Is éacht ollmhór é do sprioc a bhaint amach nó clár a chríochnú. Ach is é an rud is tábhachtaí ar mhaithe le do shláinte agus folláine fhadtéarmach ná fanacht gníomhach.
Tar éis duit do sprioc a bhaint amach, leag síos dúshláin nua le tú féin a choinneáil spreagtha.
Is féidir leat athbhreithniú a dhéanamh ar do spriocanna aclaíochta agus:
- do chleachtaí a dhéanamh níos déine
- triail a bhaint as gníomhaíocht nua
- díriú ar do leibhéal reatha aclaíochta a choinneáil
Le rudaí a choinneáil suimiúil, athraigh do ghnáthamh. Beidh sé sin ina chuidiú agat leadrán a choinneáil ó dhoras agus tú féin a choinneáil spreagtha.
Cuimhnigh, is tábhachtaí a bheith comhsheasmhach. Mar sin, déan aclaíocht ina cuid rialta de do shaol, is cuma cé acu cúpla uair sa tseachtain atá i gceist nó seisiún gach lá.
Bealaí chun tú féin a choinneáil spreagtha:
- comrádaí aclaíochta a bheith agat
- súil a choinneáil ar do dhul chun cinn
- spriocanna beaga, inbhainte amach a leagan síos
Is tábhachtaí breathnú ar an ngníomhaíocht choirp mar nós a mhairfidh ar feadh an tsaoil.
Déan ceiliúradh ar a bhfuil bainte amach agat agus coinnigh ort ag déanamh dul chun cinn!