Seo í an tseachtain dheireanach de Bí Gníomhach! Rachaidh tú ag siúl ar luas measartha go ceann 2 uair agus 30 nóiméad an tseachtain seo. Anois tá tú ag comhlíonadh na leibhéal gníomhaíochta aeróbaí a leagtar síos sna Treoirlínte Náisiúnta um Ghníomhaíocht Choirp.
Bí ag siúl go ceann 30 nóiméad ar luas measartha. Is éard is luas measartha ann ná luas ar ar féidir leat siúl agus labhairt ach nach féidir leat siúl agus canadh. Mothaíonn tú níos teo agus tú ag siúl ar an luas seo.