Is féidir leat duine eile a chlárú le haghaidh a vacsaíne in aghaidh COVID-19 más rud é:
- nach féidir leis é féin a chlárú
- gur tusa duine de thuismitheoirí nó caomhnóirí an duine
Faigh comhairle maidir le:
Leanbh idir 5 bliana agus 15 bliana d'aois a chlárú
I gcás leanaí idir 5 bliana agus 15 bliana d'aois, ní mór dá dtuismitheoirí nó dá gcaomhnóirí iad a chlárú. Ní ceadmhach do dhaoine idir 5 bliana agus 15 bliana d'aois iad féin a chlárú.
Tabhair faisnéis do linbh
Cuir isteach faisnéis do linbh ó thús deireadh an phróisis cláraithe ach amháin nuair a iarrtar sonraí teagmhála ort.
Beidh ort na sonraí seo a leanas a thabhairt maidir le do leanbh:
- ainm
- dáta breithe
- sloinne a m(h)áthar roimh phósadh di
- uimhir PSP – faigh amach cén chaoi uimhir PSP a aimsiú, agus céard atá le déanamh mura féidir teacht ar a (h)uimhir PSP nó mura bhfuil uimhir PSP aige nó aici
- Éirchód
- inscne
- náisiúntacht
- cúlra eitneach
- Ainm an dochtúra teaghlaigh nó ainm an chleachtais
Tabhair do shonraí teagmhála
Cuir isteach do sheoladh ríomhphoist agus d'uimhir fóin féin.
Úsáidfimid iad sin leis na rudaí seo a leanas a sheoladh chugat:
- ríomhphost fíoraithe
- teachtaireacht téacs fíoraithe
- teachtaireacht téacs ina mbeidh sonraí maidir leis an gcoinne
- teachtaireachtaí téacs faoi rudaí eile ar gá dó nó di a bheith ar an eolas fúthu
Seolfaimid nasc chuig do sheoladh ríomhphoist agus ní mór duit an nasc sin a chliceáil laistigh de 24 uair an chloig leis an seoladh ríomhphoist a fhíorú. Seans go mbeidh ort é sin a dhéanamh ar an ngléas céanna (fón, ríomhaire glúine nó ríomhaire deisce) a d'úsáid tú le clárú.
Tabhair do thoiliú
De bhreis ar an méid thuas, beidh ort:
- cead a thabhairt go ndéanfadh FSS faisnéis phearsanta do linbh a phróiseáil
- cead a thabhairt go ndéanfaí do leanbh a vacsaíniú
- ceisteanna leighis a fhreagairt maidir le do leanbh ionas go mbeidh a fhios againn go mbeidh sé slán sábháilte vacsaíniú a dhéanamh air nó uirthi
- sonraí maidir leis an gcoinne a roinnt le do leanbh nuair a gheobhaidh tú trí theachtaireacht téacs nó tríd an ríomhphost iad
Duine fásta eile a chlárú
Roghnaigh am a oirfidh daoibh beirt
Seans go mbeidh ort teagmháil a dhéanamh leis an duine atá á chlárú agat le linn an phróisis cláraithe. B'fhearr am a shocrú a oirfidh daoibh beirt.
Seans go mbeidh ort roinnt ceisteanna a chur air nó uirthi mura mbeidh an fhaisnéis ar fad agat.
B'fhearr an fhaisnéis a bhailiú le chéile roimh ré. Nuair a bhrúfaidh tú an cnaipe "Tosaigh anois", roghnóidh tú an grúpa a bhaineann leis an duine agus rachaidh tú isteach sa scuaine.
Nuair a thiocfaidh do sheal, beidh 10 nóiméad agat le glacadh le háit ar an gcóras.
Ansin iarrfar ort ainm, uimhir fóin póca, seoladh ríomhphoist agus bliain bhreithe an duine a chur isteach le cuntas a chruthú dó nó di.
Faisnéis a bheidh ag teastáil uait le clárú
Le duine eile clárú ar líne, ní mór duit na sonraí seo a leanas a bheith agat:
- uimhir fóin póca
- seoladh ríomhphoist
- uimhir PSP an duine – faigh amach cén chaoi uimhir PSP a aimsiú, agus céard atá le déanamh mura féidir leis teacht ar a uimhir PSP nó mura bhfuil uimhir PSP aige
- éirchód an duine – is féidir leat an tAimsitheoir Eircode a úsáid roimh ré nó is féidir leat a sheoladh a chur isteach sa chóras clárúcháin
Iarrfar ort freisin na sonraí seo a leanas a chur ar fáil:
- ainm
- dáta breithe
- sloinne a m(h)áthar roimh phósadh di
- inscne
- náisiúntacht
- cúlra eitneach
- Ainm an dochtúra teaghlaigh nó ainm an chleachtais
Sonraí teagmhála
Iarrfar ort uimhir fóin póca agus seoladh ríomhphoist a chur isteach don duine chomh maith.
Beidh ortsa cinneadh a dhéanamh cibé acu sonraí teagmhála an duine a chur isteach nó do shonraí teagmhála féin.
Ríomhphost
Úsáid seoladh ríomhphoist a mbeidh fáil agat air i rith an phróisis clárúcháin. D'fhéadfá do sheoladh ríomhphoist féin, seoladh ríomhphoist an duine nó aon seoladh ríomhphoist a bhfuil fáil agat air a úsáid.
Beidh ort cliceáil ar nasc a sheolfaimid chuig an seoladh ríomhphoist chun é a fhíorú:
- laistigh de 24 uair an chloig ón ríomhphost a fháil.
- ar an ngléas céanna (fón, ríomhaire glúine nó ríomhaire deisce) a úsáideadh le clárú
Is féidir leat an seoladh ríomhphoist céanna a úsáid le níos mó ná duine amháin a chlárú, más gá.
Uimhir fóin póca
Molaimid duit uimhir fóin póca an duine féin a úsáid, seachas d'uimhirse, más féidir.
Is trí theachtaireacht téacs a sheolfar:
- sonraí maidir leis an gcoinne vacsaínithe
- aon nuashonruithe faoin vacsaín
Ní mór na teachtaireachtaí téacs seo a chur ar a súile don duine a luaithe a gheofar iad.
Má úsáideann tú uimhir an duine
An cód fíoraithe 5 dhigit a sheolfaimid chuig an duine i dteachtaireacht téacs ag tús an phróisis clárúcháin, beidh air nó uirthi é a insint duit.
Ba cheart duit a chur in iúl dó nó di freisin go bhfaighidh sé nó sí na sonraí maidir leis an gcoinne i dteachtaireacht téacs a sheolfar chuig a f(h)ón.
Má úsáideann tú d'uimhir féin
Is féidir leat d'uimhir féin a úsáid leis an duine a chlárú. Ach ciallaíonn sé sin gur tusa a gheobhaidh na teachtaireachtaí téacs maidir lena vacsaíniú.
Ná tabhair do shonraí teagmhála ach amháin:
- má tá tú sásta an fhaisnéis go léir maidir le coinne an duine a chur ar aghaidh chuige nó chuici
- má tá cead tugtha aige nó aici duit an fhaisnéis seo a fháil thar a c(h)eann
Is féidir leat an uimhir fóin póca chéanna a úsáid le níos mó ná duine amháin a chlárú, más gá.
Pasfhocal a chruthú do chuntas an duine
Iarrfar ort pasfhocal a chruthú do chuntas an duine chomh maith. Déan cinnte de go mbreacfaidh tú síos é seo ionas nach ndéanfaidh tú dearmad air.
Má dhéanann tú dearmad air, beidh tú in ann an pasfhocal a athshocrú dó nó di.
Mura bhfuil uimhir PSP ag an duine
Mura féidir leis an duine atá á chlárú agat teacht ar a (h)uimhir PSP, léigh ár gcomhairle maidir le cén chaoi ar féidir leis nó léi a (h)uimhir PSP a aimsiú.
Mura raibh an té fostaithe riamh in Éirinn nó murar úsáid sé seirbhísí leasa shóisialta, seans nach bhfuil uimhir PSP aige. Sa chás sin, cuir glao ar líne chabhrach COVID-19 chun é nó í a chlárú ar an bhfón ina ionad.
Más gá duit níos mó ná duine amháin a chlárú i seisiún amháin
Caithfidh tú logáil amach tar éis gach clárúcháin más mian leat duine eile a chlárú.
Úsáid an deilbhín sa chúinne ar dheis ag barr an scáileáin.
Mura n-éiríonn leat clárú ar líne
Mura n-éiríonn leat clárú ar líne, cuir glao ar an líne chabhrach COVID-19. Idir 1 i.n. agus 6 i.n. an t-am is fearr le glaoch. Freagróidh oibritheoir níos tapa thú.
Nuashonrú deireanach: 11 Lúnasa 2021 ag 2:40 i.n.