I measc na siomptóm is coitianta a bhaineann le COVID-19 (coróinvíreas), tá:
- fiabhras (teocht ard - 38 céim Celsius nó os a chionn) - lena n-áirítear crithfhuacht
- casacht thirim
- tuirse
Is féidir le siomptóim COVID-19 a bheith cosúil le siomptóim shlaghdáin, fliú nó fiabhrais léana.
Siomptóim nach bhfuil chomh coitianta sin
I measc na siomptóm nach bhfuil chomh coitianta sin, tá:
- caillteanas nó athrú bolaidh nó blaiste – ciallaíonn sé seo nach féidir leat aon rud a bholadh ná a bhlaiseadh, nó go bhfuil boladh nó blas difriúil air
- plúchadh sróine (srón ag sileadh nó srón phlúchta)
- toinníteas(a dtugtar 'súile dearga/liathdhearga' air freisin)
- scornach thinn
- tinneas cinn
- pian sna matáin nó sna hailt (tinneas agus pianta)
- cineálacha éagsúla grís craicinn
- samhnas nó urlacan
- buinneach
- crithfhuacht nó meadhrán
Siomptóim thromchúiseacha
I measc na siomptóm a bhíonn ann i gcásanna troma de COVID-19, tá:
- giorra anála nó deacrachtaí análaithe
- easpa goile
- mearbhall
- pian nó brú sa chliabhrach
- fiabhras (teocht ard - 38 céim Celsius nó os a chionn)
B'fhéidir nach mbeadh na siomptóim go léir ort nó b'fhéidir go mbeidís éadrom.
Má tá siomptóim COVID-19 ort
Má tá aon siomptóim COVID-19 ort agus má tá tú ag aireachtáil tinn, ba cheart duit:
- fanacht sa bhaile go dtí go mbeidh na siomptóim nach mór imithe nó imithe go hiomlán le 48 uair an chloig
- fanacht glan ar dhaoine eile a oiread agus is féidir, go háirithe na daoine siúd is mó atá i mbaol ó COVID-19
Tá comhairle ar leith ann maidir le leanaí faoi bhun 18 mbliana d’aois
Is iondúil nach gá tástáil le haghaidh COVID-19 a dhéanamh. Ach má roghnaíonn tú ceann a dhéanamh agus má fhaigheann tú toradh deimhneach, tá comhairle ar leith ann nach mór duit a leanúint.
Non-urgent advice: Cuir glao ar do dhochtúir teaghlaigh más rud é:
- go bhfuil siomptóim COVID-19 ort agus tú ag aireachtáil go dona tinn
- go bhfuil riocht ort cheana féin a fhágann go bhfuil riosca níos airde ann duit ó thaobh dianghalair de
Ná téigh chuig do dhochtúir teaghlaigh ná chuig an gcógaslann.
Emergency action required: Cuir glao ar 112 nó 999:
- má tá an-ghiorra anála ort agus mura féidir leat abairt a rá
Cathain ba cheart cúnamh leighis nó cóireáil ospidéil a fháil le haghaidh COVID-19?