Skip to main content

Warning notification:Warning

Unfortunately, you are using an outdated browser. Please, upgrade your browser to improve your experience with HSE. The list of supported browsers:

  1. Chrome
  2. Edge
  3. FireFox
  4. Opera
  5. Safari

Aire a thabhairt duit féin agus tú ag féinleithlisiú

Seas suas agus bí ag bogadh thart a oiread agus is féidir. Má tá gairdín, cúlchlós nó balcóin agat, téigh amach agus faigh bolgam aer úr.

Fan amach ó na daoine eile atá ina gcónaí leat. Más gá duit a bheith sa seomra céanna le duine eile, fan 2 mhéadar amach uaidh agus caith masc leighis nó masc análaitheora.

Ól neart uisce agus fan amach ó alcól mura bhfuil tú ag aireachtáil go maith.

Tuilleadh eolais ar an gcaoi a dtéann alcól i bhfeidhm ar an tsláinte agus ar an bhfolláine

Cabhair chun éirí as tobac a chaitheamh

Aimsigh cleachtaí aclaíochta is féidir a dhéanamh taobh istigh

Faigh tacaíocht

Coinnigh i dteagmháil le daoine ar an bhfón. Iarr ar dhuine muinteartha, cara nó comharsa glao a chur ort cúpla uair sa lá lena sheiceáil go bhfuil tú fós istigh leat féin. Inis dó nó di cén chaoi a bhfuil tú ag aireachtáil.

Is féidir le daoine scothaosta glaoch ar an gcarthanas ALONE ar 0818 222 024 idir 8 r.n. agus 8 i.n. ó Luan go hAoine.

D'fhéadfadh an féinleithlisiú a bheith leadránach, agus d'fhéadfadh sé thú a chur soir nó d'fhéadfadh sé cur isteach ar do ghiúmar agus ar do mhothúcháin. B'fhéidir go mbeifeá in ísle brí, go mbeadh imní ort, nó go mbeadh deacrachtaí agat dul a chodladh.

Comhairle faoi aire a thabhairt do do mheabhairshláinte in aimsir phaindéim COVID-19

Tuilleadh eolais ar theacht chugat féin ó COVID-19

Nuashonrú deireanach: 1 Márta 2022 ag 2.30 i.n.