Warning notification:Warning

Unfortunately, you are using an outdated browser. Please, upgrade your browser to improve your experience with HSE. The list of supported browsers:

  1. Chrome
  2. Edge
  3. FireFox
  4. Opera
  5. Safari

Más dlúth-theagmhálaí COVID-19 thú

Má cheapann tú go raibh tú i ndlúth-theagmháil le duine a bhfuil COVID-19 air nó uirthi, ní gá duit rud ar bith a dhéanamh.

Ba cheart duit:

  • súil a choinneáil amach do shiomptóim COVID-19 - uaireanta tógann sé suas le 14 lá tar éis d'ionfhabhtaithe sula bhfeictear siomptóim
  • a bheith níos cúramaí cloí leis an gcomhairle maidir le daoine eile a chosaint ar COVID-19, ar eagla go bhfuil an víreas ort

Siomptóim COVID-19 agus céard ba cheart a dhéanamh

Tástáil le haghaidh COVID-19

Ní gá duit tástáil le haghaidh COVID-19 a dhéanamh ach amháin má iarrann gairmí cúraim sláinte ort déanamh amhlaidh.

Má roghnaíonn tú tástáil a dhéanamh agus má fhaigheann tú toradh deimhneach, ba cheart duit fanacht sa bhaile go ceann 5 lá ar a laghad fiú mura bhfuil siomptóim ort.

Má tá COVID-19 ort

Daoine a bhfuil riosca níos airde ann dóibh

Má tá tú i measc na ndaoine is mó atá i mbaol breoiteacht thromchúiseach ó COVID-19, ba cheart duit a bheith ag faire amach go han-chúramach do shiomptóim. Má tá córas lag imdhíonachta agat nó má tá riocht sláinte ort cheana féin, cuir i gcás.

Non-urgent advice: Cuir glao ar dhochtúir teaghlaigh más rud é

Slaintecare logo
This project has received funding from the Government of Ireland’s Sláintecare Integration Fund 2019 under Grant Agreement Number 123.

Athbhreithniú deireanach ar an leathanach: 18 Aibreán 2023