I do phacáiste Bí Gníomhach, gheobhaidh tú 3 bhanda friotaíochta:
- dearg le haghaidh friotaíocht íseal
- glas le haghaidh friotaíocht mheánach
- gorm le haghaidh friotaíocht láidir
Úsáidtear na bandaí sin sna babhtaí aclaíochta neartaithe.
Tosaíonn gach duine amach leis an mbanda dearg.
I seachtain 1, féach cén chaoi a bhfuil do mhatáin ag deireadh an tseisiúin. Tá tú ag iarraidh go mbraithfeadh do mhatáin tuirseach ach ba chóir go mbeifeá in ann an cleachtadh a chríochnú mar sin féin.
Lean ort ag úsáid an bhanda dheirg go dtí nach mbeidh do mhatáin chomh tuirseach céanna ag deireadh an tseisiúin. Ansin beidh sé in am bogadh ar aghaidh go dtí an banda glas.
Nuair a bhraithfidh an banda glas níos éasca, is féidir leat bogadh ar aghaidh go dtí an banda gorm. Tógfaidh sé sin cúpla seachtain. B’fhéidir nach n-úsáidfidh daoine áirithe an banda gorm ar chor ar bith. Fútsa féin atá sé.
Má bhíonn an banda dearg éasca duit i seachtain 1, is féidir leat an banda a ghiorrú le hé a dhéanamh níos deacra. Coinnigh do lámha níos gaire dá chéile nó cuir an banda timpeall do lámh chun an fhriotaíocht a mhéadú. Ar an gcaoi sin, beidh ar do mhatáin níos mó oibre a dhéanamh.
Gheobhaidh tú áiritheoir céimeanna i do phacáiste chomh maith. Cabhróidh sé sin leat cuntas a choinneáil ar do chuid gluaiseachta ar an iomlán ionas go mbeidh tú in ann do dhul chun cinn a fheiceáil agus tú féin a choinneáil spreagtha i rith an chláir. Cuimhnigh, ní hé líon na gcéimeanna a ghlacann tú ar shiúlóidí an t-aon rud atá tábhachtach.