Skip to main content

Warning notification:Warning

Unfortunately, you are using an outdated browser. Please, upgrade your browser to improve your experience with HSE. The list of supported browsers:

  1. Chrome
  2. Edge
  3. FireFox
  4. Opera
  5. Safari

Maisc aghaidhe: na cineálacha éagsúla agus an chaoi le ceann a chaitheamh

Is é is masc aghaidhe ann éadach a chaitheann tú le do shrón agus do bhéal a chlúdach. Tugtar cumhdach nó clúdach aghaidhe air uaireanta.

Nuair a chaitear i gceart é, déanann gach cineál maisc aghaidhe a chion féin le scaipeadh COVID-19 agus ionfhabhtuithe aeriompartha eile a laghdú. Mura gclúdaíonn tú do shrón agus do bhéal go hiomlán leis an masc, ní chosnóidh sé thú féin ná aon duine eile.

Cé na daoine ar cheart dóibh masc aghaidhe a chaitheamh?

Duine ar bith ar mian leis masc aghaidhe a chaitheamh le hé féin agus daoine eile a chosaint, ba cheart dó déanamh amhlaidh.

D’fhéadfadh sé go n-iarrfaí ort masc aghaidhe a chaitheamh i roinnt suíomhanna sláinte agus cúraim. Inseoidh an fhoireann cúraim sláinte duit más rud é gur gá duit ceann a chaitheamh.

Má tá siomptóim COVID-19, slaghdáin nó fliú ort, b’fhéidir nach mbeadh sé sábháilte dul go suíomh sláinte nó cúraim. Déan teagmháil leo roimh ré le comhairle a fháil.

Cineálacha maisc aghaidhe

Tá cineálacha éagsúla maisc aghaidhe ar fáil. Ach iad a úsáid i gceart, tugann maisc leighis agus maisc análaitheora cosaint níos fearr ar COVID-19 ná maisc éadaigh i suíomhanna ardriosca. Is féidir iad a cheannach i siopaí agus i gcógaslanna.

Maisc leighis

3 shraith ábhair éadroim, atá cosúil le páipéar, atá i maisc leighis. Dath bán a bhíonn ar an taobh istigh, agus dath gorm a bhíonn ar an taobh amuigh díobh go hiondúil. Tugtar maisc mháinliachta nó maisc ghnáthaimh orthu uaireanta.

Masc leighis gorm a bhfuil lúba cluaise air
3 shraith a bhíonn i masc leighis de ghnáth, agus bíonn dath bán ar an taobh istigh agus dath gorm ar an taobh amuigh de.

Conas a fheidhmíonn maisc leighis?

Scagann maisc leighis an t-aer a théann tríd an masc, ach is féidir leat roinnt aer neamhscagtha a análú timpeall ar na himill. Tá banda ar an imeall uachtair chun an masc a fheistiú go dlúth ar do shrón.

Ná caith maisc leighis ach aon uair amháin

Níor cheart masc leighis a chaitheamh ach aon uair amháin. Is féidir leat an masc céanna a úsáid ar feadh roinnt uaireanta an chloig má tá sé glan agus tirim agus mura mbaintear é. Níor cheart an masc a ísliú faoin tsrón ná faoin smig chun labhairt le duine ná ar aon chúis eile.

Cuir an masc leighis sa bhosca bruscair tar éis é a bhaint díot. Níor cheart maisc leighis a athúsáid ná a ní. Ní bheidh maisc leighis chomh héifeachtach céanna má bhaineann tú úsáid astu níos mó ná aon uair amháin.

Maisc análaitheora

4 shraith ábhair éadroim, atá cosúil le páipéar, atá i maisc análaitheora go hiondúil. Dath bán a bhíonn ar an taobh istigh, agus dath bán a bhíonn ar an taobh amuigh díobh go hiondúil.

Is cineálacha maisc análaitheora iad FFP2, FFP3, N95 agus KN95. Tá siad go léir an-chosúil le chéile. Ná húsáid maisc análaitheora a bhfuil comhla iontu.

Ní maith a fheidhmíonn maisc análaitheora ar dhaoine a bhfuil go leor clúmh aghaidhe orthu. B'fhéidir nach bhfeidhmeoidís chomh maith céanna ar leanaí mar bíonn a n-aghaidh níos lú.

Masc FFP2 a bhfuil 2 bhanda air
Ach é a chaitheamh i gceart, is fearr an chosaint a thugann masc análaitheora duit ar aerasóil a análú ná masc leighis.

Conas a fheidhmíonn maisc análaitheora?

Ach an masc análaitheora a fheistiú i gceart ar d'aghaidh, bíonn ar an aer go léir a bhíonn a análú agat dul tríd an masc. Ciallaíonn sé sin go scagtar an t-aer a bhíonn á análú isteach is amach agat.

Bíonn 2 bhanda ar mhaisc análaitheora mhaithe a théann timpeall ar do cheann chun imill an maisc a tharraingt timpeall ar d'aghaidh. Cuireann sé sin cosc ar sceití aeir timpeall na n-imeall. Tá banda ar an imeall uachtair chun an masc a fheistiú go dlúth ar do shrón. Ba cheart go mbogfadh masc análaitheora isteach agus amach agus tú ag análú. Níor cheart go mothófá aon aer ag sceitheadh faoi imeall an mhaisc agus tú ag análú amach.

Ná caith maisc análaitheora ach aon uair amháin

Níor cheart masc análaitheora a chaitheamh ach aon uair amháin. Is féidir leat an masc céanna a úsáid ar feadh roinnt uaireanta an chloig má tá sé glan agus tirim agus mura mbaintear é. Níor cheart an masc a ísliú faoin tsrón ná faoin smig chun labhairt le duine ná ar aon chúis eile.

Cuir an masc análaitheora sa bhosca bruscair tar éis é a bhaint díot. Níor cheart maisc análaitheora a athúsáid ná a ní. Ní bheidh maisc análaitheora chomh héifeachtach céanna le himeacht ama má bhaineann tú úsáid astu níos mó ná aon uair amháin. Má tá masc análaitheora scaoilte ar d'aghaidh, ní fheidhmeoidh sé go héifeachtach mar mhasc análaitheora.

Maisc éadaigh

Masc cadáis nó síoda is ea masc aghaidhe éadaigh go hiondúil. Ba cheart 2 shraith nó níos mó d'éadach in-nite a scaoileann an t-aer tríd a bheith ann. I dteannta maisc leighis, tá siad ar na maisc is coitianta a bhíonn á gcaitheamh ag daoine.

Ní fheidhmíonn maisc éadaigh chomh maith céanna le maisc leighis agus análaitheora. Is féidir masc éadaigh a úsáid mura bhfuil masc leighis ná masc análaitheora agat.

Cén chaoi masc aghaidhe éadaigh a roghnú?

Agus masc aghaidhe á roghnú, déan cinnte:

  • go bhfuil sé deas teann ar thaobh d'aghaidhe agus nach bhfuil aon bhearna ann
  • go gclúdaíonn sé do bhéal agus do shrón ar fad
  • go bhfuil 2 shraith nó níos mó ann d'éadach in-nite a scaoileann an t-aer tríd – más masc éadaigh atá ann

Seachain maisc:

  • atá déanta d'ábhar a fhágann gur deacair análú i gceart
  • a bhfuil comhlaí nó scoilteacha ann – úsáidtear iad sin chun tú a chosaint ar dheannach agus ní chosnaíonn siad ar COVID-19 thú
Daoine nár cheart dóibh masc aghaidhe a chaitheamh

Ní mholtar do na daoine seo a leanas maisc aghaidhe a chaitheamh:

  • daoine a mbíonn deacrachtaí anála acu a bhíonn níos measa le masc aghaidhe
  • daoine atá gan aithne gan urlabhra nó ar éagumas
  • daoine nach féidir leo an masc a bhaint gan cabhair ó dhuine eile
  • daoine a bhfuil riachtanais speisialta acu agus a d'fhéadfadh a bheith trína chéile nó míchompordach agus masc á chaitheamh acu
  • daoine ar gá dóibh cumarsáid a dhéanamh le duine a bhfuil deacrachtaí foghlama nó éisteachta aige, nó atá bodhar

Cén chaoi masc aghaidhe a chaitheamh?

Rudaí ba cheart duit a dhéanamh

  • glan do lámha i gceart agus masc aghaidhe á chur ort agus á bhaint díot
  • clúdaigh do bhéal agus do shrón agus déan cinnte nach bhfuil aon bhearna idir d'aghaidh agus an masc
  • bain díot an masc ón gcúl – ná leag lámh ar thosach an mhaisc
  • cuir maisc aghaidhe agus análaitheora i mbosca bruscair nuair a bhaineann tú díot iad
  • iompair maisc aghaidhe nár úsáid tú fós i mála glan is féidir a dhúnadh amhail mála reoiteora zipghlasála, mála páipéir nó mála éadaigh
  • bíodh an dara mála agat chun maisc éadaigh a d'úsáid tú a chur ann

Rudaí nár cheart duit a dhéanamh

  • ná leag lámh ar an masc aghaidhe agus tú á chaitheamh – glan do lámha i gceart má leagann tú do lámha air
  • ná húsáid masc aghaidhe atá fliuch nó salach
  • ná comhroinn maisc aghaidhe
  • ná hísligh do mhasc aghaidhe chun labhairt, ithe, nó tobac nó galtoitín a chaitheamh
  • ná caith uait maisc aghaidhe in áiteanna poiblí – d'fhéadfá daoine eile a ionfhabhtú
  • ná cuir maisc aonúsáide i mbosca bruscair athchúrsála – ní féidir iad a athchúrsáil
Cén chaoi masc aghaidhe a chaitheamh? Clúdaigh do shrón agus do bhéal.
Cén chaoi masc aghaidhe a chaitheamh i gceart?
Cén chaoi deireadh a chur le gal ar do spéaclaí?

Má bhíonn spéaclaí agus masc aghaidhe á gcaitheamh agat, b'fhéidir go dtiocfadh gal ar do spéaclaí.

Ní thagann an méid céanna gaile ar do spéaclaí má ghlanann tú iad. Is féidir ceirtíní speisialta a fháil chun spéaclaí a ghlanadh le nach dtiocfaidh gal orthu.

Ní thiocfaidh gal ar do spéaclaí ach an oiread ach masc a oireann go maith duit a chaitheamh. Ba cheart go mbeadh sé teann go leor le nach mbeadh aon bhearna timpeall ar bharr do shróine.

Cuir do spéaclaí ar bharr shéala an mhaisc ionas nach dtiocfaidh an anáil chomh fada le do spéaclaí. Mura féidir é sin a dhéanamh, bain triail as píosa beag de théip mháinliachta a úsáid chun an masc a ghreamú le d'aghaidh ag an mbearna faoi na spéaclaí.

Maisc aghaidhe éadaigh a stóráil agus a ní

Stóráil do mhasc aghaidhe i mála tirim tréscaoilteach sa bhaile chun é a choinneáil glan nuair nach bhfuil sé in úsáid. Mála páipéir nó éadaigh, mar shampla.

Nigh do mhasc aghaidhe éadaigh nuair a bhíonn sé salach, nó gach lá ar a laghad.

Cathain ba cheart masc éadaigh a chaitheamh amach?

Caith amach masc aghaidhe in-athúsáidte sna cásanna seo a leanas:

  • ní chlúdaíonn sé an tsrón agus an béal níos mó
  • tá na ceangail nó na strapaí scaoilte, nó tá damáiste déanta dóibh
  • ní fhanann sé ar d'aghaidh mar is ceart
  • tá poill san éadach nó tá sé stróicthe
Slaintecare logo
This project has received funding from the Government of Ireland’s Sláintecare Integration Fund 2019 under Grant Agreement Number 123.

Athbhreithniú deireanach ar an leathanach: 29 Márta 2023