó cárta cuairte dochtúra bailí a thaispeáint.

Mura bhfuil cárta agat, gearrfar táille ort.

Láthair seirbhíse

Tá an tseirbhís seo in Markievicz Primary Care Centre.

Cuidíonn do chuid aiseolais linn an leathanach seo a fheabhsú. Ní thugaimid freagra ar thráchtanna.

Ná scríobh faisnéis phearsanta.

Déan teagmháil le HSE Live má bhíonn ceist agat nó má theastaíonn faisnéis maidir le seirbhísí FSS uait. Déan teagmháil le Do Sheirbhís, Do Thuairim má tá aiseolas agat maidir lenár seirbhísí.