Má tá córas lag imdhíonachta agat, d'fhéadfadh sé go mbeadh riosca ní b'airde ann go dtiocfadh breoiteacht thromchúiseach ort de dheasca COVID-19 (coróinvíreas).
D'fhéadfadh córas lag imdhíonachta (is é sin le rá go bhfuil tú imdhíon-sochta) a bheith ag duine ar go leor cúiseanna.
Ina measc siúd tá:
- cóireáil ailse
- roinnt cóireálacha le haghaidh galair uath-imdhíonachta, amhail airtríteas réamatóideach, lúpas, scléaróis iolrach agus galair athlastacha putóige
- VEID - mura bhfuil cóireáil éifeachtach á cur ort
- trasphlandú orgáin nó trasphlandú smeara a bheith agat
- galar ainsealach duán a bheith ort, scagdhealú á dhéanamh ort nó eGFR níos lú ná 30ml/nóim. a bheith agat
Vacsaíniú in aghaidh COVID-19 do dhaoine a bhfuil córas lag imdhíonachta acu
Non-urgent advice: Déan teagmháil le do dhochtúir teaghlaigh nó le do dhochtúir ar bhonn práinne
má tá córas lag imdhíonachta agat, agus:
- má tá siomptóim COVID-19 ort, nó
- má fhaigheann tú toradh deimhneach ar thástáil le haghaidh COVID-19
Seans go molfar cógas duit le COVID-19 a chóireáil.
Cóireálacha imdhíon-sochtacha agus stéaróidigh
Ní heol go mbíonn méadú ar an riosca go dtiocfaidh COVID-19 ort má thógann tú cóireálacha imdhíon-sochtacha.
Ná déan do chógas a stopadh ná a athrú ach amháin má chuireann do dhochtúir comhairle ort é sin a dhéanamh. Má stopann tú do chógas gan comhairle a fháil ó do dhochtúir, d'fhéadfadh sé go mbeadh seans ní ba mhó ann go mbeadh ráig de do riocht ort le linn na tréimhse sin.
Is samplaí iad seo a leanas de chógais imdhíon-sochtacha:
- stéaróidigh
- oibreáin bhithchógaisíochta
- meititreacsáit
- asaitiaiprín
Stéaróidigh
Má thógann tú táibléid stéaróidigh gach lá, ba chóir duit a bheith thar a bheith cúramach ionfhabhtú a sheachaint. Tá preidneasólón (Deltacortril) ina tháibléad stéaróidigh.
I gcás na stéaróideach, bíonn sé tábhachtach i gcónaí cloí leis an dáileog is ísle atá riachtanach chun an riocht atá ort a smachtú.
Má bhíonn ceisteanna agat maidir leis an dáileog a bhíonn á tógáil agat, ba cheart duit iad a chur ar do dhochtúir. Lean ort ag tógáil do chuid stéaróideach ach amháin má insíonn do dhochtúir duit gan iad a thógáil. Má stopann tú ag tógáil stéaróideach go tobann, d'fhéadfá a bheith an-tinn.
Má éiríonn tú tinn mar gheall ar COVID-19 nó ionfhabhtú eile, lean ort ag tógáil do chuid stéaróideach. Ná cuir tús le stéaróidigh a thógáil ach amháin má insíonn do dhochtúir duit iad a thógáil.
Ní cúis leis an sochtadh imdhíonachta de ghnáth iad stéaróidigh eile, amhail análóirí. Lean ort ag tógáil na gcógas seo mar a thógfá de ghnáth.
Cóireálacha imdhíon-sochtacha (nach stéaróidigh iad)
Níl aon fhianaise ann faoi láthair go bhfuil riosca níos airde ann go mbeidh galar tromchúiseach ort de dheasca COVID-19 i gcás mórchuid na gcóireálacha imdhíon-sochtacha eile.
Áirítear ina measc siúd oibreáin bithchógaisíochta, meititreacsáit agus asaitiaiprín.
Má bhíonn aon cheisteanna agat maidir le cógais atá á dtógáil agat, labhair le do dhochtúir teaghlaigh, le do chógaiseoir nó leis an bhfoireann néareolaíochta atá agat.
Mar sin féin, féadfaidh ionfhabhtuithe eile a bheith ina gcúis le breoiteacht thromchúiseach i gcás daoine atá ag tógáil cóireáil imdhíon-sochtach. Ba chóir duit a bheith cúramach agus cloí leis an gcomhairle chun tú féin a chosaint ar COVID-19.
Freastail ar aon chóireáil nó tástálacha fola mar atá beartaithe agat ach amháin má deirtear a mhalairt leat.
Má fhaigheann tú toradh deimhneach ar thástáil le haghaidh COVID-19
Má thagann COVID-19 ort, fiafraigh de do dhochtúir teaghlaigh nó de do lia comhairleach an molfadh sé aon athruithe ar do chóireáil. Déan é sin sula dtógann tú do chéad dáileog eile de na cóireálacha.
Fanacht slán sábháilte má tá riosca níos airde ann duit
I measc na rudaí is féidir leat a dhéanamh le do shláinte a chosaint tá:
Ina measc tá:
- coinneáil gníomhach agus aire a thabhairt do do shláinte ghinearálta - má dhéanann tú amhlaidh, beidh seans níos fearr agat teacht chugat féin arís má tholgann tú COVID-19
- iarracht a dhéanamh spásanna plódaithe taobh istigh a sheachaint, nuair is féidir
- masc aghaidhe a chaitheamh, dá mba mhaith leat
- do lámha a ní i gceart agus go minic
- seasamh siar ó dhaoine atá ag casacht nó ag sraothartach
Sa bhaile, ba cheart do na daoine go léir a bhfuil cónaí orthu leat coinneáil suas chun dáta leis na vacsaíní in aghaidh COVID-19.
Seiceáil go bhfuil an tsláinte go maith ag aon duine a thagann ar cuairt. Iarr orthu a lámha a ní.
Lean ort ag úsáid na seirbhísí cúraim sláinte atá uait. Má tá coinne agat le do dhochtúir teaghlaigh nó in ospidéal nó clinic, tá sé tábhachtach go bhfreastalófá ar an gcoinne sin.