Skip to main content

Warning notification:Warning

Unfortunately, you are using an outdated browser. Please, upgrade your browser to improve your experience with HSE. The list of supported browsers:

  1. Chrome
  2. Edge
  3. FireFox
  4. Opera
  5. Safari

Vacsaíní in aghaidh COVID-19

An chaoi is sábháilte le galair thógálacha a chosc ná vacsaíní a úsáid. Múineann vacsaíní don chóras imdhíonachta (cosaint nádúrtha do choirp) an chaoi le tú a chosaint ar víreas faoi leith.

Ba cheart do dhaoine áirithe a bhfuil riosca níos airde ann dóibh teanndáileoga séasúracha a fháil chun cur leis an tréimhse a mhaireann an chosaint ó vacsaíní in aghaidh COVID-19. Ní fios go fóill cá fhad a mhairfidh an imdhíonacht tar éis teanndáileog a fháil. Tá trialacha cliniciúla ar bun faoi láthair leis an gceist sin a fhuascailt.

Vacsaíní défhiúsacha (oiriúnaithe)

Tá an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) agus an Coiste Comhairleach Náisiúnta um Imdhíonadh in Éirinn (NIAC) ag moladh vacsaíní oiriúnaithe mRNA in aghaidh COVID-19 mar theanndáileoga.

Oibríonn na vacsaíní oiriúnaithe seo ar an gcaoi chéanna le vacsaíní bunaidh Pfizer agus Moderna in aghaidh COVID-19.

Cé gur fíor go dtugann na vacsaíní a bhí againn roimhe seo cosaint in aghaidh COVID-19, táthar ag súil go dtabharfaidh na vacsaíní oiriúnaithe cosaint níos leithne in aghaidh athraithigh de COVID-19. Áirítear leo sin an athróg darb ainm Oimiocrón.

Dáileoga agus imdhíonacht

Tá liosta thíos de na dáileoga atá de dhíth le haghaidh na vacsaíní in aghaidh COVID-19 a úsáidtear in Éirinn.

Céard is brí le 'an chéad bhabhta vacsaínithe in aghaidh COVID-19'?

Nuair a thagraímid do 'an chéad bhabhta vacsaínithe in aghaidh COVID-19', is é dáileog 1 agus dáileog 2 atá i gceist againn má fuair tú AstraZeneca, Moderna, nó Pfizer. Nó aon dáileog amháin má fuair tú vacsaín Janssen.

Má tá córas lag imdhíonachta agat, ba cheart gur táirgeadh 'dáileog bhreise' duit d'fhonn cosaint ní b'fhearr a thabhairt duit. Déantar é sin mar tá seans ann nach n-éireodh leis an vacsaín freagairt chomh láidir sin a spreagadh i do chóras imdhíonachta. Beidh na teanndáileoga ag teastáil uait i gcónaí tar éis na dáileoige breise sin.

Vacsaín Pfizer/BioNTech in aghaidh COVID-19

I gcás do chéad bhabhta vacsaínithe, beidh 2 dháileog de vacsaín Pfizer/BioNTech ag teastáil uait.

Ní thosóidh vacsaín Pfizer/BioNTech in aghaidh COVID-19 ag obair go ceann 7 lá tar éis an dara dáileog a fháil.

Má bhí COVID-19 ort le déanaí, fan ar a laghad 4 seachtaine sula bhfaighidh tú an chéad dáileog nó an dara dáileog.

Teanndáileog

Moltar teanndáileog do dhaoine atá 18 mbliana d’aois agus os a chionn chun cur leis an tréimhse a mhaireann an chosaint ón vacsaín. Cuirtear teanndáileoga ar fáil do leanaí atá 5 bliana d’aois agus os a chionn. Cuirfear teanndáileoga séasúracha ar fáil do dhaoine áirithe a bhfuil riosca níos mó ann go mbeadh breoiteacht thromchúiseach orthu de dheasca COVID-19.

Tuilleadh eolais faoi na daoine a bhfuil teanndáileog á tairiscint dóibh faoi láthair

Vacsaín Moderna/Spikevax in aghaidh COVID-19

Beidh dhá dháileog de vacsaín Moderna in aghaidh COVID-19 ag teastáil uait. Ní thosóidh an vacsaín ag obair go ceann 14 lá tar éis an dara dáileog a fháil.

Teanndáileog

Moltar teanndáileog do dhaoine atá 18 mbliana d’aois agus os a chionn chun cur leis an tréimhse a mhaireann an chosaint ón vacsaín. Cuirtear teanndáileoga ar fáil do leanaí atá 5 bliana d’aois agus os a chionn. Cuirfear teanndáileoga séasúracha ar fáil do dhaoine áirithe a bhfuil riosca níos mó ann go mbeadh breoiteacht thromchúiseach orthu de dheasca COVID-19.

Tuilleadh eolais faoi na daoine a bhfuil teanndáileog á tairiscint dóibh faoi láthair

Vacsaín Novavax in aghaidh COVID-19 (vacsaín nach vacsaín mRNA í)

Tugtar Nuvaxovid ar vacsaín Novavax in aghaidh COVID-19.

Ní fios go fóill cá fhad a mhairfidh an imdhíonacht tar éis an vacsaín seo a fháil. Tá trialacha cliniciúla ar bun faoi láthair leis an gceist sin a fhuascailt.

Cén chaoi vacsaín Novavax a fháil?

Is iad na vacsaíní mRNA (Pfizer nó Moderna) a mholtar do do chéad bhabhta vacsaínithe in aghaidh COVID-19.

Ach b'fhéidir nach mbeadh roinnt daoine in ann vacsaín mRNA a fháil, nó b'fhéidir gur roghnaigh siad gan ceann a fháil. Toisc go bhfuil ailléirge orthu le ceann de chomhábhair na vacsaíne, cuir i gcás. Ina leithéid de chásanna, d'fhéadfadh sé go dtairgfí vacsaín Novavax dóibh.

Cuir glao ar HSELive ar 1800 700 700 le socruithe a dhéanamh le vacsaín Novavax a fháil ag ionad vacsaínithe.

Líon na ndáileog a bheidh ag teastáil

Braithfidh líon na ndáileog a bheidh ag teastáil uait ar cibé acu atá tú vacsaínithe in aghaidh COVID-19 cheana nó nach bhfuil.

Mura bhfuil tú vacsaínithe

Mura bhfuair tú vacsaín in aghaidh COVID-19 riamh, beidh 2 dháileog de vacsaín Novavax ag teastáil uait, 21 lá óna chéile.

Mura bhfuil an chéad bhabhta vacsaínithe críochnaithe agat

Is éard atá i gceist anseo ná nach raibh agat ach an chéad dáileog de vacsaíní Pfizer, Moderna nó AstraZeneca.

Is féidir leat vacsaín Novavax a fháil mar an dara dáileog 28 lá tar éis duit an chéad dáileog de vacsaín in aghaidh COVID-19 a fháil.

Teanndáileog

Má fuair tú vacsaín Pfizer, Moderna nó AstraZeneca mar do chéad bhabhta vacsaínithe, seans go dtairgfear vacsaín Novavax duit mar theanndáileog má tá tú 12 bhliain d’aois nó os a chionn. Ní thairgfear amhlaidh ach amháin dóibh siúd nach féidir leo vacsaín mRNA a fháil nó ar rogha leo gan vacsaín mRNA a fháil mar theanndáileog.

Má tá tú chun Novavax a fháil mar theanndáileog, ba cheart duit é sin a fháil idir 4 mhí agus 9 mí tar éis duit an vacsaín dheireanach in aghaidh COVID-19 a fháil.

Vacsaíní éagsúla in aghaidh COVID-19 a fháil

Má fuair tú vacsaín Novavax mar do chéad bhabhta vacsaínithe in aghaidh COVID-19, d’fhéadfá dáileoga eile de Novavax a fháil mar theanndáileoga ar chuntar go mbeadh na rioscaí agus na buntáistí pléite agat le do vacsaíneoir.

Dáileog bhreise

Tairgtear dáileog bhreise do dhaoine a bhfuil córas lag imdhíonachta acu d'fhonn cosaint níos fearr a thabhairt dóibh. Is iad na vacsaíní mRNA (Pfizer nó Moderna) a mholtar le haghaidh dáileoga breise.

I gcás nach féidir leat vacsaín mRNA a fháil nó go roghnaíonn tú gan ceann a fháil, seans go dtairgfear vacsaín Novavax duit mar do dháileog bhreise má tá tú 12 bhliain d'aois nó os a chionn.

Tuilleadh eolais faoi dháileog bhreise a fháil

Vacsaín VidPrevtyn Beta in aghaidh COVID-19 (vacsaín nach vacsaín mRNA í)

Is féidir VidPrevtyn Beta a úsáid mar theanndáileog dóibh siúd atá 18 mbliana d’aois agus os a chionn:

  • vacsaín mRNA (Pfizer/BioNTech nó Moderna)
  • vacsaín veicteora víreasaigh (AstraZeneca nó Janssen)

Níl sé ar fáil mar theanndáileog do dhaoine a fuair vacsaín Novavax in aghaidh COVID-19 roimhe seo.

Má tá tú ag iompar clainne, tairgfear vacsaín mRNA duit mar theanndáileog. Mura mbeidh vacsaín mRNA oiriúnach duit, d’fhéadfadh sé go smaoineofaí ar VidPrevtyn Beta. Labhair le do dhochtúir teaghlaigh, do speisialtóir nó do vacsaíneoir le comhairle a fháil.

Vacsaín Janssen in aghaidh COVID-19/Jcovden (nach bhfuil ar fáil faoi láthair)

Is é 'Jcovden' an t-ainm oifigiúil atá ar vacsaín Janssen in aghaidh COVID-19. Níl fáil ar an vacsaín seo in Éirinn faoi láthair.

Fiú má fuair tú vacsaín Janssen mar do chéad dáileog, tairgfear vacsaín mRNA duit mar theanndáileog. Vacsaíní mRNA iad Vacsaín Pfizer/BioNTech agus Vacsaín Moderna in aghaidh COVID-19.

B’fhéidir nach mbeadh roinnt daoine in ann vacsaín mRNA a fháil, nó b’fhéidir nár mhaith leo í a fháil. Má tá ailléirge orthu le gliocól poileitiléine (PEG), cuir i gcás, atá ar cheann de chomhábhair na vacsaíní mRNA. Ina leithéid de chásanna, d’fhéadfadh sé go dtairgfí vacsaín Novavax nó vacsaín Vidprevtyn Beta dóibh.

Vacsaín AstraZeneca in aghaidh COVID-19 (nach bhfuil ar fáil faoi láthair)

Is é 'Vaxzevria' an t-ainm oifigiúil atá ar vacsaín AstraZeneca in aghaidh COVID-19.

Níl fáil ar an vacsaín seo in Éirinn faoi láthair.

Más rud é go bhfuair tú vacsaín AstraZeneca roimhe seo, tairgfear teanndáileog amháin de vacsaín Moderna nó de vacsaín Pfizer/BioNTech duit.

Vacsaíní éagsúla a fháil

Seans go ndéanfar vacsaín a thairiscint duit a bheidh éagsúil leis an gceann a bhí agat i dtús báire nuair a rachaidh tú leis an dara dáileog nó leis an teanndáileog a fháil. Mar shampla, b'fhéidir go bhfaighfeá teanndáileog de vacsaín Pfizer tar éis duit vacsaín AstraZeneca a fháil nuair a fuair tú an chéad dá dháileog.

Go dtí seo, níl aon ní is údar imní tagtha chun cinn ó thaobh fo-iarmhairtí tromchúiseacha de nuair a glacadh an rogha seo. Seans go mbeidh cuid de na fo-iarmhairtí níos coitianta má fhaigheann tú vacsaín éagsúil leis an gceann a fuair tú roimhe. Pian, fiabhras, tinneas cinn agus tuirse, mar shampla. Ní mhaireann na fo-iarmhairtí sin i bhfad.

Fuarthas amach i staidéir go bhféadfadh an fhreagairt imdhíonachta tar éis vacsaíní éagsúla a fháil a bheith chomh maith agus mar a bhíonn nuair a fhaightear an vacsaín chéanna arís. I gcásanna áirithe, d'fhéadfadh sí a bheith ní b'fhearr.

Is féidir le daoine an rogha seo a dhéanamh toisc gur mhol an Coiste Comhairleach Náisiúnta um Imdhíonadh in Éirinn (NIAC) go bhféadfaí a leithéid a dhéanamh. Níl sé ceadaithe ag an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach go fóill. Faoi láthair, níl ach dhá dháileog den vacsaín chéanna le haghaidh an chéad bhabhta vacsaínithe ceadaithe ag an nGníomhaireacht.

Cineálacha vacsaíní

Is iad na cineálacha éagsúla vacsaíní in aghaidh COVID-19 a úsáidtear in Éirinn ná:

  • mRNA - Pfizer/BioNTech agus Moderna
  • veicteoir víreasach - AstraZeneca agus Janssen
  • fo-aonad próitéine - Novavax agus Vidprevtyn Beta

Tuilleadh eolais maidir leis na cineálacha éagsúla vacsaíní - mRNA, fo-aonad próitéine agus an chaoi a n-oibríonn siad

Fo-iarmhairtí agus sábháilteacht

Amhail gach cógas, is féidir le vacsaíní in aghaidh COVID-19 a bheith ina gcúis le fo-iarmhairtí. Tá an chuid is mó díobh sin éadrom nó measartha, agus ní mhaireann siad i bhfad.

Eolas maidir le fo-iarmhairtí agus sábháilteacht na vacsaíní in aghaidh COVID-19

Cosaint in aghaidh COVID-19

D'fhéadfadh aon duine a tholgann COVID-19 éirí go tromchúiseach breoite nó d'fhéadfadh cúrsaí dul in aimhréidh i gcás duine ar bith. Is é vacsaín a fháil an chaoi is fearr chun tú féin agus daoine eile a chosaint.

Is féidir leat COVID-19 a tholgadh fós tar éis duit an vacsaín a fháil. Má fhaigheann tú an vacsaín, áfach, tá seans ann nach mbeidh do chuid siomptóm chomh tromchúiseach agus a bheadh gan í a fháil.

Lean ort ag cloí leis an gcomhairle sláinte poiblí le stop a chur le scaipeadh COVID-19. Do lámha a ní i gceart agus go minic, cuir i gcás.

Tú féin a chosaint ar COVID-19


This content was fact checked by vaccine experts working in Ireland.

Athbhreithniú deireanach ar an leathanach: 30 Bealtaine 2023