Skip to main content

Warning notification:Warning

Unfortunately, you are using an outdated browser. Please, upgrade your browser to improve your experience with HSE. The list of supported browsers:

  1. Chrome
  2. Edge
  3. FireFox
  4. Opera
  5. Safari

A bheith gníomhach le daoine eile

Más féidir leat brath ar dhuine eile a bheith gníomhach in éineacht leat, beidh sé níos éasca fanacht gníomhach agus do spriocanna a bhaint amach.

Nuair a dhéanann tú aclaíocht le daoine eile, is mó an seans go gcloífidh tú le do ghnáthamh agus go mbrúfaidh tú thú féin níos faide.

Cibé acu gaol nó cara leat atá i gceist, má bhíonn duine éigin le do thaobh, bainfidh tú níos mó taitnimh as bheith gníomhach agus beidh sé níos éasca coinneáil leis dá bharr sin. Is féidir le do mhadra a bheith ina chomrádaí aclaíochta iontach fiú.

Is féidir le gaolta agus cairde leat spreagadh a thabhairt duit, tú a choinneáil freagrach, agus ceiliúradh a dhéanamh nuair a éiríonn leat. Cuireann sé gné shóisialta le do bhabhtaí aclaíochta freisin, rud a fhágann nach mbraithfidh siad chomh deacair céanna.

Is féidir leis an tacaíocht agus an chomhluadar a fhaigheann tú ó dhaoine eile:

  • do ghiúmar a fheabhsú
  • strus a laghdú
  • cabhrú leat cloí le do spriocanna

Agus cuimhnigh - Is beag an ghluaiseacht nach cuidiú í!