Tar éis duit clárú le haghaidh do vacsaíne in aghaidh COVID-19, beidh tú in ann logáil isteach ar an gcóras le:
- Breathnú ar stádas clárúcháin vacsaínithe.
- Coinne vacsaínithe nua a iarraidh.
- A thoiliú go dtabharfaí vacsaín duit féin nó do do leanbh.
- Ceisteanna leighis a fhreagairt sula bhfaighidh tú do vacsaín.
- Stop a chur leis an bpróiseas vacsaínithe.
Cén chaoi logáil isteach
Logáil isteach leis na sonraí seo:
- pasfhocal – shocraigh tú é seo nuair a chláraigh tú
- céadainm
- dáta breithe
- seoladh ríomhphoist – is é seo an seoladh ríomhphoist a d'úsáid tú le clárú
Ní féidir leat logáil isteach ar an gcóras clárúcháin mura bhfuil tú cláraithe cheana féin le haghaidh vacsaín in aghaidh COVID-19.
Do stádas vacsaínithe
Is é do stádas vacsaínithe an chéad rud a fheicfidh tú tar éis duit logáil isteach.
Deimhniú é sin gur éirigh leat clárú i gceart.
Is féidir leat do dhul chun cinn féin nó dul chun cinn do linbh tríd an bpróiseas vacsaínithe a fheiceáil chomh maith, lena n-áirítear cibé acu atá coinne déanta go fóill nó nach bhfuil.
Is é an chéim dheiridh ná nuair a bheidh tú féin nó do leanbh vacsaínithe go hiomlán.
Coinní vacsaínithe a athrú
Mura mbeidh tú féin nó do leanbh in ann freastal ar choinne, is féidir leat ceann nua a iarraidh.
Ní bheidh tú in ann an lá ná an t-am a roghnú, ná vacsaín eile. Ní féidir leat coinne nua a iarraidh ach faoi dhó.
Ná hiarr coinne nua ach amháin má tá cúis mhaith agat.
Má athraíonn tú an choinne, beidh moill ar do vacsaíniú féin nó ar vacsaíniú do linbh.
Is féidir leat coinne nua a iarraidh trí theachtaireacht téacs, leis.
Cead agus ceisteanna leighis
Gheobhaidh tú teachtaireacht téacs ina n-iarrfar ort cead a thabhairt ar líne agus roinnt ceisteanna leighis a fhreagairt.
Cead a thabhairt
Ní féidir leat do vacsaín a fháil gan do thoiliú a thabhairt.
Beidh sonraí sa téacs freisin maidir le:
- cén vacsaín a bheidh á fáil agat
- nasc chuig an mBileog Eolais d'Othair
Bainfidh do thoiliú leis an vacsaín seo. Má thugann tú do thoiliú ar líne roimh ré, beidh tú in ann síniú isteach níos sciobtha san ionad vacsaínithe.
Mura féidir leat cead a thabhairt ar líne, beidh ort é a thabhairt ag do choinne.
Tuilleadh eolais faoi vacsaíní in aghaidh COVID-19
A thoiliú go dtabharfaí vacsaín do do leanbh
Beidh ort cead a thabhairt go dtabharfaí an vacsaín in aghaidh COVID-19 do do leanbh.
Ceisteanna leighis
Ní mór dúinn roinnt ceisteanna leighis a chur ort sula bhfaighidh tú féin nó do leanbh an vacsaín. Déanaimid é sin lena chinntiú go mbeidh an vacsaín slán sábháilte duitse nó do do leanbh.
Má fhreagraíonn tú na ceisteanna seo ar líne roimh ré, beidh tú in ann síniú isteach níos sciobtha ag an ionad vacsaínithe.
Ní thabharfar vacsaín duitse ná do do leanbh de cheal an fhaisnéis seo a thabhairt. Mura bhfuil tú cinnte faoin bhfreagra ar aon cheist, cuir ceist ar do dhochtúir teaghlaigh.
Mura bhfreagraíonn tú na ceisteanna seo ar líne, beidh ort iad a fhreagairt ag do choinne.
Stop a chur leis an bpróiseas vacsaínithe
Is féidir leat éirí as an bpróiseas vacsaínithe má shocraíonn tú nach bhfuil an vacsaín ag teastáil uait a thuilleadh.
Má dhéanann tú é seo, ní rachaimid i dteagmháil leat a thuilleadh maidir le vacsaín in aghaidh COVID-19 a fháil.
Má athraíonn tú d'intinn amach anseo, cuir glao ar an líne chabhrach COVID-19.
Nuashonrú deireanach: 11 Lúnasa 2021 ag 3.05 i.n.