Bíonn sé deacair uaireanta fanacht gníomhach agus cloí le do spriocanna, go háirithe nuair a bhíonn drochlá agat.
Is gnách go mbíonn dúshláin le sárú, cibé acu easpa ama, fuinneamh íseal, nó rudaí gan choinne amhail tinneas.
Is é an rud is tábhachtaí ná gan ligean do na drochlaethanta tú a chur in ísle brí. Má chailleann tú babhta aclaíochta nó mura bhfuil fonn ort a bheith gníomhach, ná bí ródhian ort féin. Cuir an lá sin díot agus dírigh ar an gcéad lá eile.
Má tá tú in ísle brí nó faoi strus, beidh sé ina chuidiú agat a bheith gníomhach ar bhealach ar bith.
Cuimhnigh, má choinníonn tú leis, déanfaidh tú dul chun cinn. Ní gá duit a bheith foirfe.
Déan ceiliúradh ar gach uile sprioc bheag a bhaineann tú amach, agus meabhraigh duit féin cén fáth ar leag tú síos na spriocanna sin ar an gcéad dul síos.
Bíonn deis nua le tapú gach uile lá le bheith gníomhach. Agus cuimhnigh - is beag an ghluaiseacht nach cuidiú í!