Tá Bí Gníomhach oiriúnach d'fhormhór na ndaoine.
Do leibhéil ghníomhaíochta
Mura mbíonn tú gníomhach go fisiciúil ar chor ar bith nó mura mbíonn tú gníomhach go fisiciúil ach lá sa tseachtain, meastar go bhfuil tú neamhghníomhach.
Má bhíonn tú gníomhach go fisiciúil a 2 nó a 3 de laethanta na seachtaine, meastar go bhfuil tú beagán gníomhach.
B’fhéidir nach mbeadh an clár ina chuidiú duit má tá tú gníomhach go leor cheana féin leis na Treoirlínte Náisiúnta um Ghníomhaíocht Choirp a chomhlíonadh. Mar shampla, má bhíonn tú gníomhach cheana féin ar feadh 2 uair an chloig go leith sa tseachtain, agus má dhéanann tú cleachtaí nirt dhá uair sa tseachtain.
Cé dó nach bhfuil an clár seo oiriúnach?
Níl an clár seo oiriúnach duit más rud é:
- go n-úsáideann tú fráma siúil
- go n-úsáideann tú cathaoir rothaí
- nach bhfuil siúl na gcos agat
Is iontach an rud é gur mian leat a bheith níos gníomhaí. Is oth linn a rá, áfach, nach bhfuil an clár seo oiriúnach duit toisc go gcaithfidh tú a bheith in ann siúl gan chúnamh.
Téigh i dteagmháil leis an Oifigeach Rannpháirtíochta sa Spórt do Dhaoine faoi Mhíchumas i do Chomhpháirtíocht Spóirt Áitiúil más mian leat comhairle nó tacaíocht a fháil le bheith níos gníomhaí. Beidh sé nó sí in ann tú a threorú chuig gníomhaíochtaí agus deiseanna a oireann do do riachtanais.
Oifigigh Rannpháirtíochta sa Spórt do Dhaoine faoi Mhíchumas - sportireland.ie
A bheith gníomhach agus riocht sláinte ort
I gcás beagnach gach duine, is mó buntáistí ná rioscaí a bhaineann le gníomhaíocht choirp.
Is féidir le bheith gníomhach cabhrú leat go leor riochtaí a bhainistiú agus a fheabhsú. Is féidir le gníomhaíocht choirp an baol deacrachtaí a laghdú freisin.
Tuilleadh eolais faoi bheith gníomhach agus riocht sláinte ort
Bíonn imní ar roinnt daoine nach bhfuil gníomhaíocht choirp sábháilte dóibh má tá riocht sláinte orthu. I gcás fhormhór na ndaoine, is sábháilte an rud é a bheith gníomhach go héadrom nó go measartha.
Breathnaigh ar an gcomhairle más rud é go raibh aon cheann de na riochtaí sin ort le 6 mhí anuas.
Galar croí
Níor cheart go gcuirfeadh galar croí ná fadhbanna eile croí bac ort páirt a ghlacadh sa chlár seo. Ach labhair le do dhochtúir teaghlaigh má mhothaíonn tú pian, míchompord nó brú i do chliabhrach agus murab eol duit céard is cúis leis.
Stróc
Má bhuail stróc thú tráth, níor cheart go gcuirfeadh sé bac ort páirt a ghlacadh sa chlár seo. Ach labhair le do dhochtúir teaghlaigh má mhothaíonn tú pian, míchompord nó brú i do chliabhrach agus murab eol duit céard is cúis leis.
Diagnóis go bhfuil do bhrú fola ard
Níor cheart go gcuirfeadh diagnóis go bhfuil do bhrú fola ard bac ort páirt a ghlacadh sa chlár seo.
Breathnaigh ar an gcomhairle más rud é go raibh aon cheann de na comharthaí seo a leanas ort le 6 mhí anuas:
Pian, míchompord nó brú i do chliabhrach
Urgent advice: Labhair le do dhochtúir teaghlaigh más rud é:
Go mothaíonn tú pian, míchompord nó brú i do chliabhrach agus nach eol duit céard is cúis leis
Go dtagann meadhrán nó laige ort agus tú gníomhach
Níor cheart go gcuirfeadh sé sin bac ort a bheith gníomhach. Ach labhair le do dhochtúir teaghlaigh murab eol duit céard is cúis leis an meadhrán a thagann ort le linn gníomhaíocht choirp.
Giorra anála
Labhair le do dhochtúir teaghlaigh má thagann saothar anála ort agus tú ag ligean do scíthe agus murab eol duit céard is cúis leis. Ní bhaineann sé seo ach le saothar anála a thagann ort agus tú ag ligean do scíthe, ní agus tú i mbun aclaíochta.
Má tá asma, galar scamhóige toirmeascach ainsealach (COPD) nó riocht scamhóige eile ort agus mura dtagann feabhas ar do shaothar anála fiú tar éis cógas a ghlacadh, labhair le do dhochtúir teaghlaigh.
An mothú a chailleadh nó titim i laige
Labhair le do dhochtúir teaghlaigh murab eol duit cén fáth ar chaill tú an mothú nó ar thit tú i laige.
Comhtholgadh
Más rud é go raibh comhtholgadh ort le coicís anuas, b’fhéidir go mbeadh am ag teastáil uait le téarnamh. Ach labhair le do dhochtúir teaghlaigh mura bhfuil tú cinnte an bhfuil sé sábháilte dul i mbun aclaíochta.
Pian nó at in aon chuid de do chorp
Más rud é gur pian nó at nua é sin, b’fhéidir nach bhfuil ann ach go bhfuil am ag teastáil uait le téarnamh.
Is maith an rud é a bheith gníomhach do phian sna hailt.
Non-urgent advice: Labhair le do dhochtúir teaghlaigh más rud é:
- gur gortú nó pian nua é seo nach bhfuil ag feabhsú
- nach eol duit céard is cúis leis an bpian